English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Aitheantais Inscne



Céard é Teastas um Inscne a Aithint

Forálann an tAcht um Inscne a Aithint, 2015 gur féidir le duine iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint ionas go mbeidh aitheantas á thabhairt ag an Stát don inscne is fearr le duine.

Nuair a eisítear Teastas um Inscne a Aithint, glactar le hinscne an duine atá ainmnithe ar an teastas mar an inscne is fearr le duine ón dáta sin ar aghaidh.

Dá réir sin, más é an inscne fhireann an inscne is fearr le duine glactar leis go bhfuil inscne an duine sin firinn, más é an inscne bhaineann an inscne is fearr le duine glactar leis go bhfuil inscne an duine sin baineann.

Níl éifeacht dhlíthiúil an aitheantais cúlghabhálach. Níl aon tionchar aige ar chearta, freagrachtaí agus iarmhairtí gníomhaíochtaí a rinne tú roimh an dáta ar tugadh aitheantas don inscne is fearr leat.


Conas cáiliú

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint má tá tú 18 mbliana d’aois ar a laghad agus:

  • cláraithe sa chlár breitheanna
  • cláraithe i gclár na leanaí uchtaithe
  • cláraithe i gclár na n-uchtuithe idirchontae
  • taifeadta sa leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche

Chomh maith leis sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh má rugadh thú lasmuigh den Stát ach má tá gnáthchónaí ort sa Stát. Ní mór fianaise maidir le do bhreith a chur ar fáil.

Leanaí

Is féidir iarratas a dhéanamh thar ceann linbh atá 16 bhliain d’aois nó níos sine má fhaightear ordú cúirte a dhíolmhaíonn an leanbh ón riachtanas aoise a chomhlíonadh.

Aithint Inscne Coigríche

Má tá d’inscne athraithe faoi dhlí stáit eile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Theastas um Inscne a Aithint.

Beidh ort cóip den chinneadh, ordú nó teastas ábhartha a chur ar fáil.


Déan iarratas

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm iarratais GRC1 ag bun an leathanaigh seo.

Áirítear san fhoirm seo Dearbhú Reachtúil nach mór a bheith fianaithe ag ceann amháin de na daoine seo a leanas:

  • Feidhmeannach Síochána
  • Nótaire Poiblí
  • Coimisinéir Mionnaí
  • Aturnae

Ceangail na doiciméid seo a leanas le d’iarratas:

  • teastas breithe nó teastas uchtála
  • fianaise ar chónaitheacht in Éirinn, mura rugadh in Éirinn thú
  • má rinneadh an inscne is fearr leat a aithint i ndlínse eile agus más mian leat an t-aitheantas sin a bhailíochtú anseo, cóip den chinneadh, ordú nó teastas ábhartha

Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus na doiciméid thacaíochta chuig:

Client Identity Services

Seoladh:
Client Identity Services, Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim, N41 KD81
Suíomh Gréasáin:
Teileafón:
0818 927999;
071 9672616

Má eisítear Teastas um Inscne a Aithint chugat, nuashonrófar d’inscne (agus ainm - má athraítear é) ar an taifead a bhaineann le Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) ar bhunachar sonraí taifead lárnach na Roinne.

Más mian leat Teastas um Inscne a Aithint a leasú úsáid foirm GRC2 (thíos) nó más mian leat Teastas um Inscne a Aithint reatha a Chúlghairm, úsáid foirm GRC3 (thíos).

Déan iarratas ar Theastas Breithe leasaithe

Má tá tú cláraithe sa chlár breitheanna, clár na leanaí uchtaithe, clár na n-uchtuithe idirchontae nó sa chlár breitheanna coigríche, nuair a fhaigheann tú do Theastas um Inscne a Aithint, is féidir leat iarratas a sheoladh chuig an údarás cuí chun do shonraí a bhaineann le d’inscne a iontráil sa chlár um inscne a aithint cuí.

Ba cheart iarratas a sheoladh chuig:

  • an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) atá iontráilte sa chlár um inscne a aithint má tá tú cláraithe sa chlár breitheanna nó i gclár na leanaí uchtaithe. Tá do shonraí seolta chuig an Ard-Chláraitheoir cheana féin. Ní gá táille a íoc agus is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Iarratas ar iontráil sa Chlár um Inscne a Aithint
  • Údarás Uchtála na hÉireann le hiontráil i gclár um inscne a aithint na n-uchtuithe idirchontae má tá tú cláraithe i gclár na n-uchtuithe idirchontae. Tá do chuid sonraí seolta chuig an tÚdarás Uchtála cheana féin
  • an Roinn Gnóthaí Eachtracha le hiontráil i gclár um inscne a aithint na mbreitheanna coigríche má tá tú taifeadta i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche nó i gclár na mbreitheanna coigríche

Teastas breithe

Is féidir cóip dheimhnithe d’iontráil i gceann amháin de na cláir um inscne a aithint thuasluaite a úsáid más gá duit teastas breithe a chur ar fáil.

Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chóip de d’iontráil sa chlár:

  • tú féin
  • do chéile nó páirtí sibhialta marthanach
  • do leanbh mura bhfuil céile nó páirtí sibhialta marthanach ann
  • do thuismitheoir mura bhfuil aon chéile, páirtí sibhialta nó leanbh marthanach ann
  • do dheartháir nó deirfiúr mura bhfuil aon chéile, páirtí sibhialta, leanbh nó tuismitheoir marthanach ann

Is féidir leat iarratas a chur faoi bhráid GRO do chóip dheimhnithe de d’iontráil sa chlár um inscne a aithint trí úsáid a bhaint as an Iarratas ar Theastas iontrála sa Chlár um Inscne a Aithint..

Cosnaíonn cóip dheimhnithe d’iontráil €20.

Foirm iarratais ar Dheimhniú Aitheantais Inscne (GRC1 ga)
This is the application form for a Gender Recognition Certificate.
Amharc amharc
Application form to amend a Gender Recognition Certificate (GRC2)
Amharc amharc
Application form to revoke a Gender Recognition Certificate (GRC3)
Amharc amharc

Aiseolas