English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas Ar-líne JobsPlus d'Fhostóirí

Dreasacht é JobsPlus a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí ar siúl a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.

Tá comhchistiú á sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach do JobsPlus do rannpháirtithe faoi 30 bliain d’aois. Tá scéim JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.

Tá deontais idir €7,500 agus €10,000 ar fáil.


Iarratas ar Líne d’Fhostóirí

Más fostóir thú agus más mian leat clárú do JobsPlus, líon an Fhoirm Iarratais ar líne, le do thoil.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá d’fhostóirí a ceadaíodh do scéim JobsPlus roimhe seo clárú arís.


Iarratas ar Líne d’Fhostaithe

Más Cuardaitheoir Poist thú agus más mian leat do cháilitheacht a sheiceáil do JobsPlus, líon an fhoirm iarratais ar líne, le do thoil.

Tá eolas breise ar fáil ó d’Ionad Intreo áitiúil nó trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid.

JobsPlus

Seoladh:
Employment Programmes and Incentives Division, Government Buildings, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim, N41 KD81
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

jobsplusinfo@welfare.ie

Teileafón:
0818 927999;
071 9672616

Tá JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.