English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise



Céard is Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise ann

Is íocaíocht í Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise atá ar fáil duit má tá costais riachtanacha agat nach féidir leat a íoc as d’ioncam seachtainiúil nó as acmhainní pearsanta agus tí eile.

Féadfaidh tú an íocaíocht seo a fháil fiú mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Féadfaidh sí a bheith ar fáil duit freisin má tá tú ag obair agus má tá ioncam íseal agat beag beann ar an méid uaireanta an chloig a oibríonn tú.

Is féidir linn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise a sholáthar do na rudaí seo a leanas:

  • costas méadaithe téimh agus leictreachais
  • deisiúcháin riachtanacha ar mhaoin agus fearais agus troscán tí a athsholáthar
  • cúnamh le taiscí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos
  • troscán, cóir leapa agus nithe eile má tá tú ag cur fút i dteach den chéad uair
  • costais sochraide
  • speansais taistil athfhillteacha amhail le haghaidh coinní ospidéil nó cuairt ar ghaolta san ospidéal nó i bpríosún
  • nithe a bhaineann le leanaí amhail pramanna/bugaithe agus cliabháin, agus trealamh riachtanach sábháilteachta leanaí
  • cúnamh le riachtanais láithreacha amhail bia, éadaí agus costais chóiríochta tar éis eachtra éigeandála amhail dóiteán tí
  • riachtanais eisceachtúla bhreise eile de réir mar a tharlaíonn siad

Ní íocann an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise as costais neamh-bhunriachtanacha teaghlaigh ná as costais phearsanta, ná as costais a bhfuil roinn nó gníomhaireacht eile rialtais freagrach astu.

Íoctar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise faoi Liúntas Leasa Forlíontach atá á riar ag Seirbhís Leasa Pobail (SPC) na Roinne.


Conas cáiliú

Is féidir le duine ar bith a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil aige/aici nó atá ag obair agus a bhfuil ioncam íseal aige/aici cáiliú d’Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Tá orainn d’ioncam teaghlaigh seachtainiúil, do choigilteas agus d’infheistíochtaí, do chostais tí agus an saghas cúnaimh a theastaíonn uait a chur san áireamh.

Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise a fháil, déanfaidh Oifigeach Leasa Pobail d’iarratas a athbhreithniú agus breithneoidh siad ar do chúinsí sula ndéanfaidh siad cinneadh faoin íocaíocht is féidir leat a fháil.


Ráta íocaíochta

Níl aon ‘ráta íocaíochta’ seasta ann don Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus ar an saghas cúnaimh a theastaíonn uait.

Treoirlínte maidir le hioncam seachtainiúil teaghlaigh*

Baill do theaghlaigh Méid
Singil €504
Lánúin, gan leanaí €604
1 leanbh €705
2 leanbh €806
3 leanbh €907
4 leanbh €998
5 leanbh €1,124
6 leanbh €1,240
7 leanbh €1,376
8 leanbh nó níos mó €1,472
  • Ní chuireann na treoirlínte ioncaim seo teorainn ar rogha na n-oifigeach nuair a bhíonn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise á n-eisiúint acu chun cabhrú le daoine aonair nó le teaghlaigh i gcúinsí cruatain ar leith.

Déan Iarratas

Déan iarratas ar líne

Is é an bealach is tapúla agus is éasca ná iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar MyWelfare.ie, is féidir leat:

Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Amharc amharc

Is féidir an fhoirm iarratais a chur isteach tríd an bpost chuig an Ionad nó Oifig Brainse is áitiúla duit

An méid is gá duit a sholáthar chun gur féidir linn cabhrú leat le d’éileamh

Chun cabhrú le d’éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:

  • Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) duit féin, do do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus do do leanaí
  • cruthúnas aitheantais, mar shampla: Cárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat), pas, ceadúnas tiomána, cead oibre, cead cónaithe Éireannach
  • cáipéisí le d’ioncam, costais agus cás airgeadais a thaispeáint, amhail duillíní pá agus ráitis bhainc

Déan teagmháil

Additional Needs Payment

Teileafón:
0818 607080