Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Cad é an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibríochta
Nóta Tábhachtach
Dúnadh iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2024 ar an 30 Meán Fómhair 2024.
Osclófar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2025 i mí an Mheithimh 2025.
Cad é an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná íocaíocht aonuaire de réir tástáil acmhainne atá dírithe ar chabhrú le teaghlaigh le costais bhreise éadaí agus coisbhirt nuair a thosaíonn leanaí ar scoil gach fómhar. Bíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar oscailt ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.
Conas cáiliú
Chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór duit a bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach cosanta sóisialta nó ag glacadh páirte i scéim cheadaithe tacaíochta fostaíochta, oideachais nó oiliúna
- ní mór duit a bheith ag fáil méadú i leith leanbh cáilithe (MLC) i leith gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh ina leith (ach amháin i gcúinsí áirithe)
- ní mór do gach leanbh a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith a bheith:
idir 4 agus 17 mbliana d’aois nó
idir 18 agus 22 bliain d’aois, agus ag filleadh ar oideachas dara leibhéal san fhómhar
- caithfidh an ioncam inmheasúnaithedo do theaghlach a bheith laistigh de thacar teorainn ioncaim
- ní mór duitse agus do gach leanbh a bhfuil an liúntas á éileamh ina leith a bheith ina gcónaí sa Stát
Rátaí íocaíochta
Aois an Linbh | Ráta |
4 – 11 | €160 |
12 – 22 | €285 |
Ní mór go mbeadh leanaí idir 18 agus 22 bliain d’aois san oideachas dara leibhéal chun cáiliú.
Cuir iarratas isteach
Trí phróiseas meaitseála sa roinn, gheobhaidh go leor daoine íocaíocht an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go huathoibríoch. Dúnadh iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2024 ar an 30 Meán Fómhair 2024.
Mura bhfuil fógra maidir le bronnadh an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua faighte agat faoi dheireadh mhí an Mheithimh, agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáiliúcháin, beidh ort iarratas a dhéanamh, fiú má fuair tú an íocaíocht go huathoibríoch sna blianta roimhe sin.
Déan iarratas ar líne
Is é an bealach is tapúla agus is éasca ná iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie. Tá an t-iarratas ar líne ar oscailt ó Mheitheamh go Meán Fómhair gach bliain.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne
Dúnadh iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh 2024 ar an 30 Meán Fómhair 2024. Osclófar scéim an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain 2025 i mí an Mheithimh 2025.
Ó mhí an Mheithimh 2025, beidh leagan PDF den fhoirm iarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil le priontáil agus le seoladh chuig an seoladh ar an bhfoirm.
Is é an 30 Meán Fómhair de bhliain na scéime an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.
Back to School Clothing and Footwear Allowance Section
- Seoladh:
- Back to School Clothing and Footwear Allowance Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 111113;
071 91 93318
Treoirlínte Oibríochta
Déanann treoirlínte oibríochta cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.