English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Liúntas Breosla



Cad is Liúntas Breosla ann

Is íocaíocht é an Liúntas Breosla chun cabhrú le costas téimh do thí le linn an gheimhridh.

Is féidir leat Liúntas Breosla a fháil má tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine, nó má tá íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh á bhfáil agat. (Féach an liosta iomlán thíos).

Is é €33 an ráta reatha íocaíochta gach seachtain ó 23 Meán Fómhair 2024 go dtí 4 Aibreán 2025.

Ní íoctar ach Liúntas Breosla amháin le gach teaghlach.


Conas cáiliú

Má tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine

Is féidir leat cáiliú do Liúntas Breosla má tá tú 66 nó níos sine. Ní gá duit a bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh.

Chun cáiliú, ní mór duit:

  • a bheith os cíonn 66 bliain d’aois nó níos sine
  • a bheith i do chónaí go dlíthiúil sa Stát
  • tástáil acmhainne a chomhlíonadh
  • a bheith i do c(h)ónaí i d’aonar nó le daoine cáilithe eile amháin

Íocaíochtaí cáilitheacha

Is féidir cáiliú do Liúntas Breosla má tá siad seo a leanas á bhfáil agat:

Staid chónaithe

D’fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Breosla má tá tú i do chónaí i d’aonair nó i do chónaí le:

  • duine atá 66 bliain d’aois nó níos sine
  • duine fásta cleithiúnach nó leanbh cleithiúnach
  • duine atá ag fáil íocaíocht cháilitheach ach nach bhfuil ag fáil Liúntas Breosla (ní íoctar ach Liúntas Breosla amháin le gach teaghlach)
  • duine atá ag fáil Sochar Cúramóra agus atá ag tabhairt cúraim duit nó do do dhuine fásta cleithiúnach nó leanbh cleithiúnach
  • duine a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora PoistBunliúntas Leasa Forlíontach, go gearrthéarmach
  • duine a fhaigheann Liúntas Cúramóra ar leathráta chomh maith le méadú i leith aosaigh chleithiúnaigh

Ó Eanáir 2023, ní áirítear Liúntas Cúramóra ar leathráta ná íocaíochtaí Sochar Míthreorach sa Liúntas Breosa atá tástáilte ó thaobh acmhainne de.

Má tá tú i do chónaí le duine atá 66 nó os a chionn, d’fhéadfadh sé a bheith níos fearr do theaghlach má dhéanann siad iarratas ar Liúntas Breosla.


Ráta íocaíochta

Is é €33 an ráta seachtainiúil íocaíochta faoi láthair le linn shéasúr an Liúntais Bhreosla, rud a tharlaíonn de ghnáth ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán.

Is féidir le daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe rogha a dhéanamh a Liúntas Breosla a fháil in dhá thráthchuid. Íoctar an chéad tráthchuid ag tús shéasúr an Liúntais Bhreosla agus íoctar an dara ceann i mí Eanáir.

Conas d’íocaíocht a fháil in dhá thráthchuid

Chun go n-íocfar do Liúntas Breosla in dhá thráthchuid, is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bhFoirm Iarratais um Athrú ar Mhinicíocht Íocaíochta an Liúntais Bhreosla (FA CPF1) a chomhlánú.

Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a chur isteach mí amháin ar a laghad sula dtosaíonn séasúr an Liúntais Bhreosla. Má chuireann tú isteach í le linn an tséasúir, leanfar den íocaíocht a íoc go seachtainiúil go dtí go mbeidh an chéad tráthchuid eile dlite.

Tabhair faoi deara nach bhfuil an rogha tráthchoda ar fáil ar gach scéim.

Tá an fhoirm seo ar fáil chomh maith ó:


Déan Iarratas

Cuir d’iarratas isteach roimh thús shéasúr an Liúntais Bhreosla (deireadh mhí Mheán Fómhair). Má chuireann tú iarratas isteach níos déanaí ná sin, ní féidir leis an Roinn do liúntas a shiardhátú.

Ní gá duit athiarratas a dhéanamh ar an Liúntas Breosla gach bliain fad is nach bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus go leanann tú den íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna a fháil.

Má thagann athrú ar do chúinsí ba chóir duit dul i dteagmháil leis an roinn chomh luath agus is féidir le cinntiú gur féidir leat an Liúntas Breosla a fháil fós.

Déan iarratas ar líne

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ná ar líne ag MyWelfare.ie.

Déan iarratas tríd an bpost

Má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine

Má tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine agus más mian leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost, comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Scéim an Liúntais Bhreosla (NFS2 — O/66) agus seol chuig an seoladh ar leathanach 8 den fhoirm iarratais.

Foirm iarratais le haghaidh Liúntas Breosla do dhaoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine
2023.09.28
Amharc amharc

Tá tú faoi bhun 66 mbliana d’aois

Má tá tú faoi bhun 66 bliain d’aois agus más mian leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost, comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Scéim an Liúntais Bhreosla (NFS1). Is féidir an fhoirm seo a fháil freisin ó d’oifig phoist áitiúil.

Foirm iarratais: Liúntas Breosla faoin Scéim Náisiúnta Breosla (NFS1)
2023.08.01
Amharc amharc

Cá háit a seolfaidh tú d’fhoirm iarratais ar Liúntas Breosla

Má tá iarratas á dhéanamh agat tríd an bhfoirm iarratais ar an Liúntas Breosla (NFS1 nó NFS2) ar pháipéar, ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig rannóg na roinne a bhfuil d’íocaíocht á fáil agat uaithi. Tá seoltaí na rannóige ábhartha liostaithe thíos.

Má fhaigheann tú:

  • Liúntas Cúramóra
  • Sochar Báis
  • Liúntas Míchumais
  • Forlíonadh Éagumais
  • Pinsean Easláine

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe ar an Liúntas Breosla agus na doiciméid tacaíochta chuig:

Social Welfare Services Office (Longford)

Seoladh:
Department of Social Protection, Government Buildings, Ballinalee Road, Co Longford, N39 E4E0
Teileafón:
(043) 334 0000

Má fhaigheann tú:

  • íocaíocht ar bith ón roinn agus tú 66 bliain d’aois nó níos sine
  • Pinsean na nDall
  • Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
  • Íocaíocht Caomhnóra (Neamhranníocach)
  • Íocaíocht Slándála Sóisialaí ó thír atá faoi Rialacháin an AE nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi.
  • Pinsean Stáit (Ranníocach nó Neamh-ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe ar an Liúntas Breosla agus na doiciméid tacaíochta chuig:

Social Welfare Services (Sligo)

Seoladh:
Department of Social Protection, College Road, Co Sligo
Teileafón:
071 9157100;
0818 200400

Má fhaigheann tú:

  • Cúnamh Feirme
  • Liúntas Fadtéarmach do Chuardaitheoirí Poist (12 mí)
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Íocaíocht Idirthréimseach do Chuardaitheoirí Poist

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe ar an Liúntas Breosla agus na doiciméid tacaíochta chuig d’Ionad Intreo áitiúil nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Má tá Liúntas Leasa Forlíontach Fadtéarmach á fháil agat (12 mhí):

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe ar an Liúntas Breosla agus na doiciméid tacaíochta chuig ionadaí na Roinne ag d’Ionad Intreo áitiúil.


Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ar líne


Treoirlínte Oibríochtúla

Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na Roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochta: Scéim an Liúntais Bhreosla