Liúntas Cúraim Bhaile
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2025
- Céard é an Liúntas Cúraim Baile
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Rátaí íocaíochta
- Déan iarratas
- Treoirlínte Oibríochtúla
Céard é an Liúntas Cúraim Baile
Is íocaíocht mhíosúil é an Liúntas Cúraim Baile do leanbh atá faoi mhíchumas trom.
Níl an íocaíocht bunaithe ar an gcineál míchumais. Is bunaithe ar thionchar an mhíchumais atá an íocaíocht.
Conas cáiliú
Chun cáiliú ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór go mbeadh do leanbh faoi 16 bhliain d’aois
- ní mór go mbeadh an mhíchumas meabhrach nó fisiceach trom
- ní mór gur léir go mairfidh an míchumas ar feadh tréimhse bliana ar a laghad
- ní mór go mbeadh cúram agus aird leanúnach shubstaintiúil ag teastáil ó do leanbh sa bhreis ar an gcúram agus aird a theastaíonn ó leanbh den aois chéanna de ghnáth
- ní mór go mbeadh gnáthchónaí ar do leanbh i Stát na hÉireann
- ní mór go mbeadh do leanbh ina c(h)ónaí leis an duine atá ag éileamh an liúntais le haghaidh cúig lá nó níos mó sa tseachtain
TABHAIR FAOI DEARA: Má tá do leanbh i gcúram cónaithe lánaimseartha, ní bheidh tú cáilithe. Má tá do leanbh i gcúram cónaithe, ach sa bhaile le haghaidh dhá lá nó níos sa tseachtain, b’fhéidir go bhfaighfeá íocaíocht leathráta. Mar shampla, d’fhéadfá cáiliú má fhreastalaíonn do leanbh ar sheirbhísí cónaithe Luan go hAoine agus má bhíonn sé/sí sa bhaile ag an deireadh seachtaine.
Ina theannta sin, ní mór don duine atá ag éileamh an liúntais don leanbh:
- cúram a sholáthar don leanbh
- tá gnáthchónaí ort sa Stát
Measúnú
Nuair a fhaightear d’iarratas, déanann measúnóir leighis athbhreithniú ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil chun cabhrú linn cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann do leanbh na critéir sláinte chun an Liúntas Cúraim Baile a fháil, lena n-áirítear:
- cúlra an cháis (na tuairiscí leighis ar fad a chuireann tú ar fáil, lena n-áirítear tuairisc leighis ó do dhochtúir teaghlaigh agus aon tuairiscí atá agat ó speisialtóirí ábhartha)
- do chur síos ar an gcúram agus aire a theastaíonn ó do leanbh
Ní bhuailfidh an measúnóir le do leanbh go pearsanta, rud a chiallaíonn go mbaineann tábhacht ar leith leis an oiread faisnéise agus is féidir leat a chur ar fáil i d’iarratas.
Nuair a bheidh tuairim curtha ar fáil ag an Measúnóir Leighis maidir le hincháilitheacht leighis an linbh, cuirtear an cás faoi bhráid Oifigigh Breithiúnachta a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas. Eiseofar litir chinnidh fhoirmiúil chugat ag cur an chinnidh in iúl duit agus má éiríonn le d’iarratas, cuirfear sonraí maidir leis an ráta íocaíochta ar fáil agus dáta tosaithe lena n-áirítear aon riaráistí atá dlite. Má bhronntar an liúntas ort, cuirfear tús leis an íocaíocht sa mhí féilire i ndiaidh na míosa inar cuireadh an fhoirm iarratais ar fáil dúinn.
Mura n-éiríonn le d’iarratas, roinnfear eolas leat maidir le conas an cinneadh a achomharc agus/nó athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg.
Rátaí íocaíochta
Rátaí íocaíochta
Cineálacha Ráta | Ráta |
Ráta iomlán (nuair a thugann tú aire do do leanbh ar feadh cúig go seacht lá in aghaidh na seachtaine) | €360.00 |
Leathráta (nuair a thugann tú aire do do leanbh ar feadh dhá go ceithre lá in aghaidh na seachtaine) | €180.00 |
Má thugann tú aire do níos mó ná leanbh amháin a cháilíonn do Liúntas Cúraim Bhaile, féadfaidh tú an liúntas a éileamh i leith gach leanbh.
De bharr ar sin, tá gach duine a fhaigheann an Liúntas Cúraim Bhaile incháilithe don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí i Meitheamh gach bliain. Má tá tú incháilithe d’íocaíocht Mheithimh an LCB, gheobhaidh tú an íocaíocht seo go huathoibríoch. Is é ráta bliantúil do gach duine a bhfuil tú ag tabhairt cúraim dó ná €1,850. Tar éis bearta an Bhuiséid 2025, is é an ráta íocaíochta ná €2,000 ó Mheitheamh 2025.
Nuair a shroichfidh do leanbh 16, stopfaidh d’íocaíocht. Déanfar an íocaíocht dheireanach le haghaidh na míosa ina sroichfidh siad 16.
Trí mhí roimh lá breithe do linbh, scríobhfaidh an Roinn chugat chun meabhrú duit go gcuirfear stop leis an Liúntas Cúraim Bhaile go luath agus chun insint duit faoi na roghanna atá ar fáil.
Liúntas Míchumais
I ndiaidh stop a chur leis an Liúntas Cúraim Baile nuair a shlánaíonn do leanbh 16 bliana d’aois, is féidir le do leanbh iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais as a c(h)eart féin.
Is íocaíocht é seo a dhéantar le daoine faoi mhíchumas a bhfuil srian suntasach orthu tabhairt faoi obair a bheadh oiriúnach do dhuine ar comhaois leo, leis an taithí agus leis na cáilíochtaí céanna, mar thoradh ar a míchumas.
Níl na coinníollacha cáilitheacha céanna luaite leis an Liúntas Míchumais agus leis an Liúntas Cúraim Baile, rud a chiallaíonn nach bhfuil do leanbh i dteideal an Liúntais go huathoibríoch.
TABHAIR FAOI DEARA: Tá gach leanbh a bhfuil DCA á f(h)áil aige/aici i dteideal cárta leighis nach bhfuil bunaithe ar thástáil acmhainne. Déan teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte má theastaíonn tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais uait.
Déan iarratas
Más mian leat iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos. Cinntigh go gcomhlánaíonn do dhochtúir teaghlaigh nó speisialtóir leighis Cuid 6 agus Cuid 7 den fhoirm, agus cuir aon tuarascálacha eile maidir le míchumas do linbh agus an tionchar atá aige ar chúram do linbh san áireamh.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh a luaithe a shíleann tú go bhfuil na coinníollacha cáilitheacha á gcomhlíonadh ag do leanbh. Tá cuid de na coinníollacha cáilitheacha liostaithe thuas. Má tá neamhord forleatach forbraíochta cosúil le huathachas ag do leanbh, féadfaidh tú é sin a lua ar an bhfoirm iarratais thíos dar teideal Cúram Baile 3. Cuir tuarascáil san áireamh ó gach speisialtóir a thugann aire do do leanbh.
Ní gá duit an fhoirm iarratais do Chúram Baile 3 a chur ar fáil, ach d’fhéadfaí an fhoirm sin a úsáid chun tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le riocht do linbh agus a riachtanais shonracha cúraim. Seol na foirmeacha comhlánaithe, agus na doiciméid thacaíochta ábhartha, chuig an seoladh seo:
Domiciliary Care Allowance Section
- Seoladh:
- Domiciliary Care Allowance Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 3340000
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.