Liúntas Cúramóra
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
- Cad é an Liúntas Cúramóra
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Athrú ar chúinsí
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad é an Liúntas Cúramóra
Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht le daoine ar ioncam íseal atá ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil cúram agus aire lánaimseartha de dhíth air nó uirthi mar gheall ar aois, míchumas nó tinneas (meabhairghalar san áireamh).
Conas cáiliú
D’fhéadfadh go gcáileofá don Liúntas Cúramóra má shásaíonn tú na riachtanais seo:
- tá tú 18 bliana d’aois nó os a chionn
- tá cónaí ort le nó tá tú in ann cúram agus aird lánaimseartha a thabhairt do dhuine a dteastaíonn cúram uaidh/uaithi agus nach bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in institiúid. Mar sin féin, is féidir go mbreathnófar ort mar dhuine atá ag soláthar aire agus cúram lánaimseartha má tá tú féin, nó an duine atá ag fáil cúraim, ag fáil cóireála leighis nó eile in ospidéal nó in institiúid eile, ar feadh tréimhse nach bhfuil níos faide ná 13 seachtaine
- níl tú fostaithe, féinfhostaithe, ag tabhairt faoi obair dheonach, oiliúint, ná aon chúrsaí oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair an chloig sa tseachtain san iomlán (tabhair faoi deara: ní mór duit a thaispeáint dúinn go bhfuil cúram leordhóthanach ag an duine atá faoi do chúram agus tú ar obair, ar chúrsa oideachais, nó araon)
- tá gnáthchónaí ort i Stát na hÉireann
- sásaíonn tú tástáil acmhainne don Liúntas Cúramóra (tástáil ar d’ioncam agus aon ioncam ó do chéile nó do pháirtí, agus úsáidfear na torthaí chun do ráta pá a cheapadh)
- tá cónaí ort le nó tá tú in ann cúram agus aird lánaimseartha a thabhairt do dhuine a dteastaíonn cúram uaidh/uaithi agus nach bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in institiúid
- níl tú i do chónaí in ospidéal, ionad téarnaimh ná institiúid eile dá leithéid
Caithfidh an duine dá dtugann tú aire a bheith:
- os cionn 16 bliana d’aois agus chomh éagumasaithe go dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uaidh/uaithi nó
- faoi 16 bliana d’aois agus ag fáil Liúntas Cúraim Baile
Meastar duine mar dhuine a bhfuil gá acu le cúram agus aird lánaimseartha sna cásanna seo a leanas:
- tá siad chomh éagumasaithe sin go bhfuil maoirseacht leanúnach de dhíth orthu chun contúirt dóibh féin a sheachaint nó
- teastaíonn maoirseacht leanúnach agus cúnamh rialta uathu i rith an lae maidir le gnáthfheidhmeanna an choirp agus
- is dócha go mbeidh cúram agus aire lánaimseartha de dhíth orthu ar feadh 12 mhí ar a laghad
- má théann an duine dá dtugann tú aire dó/di isteach i dteach altranais ar bhonn lánaimseartha, féadfar leanúint ar aghaidh lag íoc an liúntais ar feadh tréimhse 12 seachtaine. Ba chóir litir ón teach altranais ag deimhniú an dáta iontrála a chur faoi bhráid na Roinne
Rátaí íocaíochta
Braitheann ráta na híocaíochta ar thoradh na tástála acmhainne. Taispeántar sa tábla thíos an t-uasráta seachtainiúil pearsanta íocaíochta ar féidir le duine a fháil mura bhfuil aon ioncam acu ó fhoinse ar bith.
Aois cúramóra | Uasráta seachtainiúil (ráta iomlán) | Uasráta seachtainiúil (leathráta) |
Cúramóir faoi 66 | €260 | €130 |
Cúramóir 66 agus níos sine | €298 | €149 |
Méadú do Leanbh Cáilithe | Faoi 12 | Os cionn 12 |
Ráta iomlán | 50 | €62 |
Leath-ráta | €25 | €31 |
Liúntas Cúramóra agus íocaíochtaí leath-ráta
Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat agus má tá cúram agus aire lánaimseartha á soláthar agat do dhuine eile agus tú ag comhlíonadh gach coinníoll eile don Liúntas Cúramóra, féadfaidh tú do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus Liúntas Cúramóra ar leath-ráta a fháil freisin.
Má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilithe le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh eile (mar shampla, Pinsean Stáit nó Sochar Breoiteachta) féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht eile. Má bhronntar é, agus ar choinníoll gur íocaíocht cháilitheach í an íocaíocht eile don liúntas Cúramóra ar leath-ráta, íocfar an íocaíocht eile go hiomlán leat agus gheobhaidh tú leath do ráta an Liúntais Chúramóra freisin.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais thíos. Cuir tuairisc leighis dochtúra leis an bhfoirm iarratais agus í sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dóibh.
Ní gá tuairisc leighis a chur leis an bhfoirm iarratais má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a fhaigheann Liúntas Cúraim Baile.
Seol ar ais d’fhoirm iarratais CR1 chomhlánaithe, mar aon leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, chuig:
Carer's Allowance Section
- Seoladh:
- Carer's Allowance Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 334 0000
Athrú ar chúinsí
Cuireann reachtaíocht leasa shóisialaigh dualgas ar an gcúramóir fógra a thabhairt don Roinn faoi aon athrú ar chúinsí. Chun an Roinn a chur ar an eolas faoi aon athrú ar chúinsí, nó chun d’éileamh a dhúnadh, is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Liúntais Chúramóra tríd an bpost, ríomhphost nó teileafón ag baint úsáide as na sonraí thíos.
Carer's Allowance Section
- Seoladh:
- Carer's Allowance Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 334 0000
Is féidir roinnt sonraí a nuashonrú freisin trí úsáid a bhaint as MyWelfare. Is é MyWelfare baile ar líne na seirbhísí leasa. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an raon seirbhísí atá ar fáil trí MyWelfare, tabhair cuairt le do thoil ar MyWelfare.ie
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.