English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Liúntas Míchumais



An méid atá i gceist le Liúntas Míchumais

Liúntas seachtainiúil é Liúntas Míchumais a íoctar le daoine faoi mhíchumas. Is féidir leat é a fháil ó aois 16 bliana.

Má tá tú in oideachas nuair a bhaineann tú 16 bliana d’aois amach, is féidir leat leanúint ag freastal ar an scoil agus an liúntas seo á fháil agat.

Leanaí faoi mhíchumas

Tá tacaíochtaí ar leith ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúram á sholáthar acu do leanaí faoi mhíchumas.

Má thugann tú cúram do leanbh atá faoi mhíchumas trom, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Cúraim Baile.

B’fhéidir go gcáileoidh tú freisin do Shochar CúramóraLiúntas Cúramóra.


Conas cáiliú

Chun cáiliú do Liúntas Míchumais, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • caithfidh go bhfuil gortú nó galar ort nó caithfidh go bhfuil tú faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach a lean nó a bhféadfaí súil a bheith leis go leanfaidh sé ar feadh bliain amháin, ar a laghad
  • caithfidh go gcuirtear srian substainteach ort ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach, murach sin, do dhuine atá ar comhaois leat agus a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu
  • tá tú idir 16 agus 66 bliain d’aois. Nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach, ní cháileoidh tú a thuilleadh do Liúntas Míchumais, ach déantar measúnú ort do Phinsean Stáit.
  • tástáil mhaoine a shásamh (tástáil ar d’ioncam agus aon ioncam atá ag do chéile nó do pháirtnéir, agus úsáidfear na torthaí úsáidfear le do ráta pá a dheimhniú) agus coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh

Íocaíochtaí do lánúineacha

Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí agus má cháilítear an bheirt agaibh do Liúntas Míchumais, gheobhaidh sibh beirt an ráta pearsanta seachtainiúil.

Má cháilítear thú nó do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir do Liúntas Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil ag an duine eile, gheobhaidh sibh beirt an ráta pearsanta seachtainiúil de bhur n-íocaíocht faoi seach.

Tástáil mhaoine má tá post agat

Is féidir le duine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu glacadh le fostaíocht nó féinfhostaíocht agus déantar tástáil mhaoine orthu ar an mbealach seo a leanas:

  • tugtar neamhaird ar an gcéad €165 d’ioncam seachtainiúil ón bhfostaíocht sin (i ndiaidh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a asbhaint) ar mhaithe leis an tástáil mhaoine
  • Tugtar neamhaird ansin do 50% dá dtuilleamh seachtainiúil idir €165 agus €375 ar mhaithe leis an tástáil mhaoine
  • déantar measúnú iomlán ar aon tuilleamh breise, de bhreis ar €375 sa tseachtain, ar mhaithe leis an tástáil mhaoine
  • laghdófar do theidlíocht do Liúntas Míchumais ar aon dul leis na rátaí íocaíochta cuí laghdaithe do Liúntas Míchumais, bunaithe ar thuilleamh agus ar aon ioncam eile

Íocaíocht saor ó cháin

Tá íocaíochtaí Liúntais Míchumais, méaduithe san áireamh do chleithiúnaithe fásta nó linbh agus Liúntais eile a íoctar leis an íocaíocht, go hiomlán díolmhaithe ó:

  • cáin ioncaim
  • ÁSPC
  • MSU

Má tá Liúntas Míchumais á fháil agat agus má théann tú isteach san ospidéal nó i gcúram cónaithe, leanfaidh tú le d’íocaíocht a fháil chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha.

Má cháilítear thú do Liúntas Míchumais, is féidir leat sochair leasa shóisialaigh bhreise a fháil le d’íocaíocht agus íocaíochtaí leasa forlíontacha eile a fháil.


Rátaí íocaíochta

Ráta seachtainiúil
Do ráta pearsanta €244
Ráta breise do chleithiúnaí fásta €162
Ráta breise do chleithiúnaí linbh (faoi 12) €50 (nó €25 i gcásanna áirithe)
Ráta breise do chleithiúnaí linbh (os cionn 12) €62 (nó €31 i gcásanna áirithe)

Cleithiúnaithe fásta

Is féidir leat an íocaíocht bhreise a fháil do chleithiúnaí fásta, mar shampla, céile nó páirtnéir, má tá a n-ioncam faoi bhun leibhéal áirithe. Tugtar méadú do dhuine fásta cáilithe air seo.

Cleithiúnaithe linbh

Le méid breise a fháil do chleithiúnaí linbh, ar a dtugtar *méadú do leanbh cáilithe, caithfidh go do leanbh na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • cónaí leat, sa Stát
  • bheith ar an aois cheart don íocaíocht atá á héileamh agat (is éagsúil a bhíonn an aois ó scéim go scéim)

Conas a íoctar thú

Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh go seachtainiúil cibé acu go díreach le cuntas pearsanta nó is féidir iad a bhailiú ag Oifig an Phoist.

Tá eolas breise ar mhodhanna íocaíochta na Roinne ar fáil anseo.


Iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais ar Liúntas Míchumais atá ag bun an leathanaigh seo. Is féidir leat an fhoirm seo a fháil, chomh maith, ó:

Seol d’fhoirm iarratais líonta agus do cháipéisí tacaíochta chuig:

Disability Allowance Section

Seoladh:
Disability Allowance Section, Department of Social Protection, Government Buildings, Ballinalee Road, Co. Longford, N39 E4E0.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

DA_InetInfo@welfare.ie

Teileafón:
0818 927770;
043 3340000
Foirm Iarratais: Liúntas Míchumais (DA1)
Eagrán: Aibreáin 2022
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.