Liúntas Síorfhreastail
- Foilsithe: 29 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2025
- An méid atá i gceist le Liúntas Síorfhreastail
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a Dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
An méid atá i gceist le Liúntas Síorfhreastail
Is ionann an Liúntas Síorfhreastail agus méadú ar Shochar Míchumais.
Faigheann tú Sochar Míchumais má chailleann tú cumas fisiciúil nó meabhrach mar thoradh ar obair. D'fhéadfadh sé seo a bheith mar thoradh ar thimpiste ag an obair nó breoiteacht a bhaineann leis an obair.
Má theastaíonn cúram laethúil uait mar gheall ar do thimpiste ag an obair nó mar gheall ar bhreoiteacht a bhaineann leis an obair, is féidir leat an Liúntas Síorfhreastail a fháil. D'fhéadfadh an cúram seo cabhrú le níochán, gléasadh, ithe nó riachtanais bhunúsacha eile.
Conas cáiliú
Ní mór Pinsean Míchumais os cionn 50% a bheith á fháil agat. Is é comhairleoir leighis na roinne a dhéanann measúnú ar do leibhéal míchumais.
Rátaí íocaíochta
Is ionann an íocaíocht agus €261 in aghaidh na seachtaine. Ní bhraitheann sé seo ar an leibhéal cúraim a theastaíonn.
Ní bhfaighidh tú an liúntas le linn tréimhsí in ospidéal nó in institiúidí eile.
Is féidir leat Liúntas Síorfhreastail a fháil lasmuigh den Stát, chomh fada agus a fhanann tú laistigh den AE. Ní mór go mbeadh cúram ag teastáil uait agus ní mór an tréimhse ama a bheidh tú as baile a bheith níos lú ná 6 mhí.
Iarratas a Dhéanamh
Ní féidir leat an Liúntas Síorfhreastail a fháil ach amháin má mholann comhairleoir leighis na roinne é.
Disablement Benefit Section
- Seoladh:
- Disablement Benefit Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 3340000
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.
- Treoirlínte Oibríochta: Sochar Díobhálacha Ceirde - Sochar Míchumais (tá tuilleadh eolais faoin Liúntas Síorfhreastail san áireamh faoi na Treoirlínte Oibríochta um Shochar Míchumais)