English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Lorg Foirm Iarratais


Más gá duit iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne nó trí fhoirm iarratais a íoslódáil nó a lorg.


Déan iarratas ar MyWelfare

Is é MyWelfare baile ar líne seirbhísí leasa shóisialaigh. Tá sé sábháilte, slán, agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith, agus ar gach gléas.

Níl ag teastáil uait ach seoladh ríomhphoist, PPSN agus sonraí cuntais bhainc chun na seirbhísí seo a úsáid. Beidh ort cuntas bunúsach MyGovID a bhunú ach tá an próiseas simplí agus éasca.

Tá tuilleadh eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh ar líne le fáil ag MyWelfare.ie.


Faigh foirm

Ar líne

Más fearr leat iarratas a íocaíocht leasa shóisialaigh a dhéanamh i scríbhinn, is féidir go leor d’fhoirmeacha iarratais na roinne a íoslódáil ar an suíomh seo.

Is féidir leat an fhoirm iarratais atá uait a chuardach trí úsáid a bhaint as ár liosta d’Fhoirmeacha Leasa Shóisialaigh..

Chomh maith leis sin, is féidir leat foirm iarratais a chuardach trí úsáid a bhaint as ár liosta Scéimeanna agus Seirbhísí Leasa Shóisialaigh..

  • roghnaigh an scéim nó seirbhís ábhartha
  • más féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil, beidh an fhoirm le fáil sa rannóg Déan Iarratas

Má chuireann tú foirm i gcló ón suíomh gréasáin, ní bheidh ort fanacht chun foirm iarratais a fháil sa phost.

Post

Más fearr leat foirm iarratais a ordú tríd an bpost, is féidir leat é sin a dhéanamh ag baint úsáide as ár bhfoirm ar líne.


Foirmeacha Seirbhíse Leasa Pobail

Is féidir leat foirmeacha iarratais a iarraidh le haghaidh gach Scéimeanna Liúntais Leasa Forlíontacha, mar Íocaíocht Riachtanas Breise, le postáil chugat ag baint úsáide as ár bhfoirm ar líne.


Tabhair cuairt ar d’Ionad Intreo áitiúil nó Oifig Brainse

Má tá aon cheist agat maidir le hiarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, tabhair cuairt ar d’Ionad Intreo áitiúil nó Oifig Brainse..

Tá tuilleadh eolais maidir le gach íocaíocht leasa shóisialaigh le fáil ag Scéimeanna agus Seirbhísí Leasa Shóisialaigh..