Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Márta 2025
- An méid atá i gceist le Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Iarratas a Dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
An méid atá i gceist le Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe
Uaireanta tugtar an Liúntas Oileáin nó an Méadú Oileáin ar an Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe. Is ionann an ráta íocaíochta agus €20.
D’fhéadfadh costais bhreise a bheith ar dhaoine atá ina gcónaí ar oileáin taisteal chuig an mórthír chun teacht ar sheirbhísí. Tá an méadú seo mar chúiteamh ar na costais bhreise sin a bhaineann le maireachtáil ar oileán amach ó chósta na hÉireann.
Conas cáiliú
Daoine os cionn 66 bliana d'aois
Chun cáiliú don íocaíocht seo ní mór duit a bheith ag cónaí ar cheann de na hoileáin amach ó chósta na hÉireann inar féidir leat an íocaíocht seo a fháil.
Caithfidh ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas a bheith á fáil agat:
- Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean na nDall
- Pinsean Easláine
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Baintrí/Baintreach Fir faoin Scéim Díobhálacha Ceirde
Ó Mhárta 2005, tá daoine a bhfuil pinsin á bhfáil acu ó stát eile an AE i dteideal méadú do mhaireachtáil ar oileán sonraithe a fháil.
Daoine faoi bhun 66 bliain d'aois
Má chónaíonn tú ar oileán inar féidir leat an íocaíocht seo a fháil agus má tá tú faoi bhun 66 bliain d’aois, cáileoidh tú do mhéadú ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh má tá ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á fáil agat:
Má tá tú faoi bhun ná 66 bliain d’aois agus má tá pinsean á fháil agat ar féidir comparáid a dhéanamh idir é agus iad siúd a liostaítear thíos ó Stát AE eile, tá tú i dteideal an méadú a fháil chomh maith.
Ráta íocaíochta
Is ionann an Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe agus €20. Gheobhaidh tú é seo chomh maith le d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile.
Iarratas a Dhéanamh
Níl aon fhoirm iarratais ann chun an méadú seo a fháil.
Déantar measúnú ort don mhéadú ag an tráth a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh.
Má tá íocaíocht cháilitheach á fáil agat, gheobhaidh tú an méadú go huathoibríoch nuair a bhaineann tú 66 bliana d'aois amach.
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla: Méadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe.