Meastóir Sochar Oibre
- Foilsithe: 17 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 27 Márta 2023
- Cad is Meastóir Sochar Oibre ann
- Eolas ar cheart duit a chur ar fáil
- Na daoine ar féidir leo úsáid a bhaint as an Meastóir Sochar Oibre
Cad is Meastóir Sochar Oibre ann
Tá dhá Mheastóir Sochar Oibre ar fáil ar MyWelfare.ie:
- Meastóir Sochar Oibre do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora
- Meastóir Sochar Oibre do dhaoine a fhaigheann íocaíocht míchumais nó breoiteachta
Is féidir leat na huirlisí seo a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh má thosaíonn tú ag obair nó má oibríonn tú níos mó uaireanta. Áireofar sa mheastachán d'ioncam ó fhostaíocht agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bith eile a d'fhéadfá a bheith i dteideal fós.
Tabhair do d'aire, le do thoil, nach bhfuil i gceist sna suimeanna ach meastachán agus d'fhéadfadh d'íocaíocht fhíorúil a bheith difriúil. Braithfidh sé seo ar do chúinsí pearsanta.
Meastóir Sochar Oibre do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora
Ba cheart duit an Meastóir Sochar Oibre do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora a úsáid má fhaigheann tú:
Meastóir Sochar Oibre do dhaoine a fhaigheann íocaíocht míchumais nó breoiteachta
Ba cheart duit an Meastóir Sochar Oibre do dhaoine a fhaigheann íocaíocht míchumais nó breoiteachta a úsáid má fhaigheann tú:
Má fhaigheann tú Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta, ní mór duit athrú go Sochar Cumais Pháirtigh sula dtosaíonn tú ag obair.
Eolas ar cheart duit a chur ar fáil
Chun an Meastóir Sochar Oibre a úsáid, beidh ort eolas faoin méid seo a leanas a chur ar fáil:
- an íocaíocht leasa shóisialaigh a fhaigheann tú faoi láthair
- do stádas caidrimh agus má tá leanaí cleithiúnacha agat nó mura bhfuil
- má tá cárta leighis iomlán agat nó mura bhfuil
- do phost reatha, más infheidhme
- an méid lá agus an méid uair an chloig a bhfuil súil agat go n-oibreoidh tú
- an ráta íocaíochta a bhfuil súil agat go bhfaighidh tú
Tabhair do d'aire, le do thoil, nach luaitear aon ainmneacha sa Mheastóir Sochar Oibre agus nach féidir leis an roinn an t-eolas a thugann tú a úsáid le thú a shainaithint.
Na daoine ar féidir leo úsáid a bhaint as an Meastóir Sochar Oibre
Is féidir le duine ar bith an Meastóir Sochar Oibre a úsáid. Ní gá duit cuntas MyGovID a bheith agat chun a bheith in ann an tseirbhís seo a úsáid.