MyWelfare
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2025
- Cad is MyWelfare ann
- Cén fáth ar chóir MyWelfare a úsáid?
- Cad is Féidir Liom a Dhéanamh ar MyWelfare?
- An chaoi chun teacht ar MyWelfare
- Na Buntáistí a Bhaineann le do Chuntas a Dheimhniú
- Téigh i dteagmháil le MyWelfare
- Staitisticí ar MyWelfare
- Treoracha agus Físeáin Úsáide
Cad is MyWelfare ann
Is í an tslí is tapúla agus is fusa í MyWelfare chun teacht ar réimse seirbhísí leasa ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá sé sábháilte, slán, agus inrochtana ar gach gléas. Bíonn seirbhísí nua á gcur leis de shíor chun do thaithí a fheabhsú.
Cén fáth ar chóir MyWelfare a úsáid?
Dearadh MyWelfare leis an úsáideoir ar intinn, le bheith éasca a úsáid chomh maith le háisiúil. Spáráiltear am leis de bhrí nach gá dul go dtí an oifig nó foirmeacha/cáipéisí a chur sa phost go fisiciúil. Anuas air sin, cuirtear faisnéis fhíor-ama maidir le do héilimh agus le d’iarratais go léir ar fáil leis. A bhuí le MyWelfare, is féidir do sheirbhísí leasa shóisialaigh a bhainistiú ar dhóigh níos éifeachtaí agus gan stró.
Cad is Féidir Liom a Dhéanamh ar MyWelfare?
Is féidir leat cur isteach ar sheirbhísí éagsúla ar MyWelfare agus teacht ar do dheais phearsanta, áit ar féidir leat:
- Stádas d’éilimh a fheiceáil
- Amharc ar d’eolas íocaíochta
- D’éileamh a bhainistiú, amhail eolas maidir le hathrú ar imthosca a uaslódáil trí ar ‘doiciméad a uaslódáil’ nó do sheoladh a nuashonrú
- Teachtaireachtaí sábháilte a fháil uainn trí fhógraí
Seirbhísí atá ar Fáil ar MyWelfare:
- Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta
- Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise
- Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois
- Sochar Linbh
- Liúntas Breosla
- Pacáiste Sochair Teaghlaigh
- Sochar Breoiteachta
- Íocaíochtaí Cuardaitheora Poist
- Sochar Máithreachais
- Sochar Atharthachta
- Sochar do Thuismitheoirí
- Tacaíochtaí Cúraim Pinsin
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- Aisíocaíochtaí ÁSPC
- Pinsean Stáit
- Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht
D’éileamh a Bhainistiú:
- Do mhodh íocaíochta a athrú
- Do sheoladh a athrú
- Deireadh a chur le d’íocaíocht chuardaitheora poist
- Do Dhearbhú Cuardaitheora Poist Páirtaimseartha a dhéanamh
Achomhairc:
- Déan achomharc
- D’achomharc a rianú agus a bhainistiú
Seirbhísí Breise:
- Do Stair Oibre agus Scileanna a chomhlánú le Conairí chun Oibre
- Aisíocaíocht a dhéanamh ar ró-íocaíocht
- Saoire Cuardaitheora Poist a iarraidh
- Iarratas a Dhéanamh ar Ráiteas Ranníocaíochta
- Iarratas a Dhéanamh ar Ráiteas Íocaíochta
- Seiceáil má tá tú incháilithe ar Scéim an tSochair Chóireála amhail sochair dhéadacha agus radharcacha
- Do Chárta Seirbhísí Poiblí a Athnuachan
An chaoi chun teacht ar MyWelfare
Ní mór cuntas MyGovID a bheith agat chun teacht ar sheirbhísí MyWelfare. Tá cuntas fíoraithe de dhíth chun teacht ar an réimse iomlán seirbhísí MyWelfare.
Céimeanna chun Cuntas MyGovID a Chruthú:
1. Téigh go MyGovID.ie
2. Roghnaigh "Faigh Cuntas Bunúsach Anois"
3. Cuir isteach do chuid sonraí agus cliceáil "Cruthaigh Cuntas"
4. Deimhnigh do chuntas
Mura bhfuil d’uimhir ghutháin dheimhnithe, tabharfar roghanna duit chun an chéim seo a chur i gcrích, amhail glaoch ar thacaíocht MyGovID, cód a iarraidh sa phost, nó téacs a fháil má tá ceadúnas tiomána agat eisithe ag an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS).
Na Buntáistí a Bhaineann le do Chuntas a Dheimhniú
- Teacht ar do dheais phearsanta chustaiméara
- Amharc ar shonraí d’éilimh agus iad a nuashonrú
- Do mhodh íocaíochta a athrú
- Stádas d’éilimh a rianú
- Amharc ar mhionsonraí aon íocaíochta a fuair tú le dhá bhliain anuas
- Rochtain ar sheirbhísí uile MyWelfare ar líne
Téigh i dteagmháil le MyWelfare
I gcomhair aon chúnaimh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le tacaíocht MyWelfare trí na roghanna teagmhála atá ar fáil ar an suíomh gréasáin MyWelfare.
MyWelfare
Staitisticí ar MyWelfare
Bí ar an eolas leis na staitisticí is deireanaí maidir le húsáid MyWelfare agus le nuashonruithe seirbhíse.
Cuireann na grafaicí eolais laistíos eolas ar fáil maidir lena príomhscéimeanna atá á reáchtáil ag an roinn.
Treoracha agus Físeáin Úsáide
Le haghaidh treoracha níos mionsonraithe, is féidir leat breathnú ar fhíseáin MyWelfare ar Chainéal Youtube na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Cliceáil tríd an seinnliostaseo chun an ceann atá de dhíth ort a aimsiú.