Obair agus Rochtain
- Foilsithe: 30 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Cad is Obair agus Rochtain ann
- Cé atá incháilithe don scéim um Obair agus Rochtain
- Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre
- Tacaíocht Chumarsáide
- Tacaíocht san Ionad Oibre
- Léitheoir Pearsanta
- Trealamh Oibre
- Tacaíocht maidir le hOiriúnú don Ionad Oibre
- Oiliúint um Chomhionannas do Dhaoine faoi Mhíchumas agus Cuimsiú
- Foirm Iarratais
- Treoirlínte Oibríochta
Cad is Obair agus Rochtain ann
Sraith tacaíochtaí atá in Obair agus Rochtain chun cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas post a fháil nó fanacht ag obair. Tá sé mar aidhm ag na tacaíochtaí bacainní san ionad oibre do dhaoine atá faoi mhíchumas a bhaint nó a laghdú.
Áirítear ar na tacaíochtaí do Chuardaitheoirí Poist, Daoine Fostaithe, Daoine Féinfhostaithe:
- Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre, chun cabhrú le haon ghá le tacaíochtaí breise a shainaithint
- Tacaíocht Chumarsáide, le haghaidh an agallaimh agus san obair
- Tacaíocht san Ionad Oibre, chun cabhrú leat feidhmiú i do phost
- Léitheoir Pearsanta, chun cabhrú leat san obair
- Trealamh Oibre, chun cabhrú leat i do phost
Ar na tacaíochtaí Oibre agus Rochtana ón bhfostóir, áirítear:
- Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre, chun cabhrú le riachtanais fostaithe le haghaidh tacaíochtaí breise a shainaithint
- Oiriúnú don Ionad Oibre, chun freastal ar riachtanais bhreise fostaithe
- Oiliúint um Chomhionannas Míchumas agus Cuimsiú, chun rochtain ar oiliúint do bhaill foirne a sholáthar d’fhostóirí agus d’eagraíochtaí chun feasacht agus tuiscint níos fearr a fháil ar mhíchumas san ionad oibre
Tagann tacaíochtaí Oibre agus Rochtana in ionad an Chiste um Fhreastal Réasúnta agus na Scéime Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas. Foilsíodh athbhreithniú ar an dá scéim i mí Lúnasa 2023 inar cuireadh tacar moltaí chun tosaigh. Forbraíodh Obair agus Rochtain chun dul i ngleic leis na moltaí ón athbhreithniú sin.
Cé atá incháilithe don scéim um Obair agus Rochtain
Le bheith incháilithe don scéim um Obair agus Rochtain, ní mór go gcomhlíonann an duine atá faoi mhíchumas na coinníollacha seo a leanas:
Le bheith incháilithe, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
1. Ní mór duit a bheith os cionn 18 agus ar aois oibre dhlíthiúil
2. Ní mór duit a bheith ag obair ar cheann de na bealaí seo a leanas:
- lánaimseartha nó páirtaimseartha – ar a laghad 8 n-uaire sa tseachtain nó 32 uair sa mhí
- féinfhostaithe
- taithí oibre (6 mhí nó níos mó)
- intéirneacht (6 mhí nó níos mó), nó
- printíseacht
- is féidir iarratas a dhéanamh freisin má tá litir thairisceana agat, dáta tosaithe nó litir a dheimhníonn agallamh poist
3. Ní mór duit a bheith ag obair nó ag lorg oibre i bPoblacht na hÉireann in aon earnáil seachas an earnáil phoiblí
4. Ní mór go bhfuil míchumas nó riocht sláinte fadtéarmach ort a théann i bhfeidhm ar do chumas oibre
Ní mór gur dócha go rachaidh an míchumas nó an riocht sláinte i bhfeidhm ort ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mí. Ní mór go mbeidh tú:
- In ann fianaise ghairmiúil a chur ar fáil ina dearbhaítear aon mhíchumas nó riocht sláinte agus ina cuirtear in iúl gur dócha go mairfidh sé níos faide ná 12 mí
Nó
- Ag fáil íocaíocht le haghaidh míchumas fadtéarmach
Níl Obair agus Rochtain ar fáil do dhaoine:
- a dhéanann obair neamhíoctha, amhail róil dheonacha
Nó
- a n-oibríonn san earnáil phoiblí. Ba cheart d’fhostóirí san earnáil phoiblí aon chostais a bhaineann le hoibrithe a dteastaíonn freastal réasúnta uathu a íoc
Incháilitheacht d’fhostóirí nó do dhaoine féinfhostaithe
Le bheith incháilithe, ní mór don fhostóir nó don duine féinfhostaithe a bheith:
- san earnáil phríobháideach
- san earnáil pobail, seachbhrabúsach, agus deonach
Nó
- féinfhostaithe. Meastar go bhfuil tú féinfhostaithe má:
◦ reáchtálann tú gnó ar do shon féin nó i gcomhpháirtíocht
◦ oibríonn tú d’fhostóir ar bhonn conradh féinfhostaithe, nó
◦ reáchtálann tú gnó saincheadaithe ar bhonn féinfhostaithe
Aitheanta ag na Coimisinéirí Ioncaim
Ní mór duit a bheith i d’eintiteas dleathach agus/nó i do charthanas (le huimhir CHY) atá aitheanta ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Cáin-chomhlíontach
Ní mór duit d’uimhir rochtana imréitigh cánach (TCAN) a sholáthar nuair a iarrann tú cóip de do dheimhniú imréitigh cánach. Sula ndéanfar aon íocaíocht, ní mór dúinn do TCAN a sheiceáil. Mura féidir linn a bhailíocht a dheimhniú, ní féidir linn íocaíocht a eisiúint. Is féidir do TCAN a íoslódáil go díreach ó ros.ie nó é a fháil ó do chuntasóir.
Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre
Má tá tú:
- i d’fhostaí nua nó i d’fhostaí reatha
- i bhfostaíocht
- féinfhostaithe
is féidir leat féin nó le duine a ghníomhaíonn ar do shon, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do Mheasúnú Riachtanas san Ionad Oibre.
Íocann an scéim suas le €2,500 de na costais incháilithe chun an measúnú a chur i gcrích.
Úsáidtear Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre leis na coigeartuithe is féidir a dhéanamh san ionad oibre a shainaithint chun fáil réidh leis na constaicí a bhíonn romhat, nó a d’fhéadfadh a bheith romhat, agus tú i mbun do chuid oibre nó ag filleadh ar an obair. Ní mór duit speisialtóir a fháil chun Measúnú Riachtanas san Ionad Oibre a chur i gcrích.
Tá Tacaíocht Chumarsáide ar fáil freisin má theastaíonn sé chun cabhrú leis an measúnú a chur i gcrích. Téigh go dtí an chuid faoi Thacaíocht Chumarsáide le haghaidh tuilleadh sonraí.
An Measúnú
Céim 1 - Ní mór don mheasúnóir riachtanais ar leith an fhostaí a chur san áireamh mar aon le ról an phoist, an míchumas, agus timpeallacht an ionaid oibre agus measúnú á dhéanamh acu ar na tascanna a mbaineann leis an bpost.
Céim 2 – An measúnú agus moltaí:
- ní mór don mheasúnú gach bacainn a achoimriú agus moltaí bunaithe ar fhianaise a thabhairt, lena sainaithnítear na socruithe agus an oiliúint atá de dhíth, mar shampla trí theicneolaíocht chúnaimh nó léitheoir pearsanta a fhostú, nó tacaíocht Laistigh den Obair
- ba cheart go ndéanfaí an measúnú i gcomhar leis an bhfostóir, leis an bhfostaí agus le haon abhcóide nó ionadaí, más iomchuí
- chun na moltaí a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an fostóir agus an fostaí ceann amháin nó níos mó de na gnéithe tacaíochta atá ar fáil tríd an scéim a fháil
Conas cáiliú
Chun Measúnú Riachtanas san Ionad Oibre a fháil, ní mór duit na ceanglais ghinearálta incháilitheachta Oibre agus Rochtana a chomhlíonadh.
Íocann Obair agus Rochtain as:
- costais incháilithe chun an measúnú a dhéanamh, agus
- suas le 10 n-uaire an chloig de thacaíocht chumarsáide le haghaidh uaireanta teagmhála le speisialtóir/speisialtóirí, más gá
Measúnóir a Aimsiú
Tá tú freagrach as an measúnóir a aimsiú. Ní mór don mheasúnóir a bheith cáilithe go cuí agus taithí a bheith acu ar mheasúnú saothair nó ar mheasúnú ionaid oibre. Ní mór don mheasúnóir míchumais a thuiscint lena chinntiú go n-áiríonn a mholtaí na teicneolaíochtaí agus na dul chun cinn is déanaí.
Is féidir le measúnóirí ar ball foirne nó cuideachta chomhlach an fhostóra iad agus iad cáilithe go cuí an measúnú a dhéanamh ach ní féidir maoiniú a fháil ina leith.
I measc na speisialtóirí cáilithe oiriúnacha tá:
- Teiripeoir Saothair
- Síceolaí Saothair
- Lia Saothair
- Altra Sláinte Ceirde nó Gairmí Seirbhísí Sláinte Ceirde eile
- Altra Athshlánaithe
- Speisialtóir Eirgeanamaíochta
- Fisiteiripeoir Cairte na hÉireann
Ba chóir go bhfuil an measúnóir cláraithe le comhlacht gairmiúil ábhartha amhail Clár na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) nó Cumann na dTeiripeoirí Saothair.
Iarratas a dhéanamh maidir le hObair agus Rochtain
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Tacaíocht Chumarsáide
Is féidir le fostaí, duine féinfhostaithe, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an fhostaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do Thacaíocht Chumarsáide, amhail agallamh poist, ionduchtú poist, agus le haghaidh tuilleadh tacaíochta cumarsáide san ionad oibre.
Conas cáiliú
Chun maoiniú le haghaidh Tacaíocht Chumarsáide a fháil, ní mór na riachtanais na riachtanais incháilitheachta ghinearálta maidir le hObair agus Rochtain a chomhlíonadh agus riachtanas tacaíochta cumarsáide a bheith agat.
Is féidir leat an tacaíocht seo a úsáid más rud é:
- go bhfuil tú bodhar nó faoi allaíre agus go bhfuil ateangaire Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL), léitheoir liopaí, nó ateangaire eile de dhíth ort
Nó
- go bhfuil míchumas nó riocht sláinte ort agus go dteastaíonn tacaíocht chumarsáide uait, mar shampla oibrí tacaíochta Lámh
Caithfidh an t-ateangaire a bheith ina ateangaire cláraithe i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann le Lárionad Rialaithe Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Tacaíochtaí ar fáil:
Tacaíocht réamhagallaimh - 1 uair an chloig
Is féidir le hiarrthóir poist incháilithe an tacaíocht seo a úsáid chun íoc as seisiún taithíochta 1 uair an chloig chun ullmhú don agallamh lena ateangaire.
Tacaíocht agallaimh - 3 uair an chloig
Is féidir le hiarrthóir poist incháilithe an tacaíocht seo a úsáid chun íoc as suas le 3 huaire an chloig tacaíocht ateangaire le haghaidh agallamh poist. Ní bhaineann aon teorainn leis an líon agallamh ar féidir le duine freastal orthu le hateangaire. Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí agallaimh, ní mór duit litir nó ríomhphost a bheith agat ó d’fhostóir ionchasach nó ó earcaitheoir a dheimhníonn d’agallamh.
Tacaíocht ionduchtúcháin - 12 uair an chloig
Féadfaidh fostaí incháilithe atá nua sa phost suas le 12 uair an chloig de thacaíocht ionduchtaithe poist a úsáid chun íoc as ateangaire laistigh den chéad 12 mhí dá gceapachán nua. Is féidir an tacaíocht seo a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí ionduchtaithe poist amhail athbhreithniú. Chun iarratas a dhéanamh an thacaíocht chumarsáide maidir le hionduchtú poist agus ar thacaíocht leanúnach san ionad oibre, ní mór don fhostóir iarratas an fhostaí a shíniú.
Tacaíocht leanúnach - 24 uair an chloig
Féadfaidh fostaí incháilithe atá nua ina phost, nó atá i bhfostaíocht reatha, suas le 24 uair an chloig den tacaíocht seo a úsáid chun íoc as ateangaire thar thréimhse rollach 12 mhí. Is féidir an tacaíocht a úsáid chun cabhrú le cumarsáid san ionad oibre agus is féidir í a úsáid anuas ar an tacaíocht ionduchtaithe.
Tacaíocht chumarsáide do Mheasúnú Riachtanas san Ionad Oibre - 10 n-uaire na chloig
Níl an tacaíocht chumarsáide seo ar fáil ach amháin do dhuine a dteastaíonn tacaíocht uaidh chun go ndéanfar Measúnú Riachtanas san Ionad Oibre.
Tacaíocht chumarsáide do Thacaíocht san Ionad Oibre - 30 uair an chloig
Níl an tacaíocht chumarsáide seo ar fáil do dhuine ach sa chás go molann Measúnú Riachtanas san Ionad Oibre go bhfuil gá léi.
Is féidir leis an ateangaire a bheith ar an láthair nó freastal go cianda. Ba chóir don ateangaire freastal de réir na rogha is fearr leis an duine atá faoi mhíchumas nuair is féidir.
Is féidir cur isteach ar na tacaíochtaí cumarsáide go léir atá ar fáil. Mar shampla, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ionduchtaithe poist agus Tacaíocht san Ionad Oibre chomh maith le cúnamh ag céim an agallaimh.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Tacaíocht san Ionad Oibre
Ní mór go ndéanfar Measúnú Riachtanas san Ionad Oibre sula féidir le duine leas a bhaint as an Tacaíocht Laistigh den Obair.
Is féidir le fostaí nua nó reatha nó le duine féinfhostaithe an tacaíocht seo a úsáid má tá míchumas nó riocht sláinte orthu a theastaíonn cóitseálaí oibre, speisialtóir nó oibrí tacaíochta eile, mar oibrí tacaíochta Lámh, ina leith chun cabhrú leis feidhmiú go rathúil ina phost agus/nó athoiliúint a fháil chun bogadh go post eile.
Ar dheimhniú a fháil, féadfaidh fostaí nó duine féinfhostaithe seirbhísí cóitseálaí oibre atá cáilithe go cuí, speisialtóir (mar shampla, Teiripeoir Saothair) nó oibrí tacaíochta eile amhail oibrí tacaíochta Lámh a fháil. Eiseofar íocaíocht dhíreach chuig an soláthraí seirbhíse.
Tacaíochtaí ar fáil
Soláthraíonn an scéim maoiniú le haghaidh cóitseálaí oibre, sainseirbhísí nó tacaíocht eile amhail iad siúd a sholáthraíonn oibrí tacaíochta Lámh. Más gá, is féidir tacaíocht chumarsáide a úsáid in éineacht leis sin.
Íocann an Tacaíocht Laistigh den Obair a bhaineann le hObair agus Rochtain as:
- suas le €12,500 in aghaidh na bliana le haghaidh cóitseálaí oibre, tacaíocht speisialtóra/speisialtóirí nó tacaíocht eile amhail tacaíocht Lámh
- suas le 30 uair an chloig teagmhála Tacaíochta Cumarsáide leis an soláthraí Tacaíochta Laistigh den Obair, más gá
Tá incháilitheacht do mhaoiniú bunaithe ar Mheasúnú Riachtanas don Ionad Oibre. Tugann an measúnú moltaí amháin; ní cheadaíonn sé maoiniú. Ní mór go gceadóidh an Roinn maoiniú sula mbaintear úsáid as na tacaíochtaí seo.
Conas cáiliú
Chun Tacaíocht Laistigh den Obair a fháil ní mór duit na riachtanais incháilitheachta ghinearálta maidir le hObair agus Rochtain a chomhlánú agus ní mór go bhfuil Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre agat
a léiríonn go bhfuil an tacaíocht seo de dhíth ort.
Oibrí tacaíochta speisialtóra a aimsiú
- ní mór go bhfuil an cóitseálaí oibre nó an oibrí/oibrithe tacaíochta speisialtóra cáilithe agus/nó go bhfuil an taithí chuí acu, le taifead cruthaithe i measúnú saothair nó i measúnú ionaid oibre agus tuiscint forásach ar mhíchumas, chun a chinntiú go gcuireann siad seirbhís mhaith ar fáil
- ní mór go mbeidh na cáilíochtaí cuí agus/nó an taithí chuí ag oibrí tacaíochta Lámh
- níl cóitseálaí oibre ná speisialtóir atá ina bhall d’fhoireann nó de chuideachta chomhlach an fhostóra féin incháilithe do mhaoiniú
- i measc na speisialtóirí cáilithe oiriúnacha tá:
- Teiripeoir Saothair
- Síceolaí Saothair
- Lia Saothair
- Altra Sláinte Ceirde
- Speisialtóir Eirgeanamaíochta
- Fisiteiripeoir Cairte a fhéadfaidh comhairliúcháin aonuaire nó comhairliúcháin ó am go chéile a sholáthar
- ní ann d’aon liosta réamhcheadaithe de shainsoláthróirí atá cáilithe go cuí. Ba chóir go mbeadh an measúnóir cláraithe le comhlacht gairmiúil ábhartha amhail Clár na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) nó Cumann na dTeiripeoirí Saothair
Seirbhísí oiliúna le haghaidh Tacaíocht Laistigh den Obair
Is féidir le fostaí nó le duine féinfhostaithe seirbhísí soláthróirí oiliúna atá cáilithe go cuí a fháil. Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
- ní mór go sainaithnítear an riachtanas oiliúna i Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre
- níor cheart go bhfuil an oiliúint á cur ar fáil cheana féin ag an roinn go díreach ná ag aon soláthróir stáit eile (amhail Solas/Boird Oideachais agus Oiliúna, Teagasc)
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Má cheadaítear an t-iarratas, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil chun an soláthraí seirbhíse a íoc go díreach.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Léitheoir Pearsanta
Is féidir le fostaí/duine féinfhostaithe, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an fhostaí, iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó Léitheoir Pearsanta chun cabhrú leis maidir le léitheoireacht a bhaineann leis an obair.
Is féidir le fostaí nó le duine féinfhostaithe an tacaíocht seo a úsáid má tá siad dall nó má tá lagamhairc air/uirthi agus go dteastaíonn cabhair uaidh/uaithi leis an léitheoireacht a bhaineann lena d(h)ualgais oibre.
Conas cáiliú
Chun tacaíocht ó Léitheoir Pearsanta a fháil, ní mór na ceanglais ghinearálta incháilitheachta Oibre agus Rochtana a chomhlíonadh.
Tacaíocht ar fáil
Is féidir le fostaí incháilithe an tacaíocht seo a úsáid chun seirbhísí ar conradh a fháil ó Léitheoir Pearsanta atá cláraithe le gnó agus atá cáin-chomhlíontach.
Soláthraíonn an scéim um Obair agus Rochtain maoiniú don Léitheoir Pearsanta i gcomhréir leis an íosphá reatha agus de réir riachtanais an fhostaí.
Chun tacaíocht ó Léitheoir Pearsanta a fháil, féadfaidh go mbeidh Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre ag teastáil.
Ní mór don fhostaí a Léitheoir Pearsanta féin a aimsiú. Ní gá go mbeidh an duine cáilithe.
Ní fhéadfaidh an Léitheoir Pearsanta cabhair léitheoireachta a thabhairt in ionad aon chabhair léitheoireachta a thugann comhghleacaithe, daoine gaolmhara nó cairde go hiondúil.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Má cheadaítear an t-iarratas, cuirfidh an Roinn maoiniú ar fáil chun costais aontaithe do Léitheora Pearsanta a íoc. Beidh ort foirm éilimh um tacaíocht ó Léitheoir Pearsanta a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais ag deireadh gach mí agus an tacaíocht seo á húsáid agat.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Trealamh Oibre
Is féidir le fostaí nua nó le fostaí atá ann cheana nó le duine féinfhostaithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun costais an trealaimh chúnta nó na teicneolaíochta a theastaíonn le bheith ag obair nó le leanúint leis an obair san ionad oibre agus/nó in áitreabh cianoibre a chlúdach.
Tabhair faoi deara: Déantar oiriúnuithe ar threalamh a mhaoiniú faoin tacaíocht um Oiriúnú don Ionad Oibre.
Beidh ar an bhfostóir nó ar an duine féinfhostaithe tacaíocht agus síniú a thabhairt don iarratas chun an trealamh ceadaithe a aimsiú agus a cheannach agus aisíocaíocht a éileamh ón Roinn.
I ngach cás, coimeádann an duine atá faoi mhíchumas úinéireacht ar an trealamh ach amháin má comhtháthaíodh le trealamh an fhostóra é.
Ní féidir an tacaíocht a úsáid chun trealamh a sholáthraíonn fostóirí de ghnáth a mhaoiniú agus áiríonn sé aon rud a bheadh ag teastáil de ghnáth chun tascanna an phoist a chur i gcrích.
Ní féidir é a úsáid chun:
- oibleagáidí fostóra a cheanglaítear faoin dlí a mhaoiniú, amhail:
- An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 - An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (hsa.ie) (arna leasú)
- Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2015 – féach an fhaisnéis sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 – Achoimre - IHREC - Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
- freastal ar na gnáthchostais a bhaineann le gnó a bhunú agus a reáchtáil d’fhostóir nó do dhuine féinfhostaithe
- trealamh a bhaineann go sonrach le post faoi leith agus a sholáthraíonn fostóirí de ghnáth a mhaoiniú
Conas cáiliú
Chun maoiniú a fháil le haghaidh trealamh oibre ní mór na ceanglais maidir le hObair agus Rochtain a chomhlíonadh.
Is féidir le fostaí nó le duine féinfhostaithe an tacaíocht seo a úsáid má tá míchumas nó riocht sláinte air/uirthi agus má tá trealamh nó teicneolaíocht chúnta ag teastáil le dul i mbun oibre.
Íocann an scéim:
- suas le €12,000 i dtreo costais trealaimh nó teicneolaíochta cúnta don áitreabh gnó, oiliúint san áireamh
- suas le €12,000 i dtreo costais trealaimh nó teicneolaíochta cúnta don áitreabh cianoibre, oiliúint san áireamh, má tá sainoiliúint ag teastáil don trealamh
Tacaíochtaí ar fáil
Is féidir leis an tacaíocht um threalamh oibre de chuid Obair agus Rochtain tacaíocht a sholáthar:
- i dtreo costais trealaimh nó teicneolaíochta cúnta don áitreabh gnó, oiliúint san áireamh, agus
- i dtreo costais trealaimh nó teicneolaíochta cúnta don áitreabh cianoibre, oiliúint san áireamh, má tá sainoiliúint ag teastáil don trealamh
I measc na samplaí de threalamh nó teicneolaíochta cúnta, tá:
- troscán speisialaithe
- méarchláir sainiúla
- formhéadaitheoirí scáileáin
- córais lúb ionduchtúcháin
- aimplitheoirí do ghutháin
- córais súigh agus séid
- bogearraí léitheoireachta scáileáin
- bogearraí aitheanta gutha
- córais teidealaithe fíor-ama
- athnuachan ceadúnais bogearraí cúnta
Is féidir tacaíocht d’athnuachan ceadúnais bogearraí a éileamh go bliantúil ach ní mór don fhostaí nó don duine féinfhostaithe cur isteach ar an maoiniú seo agus cead a fháil sula gceannaítear an ceadúnas.
Caithfidh teicneolaíocht chúnta a bheith comhoiriúnach le gléasanna/córais san ionad oibre sula gceannaítear í.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Tacaíocht maidir le hOiriúnú don Ionad Oibre
Tá an tacaíocht seo dírithe ar dhaoine atá faoi mhíchumas a bhfuil gá acu le mionathruithe ina n-ionad oibre le cur ar a gcumas dóibh post a fháil nó fanacht sa phost ina bhfuil siad cheana féin.
Is féidir le fostóir, in éineacht lena fhostaí, nó le duine féinfhostaithe, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun na costais a bhaineann le hoiriúnuithe riachtanacha ar threalamh, ar theicneolaíocht nó ar áitreabh gnó (nach teach an duine é) a chlúdach.
Teastaíonn Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre chun tacú leis an éileamh ar thacaíocht Oiriúnaithe don Ionad Oibre.
Agus cead iomlán tugtha, gheobhaidh agus ceannóidh an fostóir an t-oiriúnú ceadaithe agus déanfaidh aisíocaíocht a éileamh ón scéim.
Íocann an scéim suas le €25,000 i dtreo na gcostas a bhaineann le trealamh, teicneolaíocht agus áitreabh gnó (nach teach an duine é) a oiriúnú.
Samplaí d’oiriúnuithe:
mionathruithe beaga foirgnimh amhail rampaí nó leithris;
- córais aláraim le soilse gealánacha
Ní féidir an tacaíocht a úsáid chun:
- íoc as trealamh nó oiriúnuithe a sholáthraíonn fostóirí de ghnáth. Is éard atá i gceist le trealamh den sórt sin aon rud a theastódh de ghnáth chun tascanna an phoist a dhéanamh, cé acu má tá an duine a bhfuil an post á dhéanamh aige/aici faoi mhíchumas nó nach bhfuil. Braitheann trealamh den sórt sin ar chúinsí an phoist faoi leith atá i gceist
- íoc as tacaíochtaí a theastaíonn faoin dlí, mar:
- Na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 go 2014
- I.R. Uimh. 487/1997 Rialacháin Foirgníochta 1997. Go háirithe, Doiciméad M, Treoir Theicniúil na Rialachán Foirgníochta 2010
- An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (arna leasú)
- Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2015 a chuimsíonn oibleagáidí maidir le rochtain a fháil ar áitribh, áiseanna sláintíochta, páirceáil agus gnéithe eile do dhaoine atá faoi mhíchumas i gcásanna ina bhfuil rochtain phoiblí ag an ionad oibre nó ag an ngnó
- chun freastal ar na gnáthchostais a bhaineann le gnó a bhunú agus a reáchtáil d’fhostóir nó do dhuine féinfhostaithe
- maoiniú le haghaidh oiriúnuithe ar a t(h)each fiú más é príomhionad oibre an fhostaí é. Chun maoiniú a fháil le haghaidh oiriúnuithe ar a t(h)each, is féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh ar an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta leis an An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Conas cáiliú
Chun na hoiriúnuithe riachtanacha a fháil ar threalamh oibre, ar theicneolaíocht agus ar an áitreabh gnó ní mór na ceanglais maidir le hObair agus Rochtain a chomhlíonadh.
Is féidir le fostóir nó le duine féinfhostaithe an tacaíocht seo a úsáid má tá míchumas nó riocht sláinte ar an duine agus go dteastaíonn oiriúnú dó/di do threalamh nó teicneolaíocht nó d’áitreabh gnó (nach teach an duine é) chun oibriú.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Oiliúint um Chomhionannas do Dhaoine faoi Mhíchumas agus Cuimsiú
Is féidir le fostóir nó le heagraíocht iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun íocaíocht d’oiliúint míchumais, comhionannais agus cuimsithe dá f(h)oireann.
Conas cáiliú
Tacaíonn Obair agus Rochtain le hOiliúint um Chomhionannas agus Cuimsiú Míchumais d’fhostóirí/eagraíochtaí, agus ní mór na critéir thíos a chomhlíonadh.
Is féidir le fostóir/eagraíocht an tacaíocht seo a úsáid sna cásanna seo a leanas:
- is fostóir neamh-phoiblí iad
- tá lucht saothair íoctha acu
- tá siad ag iarraidh tabhairt faoi oiliúint agus forbairt foirne chun cuimsiú na ndaoine atá faoi mhíchumas san ionad oibre a chur chun cinn
- tá siad ag iarraidh seirbhís chuimsitheach agus so-úsáidte a sholáthar do chustaiméirí atá faoi mhíchumas
Cúrsaí Oiliúna*
Ní mór go gcuirfear na cúrsaí oiliúna in oiriúint chun dul i ngleic leis na riachtanais atá ann in ionad oibre faoi leith, féach roghanna oiliúna thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise.
I measc samplaí de chostais incháilithe, tá:
- cláir nó cúrsaí oiliúna seachtracha
- oiliúint intí ag oiliúnóirí seachtracha
- Foghlaim Oscailte nó cláir oiliúna ar líne
- ábhair a theastaíonn do na cúrsaí oiliúna (mar shampla: lámhleabhair, rochtain ar acmhainní ar líne)
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag an traenálaí/traenálaithe:
- cáilíochtaí agus/nó taithí ábhartha
- tuiscint ar shamhail shóisialta an mhíchumais
- eolas fairsing ar shaincheisteanna maidir le beartais mhíchumais
- taithí nó feasacht ar mhíchumas agus ar chuimsiú
- bheith faoi mhíchumas nó clár oiliúna a bheith forbartha acu i gcomhar le daoine faoi mhíchumas
Roghanna oiliúna
1. Ní mór go n-áireofar na nithe seo a leanas san Oiliúint Ghinearálta um Chomhionannas agus Cuimsiú do Dhaoine atá faoi Mhíchumas:
- faisnéis chun feasacht agus tuiscint a mhéadú ar dhaoine atá faoi mhíchumas, ar shamhail shóisialta an mhíchumais agus ar choincheapa comhionannais mhíchumais
- léargas ginearálta ar an reachtaíocht ábhartha maidir le frith-idirdhealú agus comhdheiseanna, agus ar chearta na ndaoine atá faoi mhíchumas go gcaithfear leo ar bhonn comhionann san fhostaíocht, lena n-áirítear bearta réasúnta chun freastal orthu
- faisnéis faoi dhaoine le cineálacha éagsúla míchumais
- treoir maidir le cumarsáid agus teagmháil a dhéanamh le daoine atá faoi mhíchumas ar bhonn measúil, inrochtana agus cuimsitheach agus friotal cuí a úsáid i dtaca le míchumais a áirithiú
- dea-chleachtais chun tuiscint agus scileanna a fhorbairt chun go dtuigfear gur daoine aonair a bhfuil a gcumas agus a scileanna acu féin iad daoine atá faoi mhíchumas trí chleachtaí feasachta a thugann aghaidh ar bhoinn tuisceana, steiréitíopaí agus dearcthaí diúltacha, agus
- faisnéis maidir le daoine le saincheisteanna meabhairshláinte a chur ar a gcompord ar bhonn éifeachtúil chun go mbeidh siad rannpháirteach san ionad oibre
2. Sainoiliúint a bhaineann le míchumas, mar shampla:
- Traenáil ISL d’fhostaí sa chás go bhfuil fostaí nó fostóir eile Bodhar
- Oiliúint Láimh d’fhostaí sa chás go n-úsáideann fostaí nó fostóir eile Lámh le cumarsáid a dhéanamh
- cúrsaí a mhíníonn na cleachtais is fearr chun daoine atá faoi mhíchumas ar leith a chuimsiú ar bhonn éifeachtúil san ionad oibre, amhail iad siúd a bhaineann an néaréagsúlacht dóibh sa chás go bhfuil fostaí nó fostóir néara-éagsúil
3. Oiliúint i dtaca le hearcaíocht agus bainistíocht cuimsitheach do bhainisteoirí a chaithfidh a áireamh conas:
- teacht go réamhghníomhach ar dhaoine atá faoi mhíchumas i bhfeachtais earcaíochta
- próisis iarratais agus agallaimh atá cuimsitheach agus cothrom a reáchtáil
- míchumas agus nochtadh a phlé le hiarrthóir nó le fostaí
- iarratais ar oiriúnú réasúnta a dhéanamh san ionad oibre a mheas, agus
- aghaidh a thabhairt ar chlaontacht neamh-chomhfhiosach
Soláthraíonn an tacaíocht do mhaoiniú na gcostas oiliúna incháilithe mar seo a leanas:
- 90% de chostais incháilithe don QQI, nó do chúrsaí eile arna ndeimhniú ag comhlachtaí rialaithe eile atá aitheanta go náisiúnta NÓ
- 80% de na costais incháilithe i gcás nach bhfuil an cúrsa ceadaithe/deimhnithe ag comhlacht rialaithe atá aitheanta go náisiúnta
Tá sé seo faoi réir teorann maoinithe de €20,000 thar thréimhse 12 mhí le haghaidh costais oiliúna incháilithe thar raon na roghanna oiliúna.
Caithfidh an fostóir/eagraíocht a n-oiliúnóir/n-oiliúnóirí féin a aimsiú
Níl aon liosta réamhcheadaithe de sholáthróirí oiliúna ann
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Foirm Iarratais
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais um Obair agus Rochtain a chomhlánú.
Foirm iarratais um Thacaíochtaí Oibre agus Rochtana
Foirm iarratais um Thacaíochtaí Oibre agus Rochtana d’Fhostóirí
Tá riachtanais éagsúla i gceist le gach ceann de na tacaíochtaí. Bunófar ceadú deiridh an mhaoinithe ar riachtanais na tacaíochta a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith a chomhlíonadh, rud a chinnfidh oifigigh ainmnithe na Roinne. (Féach Treoirlínte Oibríochta)
Teagmháil
Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na tacaíochtaí ach:
- Item was unpublished or removed
- ríomhphost a chur chuig an bhfoireann lárnach ag WorkandAccess@welfare.ie
- scríobh chuig:
Work and Access Section
- Seoladh:
- Central Team, Finglas Intreo Centre, PO Box 13736, Freepost FDN7696, Dublin 11
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Application forms must be sent by post to the PO Box detailed above ↑
Treoirlínte Oibríochta
Déanann treoirlínte oibríochta cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint ag custaiméirí agus ag fostóirí agus iarratas á dhéanamh.
Obair agus Rochtain