Pósadh in Éirinn
- Foilsithe: 19 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Ag pósadh in Éirinn
- Coinne fógra pósta
- Cuir coinne fógra pósta nó searmanas sibhialta in áirithe ar líne
- Ionad a roghnú le haghaidh searmanas pósta sibhialta
- Cláraigh do phósadh
- Faigh deimhniú pósta
Ag pósadh in Éirinn
Más mian leat pósadh in Éirinn, caithfidh tú fógra trí mhí a thabhairt, go pearsanta, ag seirbhís um chlárú sibhialta. Baineann sé seo le gach pósadh sibhialta, reiligiúnach agus tuata.
Chun fógra a thabhairt, ní mór duit coinne fógartha a chur in áirithe agus ní mór go mbeadh an bheirt agaibh i láthair.
Cuir coinne fógra pósta in áirithe
Chun coinne fógra pósta a chur in áirithe ar an bhfón, déan teagmháil le seirbhís um chlárú sibhialta.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le constaicí ar phósadh in Éirinn.
I gcás limistéar áirithe sa tír is féidir leat áit a chur in áirithe ar líne chomh maith.
Cuir do choinne in áirithe chomh luath roimh ré agus is féidir. Is féidir le hamanna feithimh athrú i rith na bliana.
Déan teagmháil le seirbhís um chlárú sibhialta má tá tú i bpáirtnéireacht shibhialta agus más mian leat pósadh.
Cad a tharlaíonn le linn na coinne fógra pósta
Ag an gcoinne fógra pósta, buaileann an cláraitheoir leis an mbeirt agaibh.
Síníonn sibh dearbhú lena luaitear nach bhfuil aon chúis dlí ar eolas agaibh a chiallódh nach bhféadfadh an pósadh tarlú.
Má tá gach rud in ord, tugann an cláraitheoir foirm um chlárú pósta daoibh.
Féadfaidh cláraitheoirí barántúlacht iarratais a imscrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith. D’fhéadfaí go ndéanfaí cinneadh gan ceadúnas a dheonú mar thoradh air seo.
Ní mór daoibh doiciméid agus fótachóipeanna áirithe a thabhairt libh.
Fógraí poist
Mura bhfuil tú i do chónaí in Éirinn agus má theastaíonn uait fógra a thabhairt tríd an bpost, déan teagmháil le seirbhís um chlárú sibhialta.
Beidh ort fós fógra 3 mhí a thabhairt sa chás seo freisin. Ina theannta sin, beidh ort bualadh leis an gcláraitheoir 5 lá ar a laghad roimh an searmanas chun an fhoirm dhearbhaithe a shíniú.
Tabharfaidh an cláraitheoir an Fhoirm Chláraithe Pósta duit freisin.
Náisiúnaigh AE agus choigríche
Beidh ort freastal ar agallamh leis an gcláraitheoir:
- más náisiúnach de chuid an AE tú a bhfuil náisiúnach neamh-AE á phósadh agat
- más náisiúnach coigríche duine agaibh
Táillí fógra
€200 an táille fógra neamh-inaisíoctha.
Cé atá in ann tú a phósadh
Ionas go mbeidh pósadh dleathach, caithfidh sollúnóir a bheith i mbun an tsearmanais.
Caithfidh ainm an tsollúnóra a bheith ar an gClár Sollúnóirí.
I gcás searmanas sibhialta, déanfaidh an cláraitheoir an pósadh a shollúnú.
Finnéithe
Ní mór go mbeadh an dá fhinné os cionn 18 mbliana d’aois ar lá an tsearmanais phósta.
Searmanais shibhialta
Teastóidh 2 fhinné atá os cionn 18 mbliana d’aois.
Déanfaidh an cláraitheoir a bhí i mbun an tsearmanais an pósadh a chlárú.
Tabhair ar aird: Gearrtar táillí breise ar shearmanais shibhialta a bhíonn ar siúl in ionad nach clárlann é.
Searmanais reiligiúnacha
Caithfidh tú coinne fógra a chur in áirithe más searmanas eaglaise, reiligiúnach nó tuata atá i gceist.
Téigh i dteagmháil leis na húdaráis reiligiúnach chun an searmanas a eagrú. Beidh ort an pósadh a chlárú freisin.
Coinne fógra pósta
Beidh ort an fhoirm um ghabháil sonraí a íoslódáil, a chomhlánú agus a thabhairt leat chuig do choinne fógra pósta.
Doiciméid a theastaíonn ó gach duine
Caithfidh an bheirt agaibh an leagan bunaidh agus fótachóip dhaite den leathanach grianghraf de cheann amháin díobh seo a leanas a thabhairt libh:
- pas
- cárta dídeanaí nó cárta tearmainn arna eisiúint ag An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
- cárta aitheantais náisiúnta ó thír AE a ghlacann leo mar dhoiciméad taistil
Caithfidh dáta bailí a bheith ar na doiciméid ar a bhfuil aitheantas fótagrafach.
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait chomh maith:
- an leagan bunaidh agus fótachóip de bhur dteastais bhreithe
- cruthúnas ar sheoladh - leagan bunaidh agus fótachóip ar a bhfuil dáta le 3 mhí anuas
- bhur nUimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP)
Aistriúchán agus fíordheimhniú doiciméad
Mura bhfuil na doiciméid i mBéarla nó i nGaeilge caithfidh tú aistriúcháin a sholáthar.
Ba cheart go mbeadh Foirm Chaighdeánach Ilteangach (MSF) ag gabháil le doiciméid phoiblí arna n-eisiúint ag ballstát den AE, ar doiciméad aistriúcháin agus fíordheimhnithe í a glactar léi ar fud an AE.
Má rugadh sibh lasmuigh den AE agus mura bhfuil cineál inghlactha aitheantas fótagrafach agaibh (mar shampla pas bailí, Cárta Seirbhíse Poiblí, srl.), teastóidh stampa nó litir apastaile ó bhur nAmbasáid/Misean Taidhleoireachta chun barántúlacht na dteastas a dheimhniú.
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil chomh maith:
- cruthúnas ar sheoladh - leagan bunaidh agus fótachóip de bhille fóntais
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) - má tá seoladh reatha agaibh in Éirinn, nó más rud é go mbeidh seoladh agaibh in Éirinn sa todhchaí
- an cineál searmanais - sibhialta, reiligiúnach nó tuata
- ainm an tsollúnóra
- ainm agus seoladh an ionaid atá beartaithe
- ainm agus dáta breithe an bheirt fhinnéithe
Mura saoránach den AE duine agaibh
Tabhair leat an fhianaise is déanaí maidir le do stádas inimirce.
Má labhraíonn sibh lena chéile i dteanga nach ionann í agus Béarla nó Gaeilge, caithfidh sibh ateangaire a sholáthar. Beidh oraibh é seo a dhéanamh ag an searmanas chomh maith.
Sonraí an tsearmanais
Beidh ort an fhaisnéis seo a leanas faoi bhur searmanas a sholáthar:
- an cineál seirbhíse
- ainm agus seoladh an ionaid atá beartaithe
- ainm an tsollúnóra
- ainm agus dáta breithe an bheirt fhinnéithe
Má tá tú colscartha
Beidh bunchóip nó cóip dheimhnithe, agus fótachóip, de d’fhoraithne colscartha ag teastáil uait. Má tá bac ar an bhforaithne colscartha, tabhair leat é sin freisin.
Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís um chlárú sibhialta chun comhairle a fháil más rud é go bhfuair tú colscaradh i dtír eile.
Scrúdóidh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin gach colscaradh coigríoch chun a fháil amach cibé an féidir nó nach féidir é a aithint sa Stát.
Más baintreach nó baintreach fir tú
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- bunchóip agus fótachóip den deimhniú pósta sibhialta
- bunchóip agus fótachóip de deimhniú bás sibhialta an chéile nach maireann
Má tá tú i bpáirtnéireacht shibhialta
Déan teagmháil leis an tseirbhís um chlárú sibhialta más mian leat pósadh.
Tabhair ar aird: Teastóidh an bunchóip agus fótachóip den deimhniú páirtnéireachta sibhialta uait.
Páirtnéireacht shibhialta roimhe seo
Maidir le páirtnéireacht shibhialta roimhe seo, beidh an fhoraithne scaoilte deiridh ag teastáil uait.
Más páirtí sibhialta marthanach tú
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- bunchóip agus fótachóip den deimhniú páirtnéireachta sibhialta
- bunchóip agus fótachóip de dheimhniú bás sibhialta an pháirtí nach maireann
Má tá neamhniú sibhialta agat
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- bunchóip agus fótachóip d'ordú cúirte an neamhnithe shibhialta
- litir chúirte agus fótachóip ag deimhniú nach bhfuil aon achomharc taiscthe i gcoinne an ordaithe
Cuir coinne fógra pósta nó searmanas sibhialta in áirithe ar líne
Féadfaidh tú coinne fógra pósta a chur in áirithe ar líne más pósadh reiligiúnach nó tuata atá i gceist. Is féidir leat é seo a dhéanamh do gach cearn den tír seachas Luimneach, an Clár agus Tiobraid Árann Thuaidh.
Caithfidh an lánúin agus an ceiliúraí an searmanas pósta a eagrú.
Cuir coinne fógra pósta reiligiúnach nó tuata in áirithe.
Cuir coinne fógra pósta in áirithe ar líne
Féadfaidh tú coinne fógra pósta a chur in áirithe ar líne sna limistéir seo a leanas:
- An Cabhán
- Corcaigh
- Gaillimh
- Ciarraí
- Lú
- Maigh Eo
- An Mhí
- Muineachán
- Ros Comáin
- Loch Garman
Cuir coinne fógra pósta sibhialta in áirithe ar líne.
Cuir coinne agus fógra pósta agus searmanas sibhialta in áirithe ar líne
Féadfaidh tú coinne fógra pósta agus searmanas a chur in áirithe ar líne sna limistéir seo a leanas:
- An Mhí
- Lú
- An Cabhán
- Muineachán
Cuir coinne fógra pósta sibhialta agus searmanas in áirithe ar líne.
Ionad a roghnú le haghaidh searmanas pósta sibhialta
Is féidir searmanas sibhialta a reáchtáil i seirbhís um chlárú sibhialta nó in ionad arna cheadú ag an gcláraitheoir. Ní gá duit a bheith i do chónaí sa cheantar céanna ina bhfuil an t-ionad.
Go ginearálta, ní dhéanann cláraitheoirí ach searmanais sa chontae ina bhfuil siad lonnaithe.
Más mian leat pósadh in ionad seachas seirbhís um chlárú sibhialta, déan teagmháil leis an tseirbhís um chlárú sibhialta sa limistéar sin. B’fhéidir go mbeidh ar an gcláraitheoir an t-ionad a scrúdú.
Gearrtar táille bhreise as searmanas sibhialta a reáchtáil in ionad seachas seirbhís um chlárú sibhialta.
Ionad a roghnú
Caithfidh an t-ionad a bheith oiriúnach chun searmanas pósta a reáchtáil ann. Ní mór go mbeadh dóthain spáis ann dóibh siúd a bheidh ag freastal.
Ní mór gurb éard a bheadh san ionad:
- foirgneamh atá oscailte don phobal
- clós, gairdín, páirc nó píosa talún atá oscailte don phobal agus atá gar don fhoirgneamh agus á roinnt leis an bhfoirgneamh de ghnáth
Chomh maith leis sin, ní mór go mbeadh an méid seo a leanas fíor faoin ionad:
- so-aitheanta go soiléir ó chur síos agus suíomh
- rochtain neamhshrianta chuige
- cead pleanála, sábháilteacht dóiteáin agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta á gcomhlíonadh aige
- cumhdach árachais dliteanais phoiblí a bheith aige
- inrochtana do chách
- nach raibh agus nach bhfuil aon bhaint aige le haon reiligiún, cleachtas nó claonadh reiligiúnach
Cláraigh do phósadh
Braitheann conas a chláraíonn tú do phósadh ar an gcineál searmanais a bhíonn agat.
Pósadh sibhialta
Déanfaidh an cláraitheoir a bhí i mbun an tsearmanais an pósadh a chlárú.
Pósadh reiligiúnach nó tuata
Tabhair an fhoirm chláraithe pósta chuig aon seirbhís um chlárú sibhialta. *Ní mór duit é seo a dhéanamh laistigh de mhí amháin ó dháta an phósta.
Táille chun pósadh a chlárú
Ní gá íoc chun pósadh a chlárú in Éirinn.
Gearrtar táille ar dheimhniú pósta a cheannach.
Póstaí lasmuigh d'Éirinn
Má phósann tú thar lear, clárófar an pósadh sa tír inar reáchtáladh an pósadh.
Ní chláraíonn an tseirbhís um chlárú sibhialta póstaí a reáchtálach thar lear.
Faigh deimhniú pósta
Ordaigh ar líne, tríd an bpost nó go pearsanta ó aon seirbhís um chlárú sibhialta.
Chun deimhniú pósta a fháil ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- ainmneacha iomlána na lánúine roimh phósadh
- dáta an phósta nó an dáta garbh mura bhfuil sé ar eolas
- ainm agus seoladh iomlán an tséipéil, oifig na clárlainne nó an ionaid inar reáchtáladh an pósadh
Táillí
Orduithe ar líne
€20 le haghaidh deimhniú caighdeánach iomlán.
Orduithe thar an gcuntar
Is iad seo a leanas na táillí a bhaineann le deimhnithe a ordú ag seirbhís um chlárú sibhialta nó tríd an bpost:
€20 le haghaidh deimhniú caighdeánach iomlán.
- €5 le haghaidh cóip neamhdheimhnithe - ní féidir í a úsáid ach chun críocha taighde
- €10 chun deimhniú a fhíordheimhniú - ar fáil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin
- Níl aon táille ar chóip chun críocha leasa shóisialaigh nó chun clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí PSC. (Teastaíonn litir ón roinn)
- €20 le haghaidh cóip dheimhnithe d’iontráil i gClár na Leanaí Uchtaithe
Orduithe ar líne
Braitheann an t-am seachadta ar an achar ama a thógann sé an deimhniú a aimsiú agus cá bhfuil sé le seoladh. Tá sé mar aidhm againn deimhnithe a sheoladh laistigh de 20 lá oibre.
Cosnaíonn orduithe ar líne €1.50 in aghaidh an ordaithe in Éirinn agus €2 in aghaidh an ordaithe lasmuigh d’Éirinn.
Mura féidir linn an taifead a aimsiú, seolfaimid aisíocaíocht iomlán chugat.
Tabhair ar aird:Caithfear teastais chaighdeánacha iomlána a ordú ar líne.
Ordú sa phost
Chun deimhniú a ordú tríd an bpost i mBéarla nó i nGaeilge, íoslódáil ceann de na foirmeacha iarratais ag bun an leathanaigh seo.
Na blianta a bhfuil deimhnithe ar fáil lena n-aghaidh
Tá deimhnithe ar fáil le haghaidh:
- póstaí a cláraíodh ar oileán na hÉireann idir 1864 agus 1921 agus in Éirinn ó 1922 ar aghaidh
- páirtnéireachtaí sibhialta a cláraíodh in Éirinn ó 2011 ar aghaidh
Déan teagmháil linn faoi orduithe ar líne
HSE Civil Registration Service
- Seoladh:
- Joyce House, 8 - 11 Lombard Street East, Dublin 2, D02 Y729.
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 863 8200