Pacáiste Sochair Teaghlaigh
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2025
- Cad atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh
- Conas cáiliú
- Cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
- Ráta íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh
Cuidíonn an Pacáiste Sochair Teaghlaigh le costais maidir le billí leictreachais nó gáis. Cuimsítear do cheadúnas teilifíse leis freisin.
Níl ach Pacáiste Sochair Teaghlaigh amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh agus ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort go lánaimseartha in Éirinn.
I gcás daoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine, ní dhéantar tástáil acmhainne air agus ní gá go mbeadh íocaíocht incháilithe á fáil agat.
Má tá tú idir 66 agus 70, féadfaidh tú an pacáiste a fháil fós, má chomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha.
Is féidir leat an pacáiste a fháil má tá tú faoi bhun 66 bliain d’aois agus má fhaigheann tú Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra (má tá tú i do chónaí leis an duine atá faoi do chúram).
Conas cáiliú
Chun cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh, ní mór duit:
- a bheith i do chónaí in Éirinn (ar bhonn lánaimseartha, ar feadh na bliana)
- a bheith mar an t-aon duine sa teach a fhaigheann an Pacáiste Sochair Teaghlaigh
AGUS
- a bheith 70 nó níos sine
NÓ
- a bheith idir 66 agus 70 bliain d’aois agus na coinníollacha cáilitheacha thíos a chomhlíonadh
NÓ
- a bheith faoi bhun 66 bliain d’aois agus na coinníollacha cáilitheacha thíos a chomhlíonadh
Coinníollacha cáilitheacha do dhaoine faoi bhun 70 bliain d’aois
Má tá tú faoi bhun 70 bliain d’aois, is féidir leat cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh. Caithfidh íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach a bheith á fáil agat (féach thíos) agus más infheidhme:
- ní mór do do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir a bheith ag fáil Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe ar d’íocaíocht cháilitheach
NÓ
- faigheann do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir íocaíocht cháilitheach dá gcuid féin
NÓ
- má fhaigheann do chéile,do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir íocaíocht leasa shóisialaigh, ní mór dóibh tástáil a acmhainne a shásamh
- má tá do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir os cionn 66 bliain d’aois, ní mór dóibh tástáil acmhainne a chomhlíonadh freisin mura bhfuil íocaíocht cháilitheach acu féin
Íocaíochtaí incháilithe idir 66 agus 70 bliain d’aois
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- An Pinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Liúntas Cúramóra
- Gnáthphinsean Baintrí an Gharda Síochána ón Roinn Dlí agus Cirt
- Íocaíocht Slándála Sóisialaí ó thír atá faoi Rialacháin an Aontais nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi
- Forlíonadh Éagumais le Sochar Míthreorach (ar feadh 12 mhí ar a laghad)
Más idir 66 agus 70 bliain d’aois thú agus mura bhfuil íocaíocht incháilithe á fáil agat, ní mór duit tástáil acmhainne a chomhlíonadh.
D’fhéadfadh Baintreach/Baintreach Fir/Páirtnéir Sibhialta Marthanach atá ag fáil Pinsean Ranníocach/Neamhranníocach Baintrí/Baintrí Fir nó Gnáthphinsean Baintrí an Gharda Síochána agus atá idir 60 agus 65 bliana d’aois a bheith incháilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh freisin.
Cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
Is féidir leat cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh má chomhlíonann tú ceann amháin de na coinníollacha seo:
- má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat agus má tá tú i do chónaí leis an duine atá faoi do chúram
- má tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá ina c(h)ónaí leat a fhaigheann Liúntas Síorfhreastail
Íocaíochtaí cáilitheacha faoi bhun 66 bliana d’aois
- Liúntas Míchumais
- Pinsean Easláine
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra (má tá tú i do chónaí leis an duine atá faoi do chúram)
- Forlíonadh Éagumais le PinseannMíchumasachta ar feadh 12 mhí ar a laghad
- Íocaíocht Slándála Sóisialaí Eachtrach Choibhéiseach
Tionónta i maoin ar cíos
Más tionónta thú i maoin ar cíos, ní mór do do thiarna talún an méid seo a leanas a sholáthar:
- dearbhú i scríbhinn gur tionónta thú
- MPRN (uimhir thagartha mhéadarphointe) do sheoladh
nó
- GPRN (Uimhir Tagartha Gásphointe) do sheoladh
Ní mór do do thiarna talún a dheimhniú freisin go bhfuil tú do bhillí fuinnimh féin á n-íoc agat.
Ráta íocaíochta
Is é €1.15 an ráta íocaíochta in aghaidh an lae le haghaidh do bhille leictreachais nó gáis. Déantar íocaíocht leis an soláthraí seirbhíse agus baintear an tsuim sin de do bhille ina dhiaidh sin nó is féidir an íocaíocht a íoc isteach i do chuntas bainc/i do chuntas oifig an phoist. Déantar an íocaíocht airgid go míosúil, ar an gcéad Mháirt de gach mí.
Chomh luath is a cháilíonn tú don Phacáiste Sochar Teaghlaigh, cáilíonn tú do Cheadúnas Teilifíse saor in aisce ón gcéad dáta eile ar a mbeidh sé le hathnuachan. Cuireann tú isteach air seo mar chuid de d’iarratas ar do Phacáiste Sochar Teaghlaigh.
Chun an íocaíocht Pacáiste Sochar Teaghlaigh a fháil mar shochar curtha i bhfeidhm ar do bhille leictreachais nó gáis, caithfidh tú bille a thaispeáint a chruthaíonn gur íocóir bille cláraithe thú le haghaidh an tseolta baile a bhfuil iarratas á chur isteach agat ina leith.
Cuir iarratas isteach
Is féidir leat iarratas a dhéanamh anois ar www.MyWelfare.ie don Phacáiste Sochair Teaghlaigh. Cuir iarratas isteach tríd an nasc thíos:
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phacáiste Sochair Teaghlaigh freisin tríd an bhfoirm iarratais thíos a íoslódáil agus í a sheoladh, mar aon le haon doiciméid tacaíochta, chuig:
Household Benefits Package Section
- Seoladh:
- Household Benefits Package Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 200 400;
071 9157 100
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa Roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.