Pinsean AE a Éileamh
- Foilsithe: 2 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2022
Má tá cónaí ort in Éirinn
Má tá cónaí ort i bPoblacht na hÉireann, agus más mian leat do phinsean AE a éileamh ó thír eile de chuid LEE, féadfaidh tú é sin a dhéanamh tríd an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má tá tú 65 bliain d'aois nó níos sine, ba chóir duit foirm SPC1 a úsáid. Má tá tú faoi bhun 65 bliana d'aois, nó os cionn 66 bliana d'aois agus má tá Pinsean Stáit á fháil agat cheana féin ó Éirinn, ba chóir duit foirm EUP 65 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos.
Ba chóir d'iarratasóirí a chinntiú go gcomhlánaíonn siad foirmeacha go hiomlán, ag tabhairt sonraí faoina stair fostaíochta, in Éirinn agus thar lear, a mhéid is féidir.
EU Pension Section
- Seoladh:
- EU Pensions Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
071 9157100
Daoine ina gCónaí lasmuigh d'Éirinn
Má tá cónaí ort lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, i dTír LEE, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Phinsean AE chuig an institiúid pinsin i do thír chónaithe, de réir nósanna imeachta na hinstitiúide sin.
Mura bhfuil cónaí ort i dtír le LEE, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Phinsean AE chuig an institiúid pinsin sa tír LEE ina raibh tú fostaithe go deireanach inárachaithe.