English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Pinsean na nDall



Céard é Pinsean na nDall

Is íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne de é Pinsean na nDall a íoctar le daoine dalla agus daoine lagamhairc a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn.

Is féidir le duine a bhfuil Pinsean na nDall á fháil aige/aici a bheith i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta. Tugtar neamhaird ar an gcéad €165 d’ioncam seachtainiúil ón bhfostaíocht sin (i ndiaidh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a asbhaint) chun críche na tástála acmhainne. Ansin tugtar neamhaird ar 50% dá dtuilleamh seachtainiúil idir €165 agus €375 chun críche na tástála acmhainne. Déantar aon tuilleamh breise, os cionn €375 sa tseachtain, a mheas ina iomláine chun críche na tástála acmhainne.

Is féidir cáin a ghearradh ar Phinsean na nDall mar fhoinse ioncaim.


Conas cáiliú

Chun cáiliú don phinsean, ní mór duit tástáil súl ó mháinlia súl a sholáthar chun do lagú amhairc a fhíorú.

Eolas breise

Má dheonaítear Pinsean na nDall duit, is féidir go gcáileoidh tú freisin do Liúntas Leasa na nDall a íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Gheobhaidh tú go huathoibríoch:

  • Pas Saorthaistil – taisteal saor in aisce ar an iompar poiblí in Éirinn
  • Pas Saorthaistil Chompánaigh – compánach atá 16 bliana d’aois nó os a chionn sin le taisteal saor in aisce freisin nuair atá an duine sin in éineacht leat.

Is féidir go gcáileoidh tú freisin do shochair eile mar an Méadú Maireachtála Aonair agus Pacáiste na Sochar don Líon Tí.

Má tá tú dall nó má tá tú faoi thromlagú amhairc roimh duit 18 mbliana d’aois a bhaint amach, is cóir duit d’éileamh a dhéanamh ceithre mhí roimh do 18ú breithlá.

Má tá tú 16-18 de bhlianta d’aois, is féidir go gcáileoidh tú freisin don Sochar Míthreorach.

Ní íoctar Pinsean na nDall tar éis duit 66 bliana d’aois a bhaint amach.

Má éiríonn tú dall nó má thagann tromlagú amhairc ort tar éis duit 18 mbliana d’aois a bhaint amach, is cóir duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Tá sé seo tábhachtach, mar ní féidir íocaíocht a dhéanamh ach ón dáta a bhfuil d’iarratas faighte againn. Má tá gá agat le cúram lánaimseartha, is féidir go gcáileoidh an duine a bheidh ag tabhairt aire duit do Liúntas Cúramóra nó do Shochar Cúramóra.

Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois agus má chomhlíonann tú na coinníollacha ábhartha, is féidir go gcáileoidh tú freisin do:

Is féidir go bhfaighidh tú Pinsean na nDall le linn duit Sochar Cumais Pháirtigh a fháil. Ní chuirimid d’ioncam ón Sochar Cumais Pháirtigh san áireamh nuair a dhéanaimid an tástáil acmhainne i dtaca le Pinsean na nDall, ach cuirimid do thuilleamh ó aon fhoise eile san áireamh.


Rátaí íocaíochta

Ráta seachtainiúil
Ráta pearsanta €244.00
Méadú do dhuine fásta cáilithe €162.00
Méadú do leanbh cáilithe Faoi bhun 12 bhliain d’aois Os cionn 12 bhliain d’aois
Ráta iomlán €50.00 €62.00
Leathráta €25.00 €31.00

Tá d’íocaíocht comhdhéanta de ráta pearsanta duit agus suimeanna breise do dhuine fásta cáilithe agus d’aon leanaí cáilithe.

Is é is duine fásta cáilithe ann ná céile nó páirtnéir a bhfuil a ioncam níos lú ná leibhéal áirithe. Faigheann tú méadú ar d’íocaíocht ina leith. Is féidir go bhfaighidh tú freisin suim bhreise i leith do linbh, rud ar a dtugtar méadú do leanbh cáilithe.

Chun an méadú seo a fháil, ní mór:

  • do do leanbh a bheith ag cónaí leat, sa Stát
  • an aois cheart a bheith ag do leanbh i dtaca leis an íocaíocht atá á éileamh agat
  • do do leanbh gan a bheith i gcoimeád dlíthiúil

Déan iarratas

Chun iarratas ar Phinsean na nDall a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais ar bhun an leathanaigh seo. Thairis sin, is féidir leat an fhoirm seo a fháil i do:

Tá leagan braille agus leagan téipe closchaiséid den fhoirm iarratais seo ar fáil ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Beidh an fhoireann i do Ionad Intreo áitiúiloifig chraoibhe leasa shóisialaigh áitiúil sásta cabhrú leat an fhoirm seo a líonadh agus féadfar freagra a thabhairt ar aon cheist a fhéadfaidh a bheith agat.

Cuir d’fhoirm iarratais líonta agus na cáipéisí ábhartha tacaíochta ar ais, le do thoil, chuig:

Blind Pension Section

Seoladh:
Blind Pension Section, Social Welfare Services Office, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

Blind_Pension@welfare.ie

Teileafón:
0818 200400;
071 915 7100
Foirm Iarratais: Pinsean na nDall (BP1)
Eagrán: Meán Fómhair 2021
Amharc amharc