Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
- Cad é an Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Conas a cháilítear dó
- Rátaí íocaíochta
- Conas is féidir leat ráta do Phinsin Stáit (Ranníocach) a mheas
- Iarratas a dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad é an Pinsean Stáit (Ranníocach)
Is íocaíocht sheachtainiúil é an Pinsean Stáit (Ranníocach) bunaithe ar do thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh. Tá teacht air ón am a sroicheann tú 66 bliain d’aois.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Ranníocach) má d’oibrigh tú riamh in Éirinn agus má d’íoc tú aon ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.
Tá rátaí íocaíochta éagsúla ag brath ar do thaifead ranníoca agus cúinsí eile. Ní íocaíocht de réir tástála acmhainne í agus mar sin ní bheidh tionchar ag aon ioncam breise a d’fhéadfadh a bheith agat ar d’íocaíocht.
Tá an Pinsean Stáit (Ranníocach) inchánach ach ní dócha go n-íocfaidh tú cáin más é an t-aon ioncam amháin atá agat.
Má d’oibrigh nó má chónaigh tú i dtíortha eile, mar shampla an Ríocht Aontaithe, d’fhéadfá cáiliú fós don Phinsean Stáit (Ranníocach), fiú mura gcáilíonn tú bunaithe ar do thaifead ranníocaíochta árachais shóisialaigh in Éirinn.
Cad atá nua faoi in 2024
- ón 1 Eanáir 2024, má tá 1040 seachtain (20 bliain) de Item was unpublished or removed bainfear feidhm astu chun do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocaíochta), maidir le gach iarratasóir nua
Is féidir feidhm a bhaint asItem was unpublished or removed chun athmheasúnú maidir le teidlíocht ar, nó le ráta Phinsean Stáit (Ranníocach) má bhí tú 66 bliain d’aois roimh 2024. Déanfar aon teidlíocht ó ardú ar ráta, a thagann chun cinn, a shiardhátú go 1 Eanáir 2024.
- má rugadh tú le linn nó i ndiaidh 1958:
Is féidir leat dáta a roghnú idir na haoiseanna 66 agus 70, le rochtain a fháil ar aon theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a bheadh agat. Tá ráta níos airde de Phinsean Stáit (Ranníocach) chun a bheith iníoctha leo siúd a fhaigheann rochtain ar Phinsean Stáit (Ranníocach) idir 67 agus 70 bliain d’aois. Item was unpublished or removed
Ní bheidh tú faoi dhliteanas ÁSPC a íoc, chomh luath is atá Pinsean Stáit (Ranníocach) á fáil agat (dóibh siúd a fhaigheann rochtain ar Phinsean Stáit (Ranníocach) roimh 70 bliain d’aois a shroicheadh).
Aon rud nua in 2025
Má tá Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil agat in 2025, nó níos déanaí ná sin, beidh athrú ar an mbealach a ndéantar an Pinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh.
Tá sé seo de réir Item was unpublished or removed den mhodh ríomha meánbhliantúil, rud a chiallaíonn go ndéanfar na pinsin go léir a ríomh trí úsáid a bhaint as Cur Chuige na Ranníocaíochtaí Iomlána (TCA) amháin faoi 2034.
Conas a cháilítear dó
Go ginearálta, cáileoidh tú don Phinsean Stáit (Ranníocach) má:
- tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine
- tá idir 520 agus 2080 ranníocaíocht ináirithe agat (ní mór 520 díobh sin a bheith ina ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) ar ráta iomlán íoctha)
Mura gcomhlíonann tú na critéir seo, d’fhéadfá a bheith incháilithe fós don Phinsean Stáit (Ranníocach) má tá:
- ar a laghad 260 ranníocaíocht lánráta agus a d’oibrigh riamh mar státseirbhíseach nó mar sheirbhíseach poiblí
- d’oibrigh i dtír eile den AE/LEE nó i dtír a bhfuil Comhaontú Slándála Sóisialta Déthaobhach ag Éirinn léi
Ranníocaíochtaí Fostaíochta Lánaimseartha
Má tá ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC), Aicme A íoctha agat, airítear mar ranníocaíochtaí lánráta iad seo chun críocha an Phinsin Stáit (Ranníocaíoch).
Tugadh Gnáth ranníocaíochtaí ar ranníocaíochtaí Aicme A roimh 1979.
Ranníocaíochtaí féinfhostaithe
Íocann daoine féinfhostaithe ranníocaíochtaí ÁSPC ar ráta Aicme S is ranníocaíochtaí lánráta iad na ranníocaíochtaí seo chun críocha an Phinsin Stáit (Ranníocach). Tugadh ranníocaíochtaí árachais shóisialta (ÁPSC) do dhaoine féinfhostaithe isteach an 6 Aibreán 1988.
Ní íocfar an Pinsean Stáit (Ranníocach) ach ón dáta ar íocadh gach ranníocaíocht féinfhostaíochta ina n-iomláine (seachas an bhliain ranníoca iomlán dheireanach roimh do dháta íostarraingthe).
Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha (LTCC)
Is féidir aon tréimhse ina bhfuil tú cláraithe mar dhuine a chuireann cúram ar fáil do dhuine éagumasaithe a áireamh i do thaifead árachais shóisialaigh pá choibhneasa (ÁSPC). Is féidir na Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha seo a úsáid do Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair atá íosmhéid 1040 seachtain (20 bliain) sroichte agat. Meastar gur ranníocaíochtaí lánrátaí iad chun críocha Phinsean Stáit (Ranníocach).
Má cháiligh tú do Phinsean Stáit (Ranníocach) roimh 2024 agus tá Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha bronnta ort, beidh aon tionchar ar do ráta, nó do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach), i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.
Foghlaim níos mó faoi Ranníocaíochtaí ÁSPC.
Árachas sóisialta íoctha i dtír eile
Má d’oibrigh nó má chónaigh tú i dtíortha eile, mar shampla an Ríocht Aontaithe, d’fhéadfá cáiliú fós don Phinsean Stáit (Ranníocach), fiú mura gcáilíonn tú bunaithe ar do thaifead ranníocaíochta árachais shóisialaigh in Éirinn.
D’fhéadfá cuid de phinsean iomlán (pinsean pro rata) má d’íoc tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh i dtír eile.
Ní mór go mbeadh an tír ina raibh tú ag obair inti:
- a bheith cuimsithe faoi Rialacháin CE
- NÓ Comhaontú Slándála Sóisialaí débhealach a bheith acu chun an ceanglas um ranníocaíochtaí íoctha 520 (260) a chomhlíonadh
Má tá cónaí ort nó má tá sé ar intinn agat cónaí a bheith ort lasmuigh den Stát
Má tá cónaí, nó má tá sé i gceist agat cónaí lasmuigh den Stát, is féidir leis an Roinn do phinsean a íoc leat i gcuntas Éireannach nó isteach i gcuntas sa tír a shocraíonn tú cur fúithi inti.
Rátaí íocaíochta
Tá d’íocaíocht comhdhéanta de ráta pearsanta móide aon mhéadú íocaíochta nó liúntais a d’fhéadfadh a bheith dlite duit.
Ráta Pearsanta
Chomh luath is a chomhlíonann tú na critéir cháilíochta, beidh an ráta íocaíochta a gheobhaidh tú ag brath ar an líon ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh atá déanta agat.
Bronnfar uasráta Phinsean Stáit (Ranníocach) ort sa chás go mbíonn ar a laghad 2080 ranníocaíocht lánráta agat.
Uasráta PS(R) | Ráta Pearsanta Seachtainiúil | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe atá faoi 66 bliain d’aois | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe atá 66 bliain d’aois nó níos sine |
€289.30 | €192.70 | €259.40 |
Má tá níos lú ná 2080 ranníocaíocht lánráta agat, d’fheadfadh rátaí laghdaithe a bheith i gceist. Cuirfear san áireamh áfach, agus cinneadh á dhéanamh maidir le do ráta íocaíochta, an tréimhse ama nach raibh tú i bhfostaíocht mar gheall ar:
- dífhostaíocht
- breoiteacht
- ag tabhairt aire do pháistí, a bhí 12 bliana d’aois nó níos óige ag an am a bhí cúram á chur ar fáil
- cúram a thabhairt do dhuine fásta a raibh leibhéal méadaithe cúraim ag teastáil uaidh nó uaithi nó
- gníomhaíochtaí eile incháilithe
Nuair a chuireann tú isteach d’fhoirm iarratais ar Phinsean Stáit (Ranníocach), déanfaidh an Roinn do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a mheas ag baint úsáide as gach modh ríofa atá ar fáil lena chinntiú go n-íoctar an ráta is airde is féidir leat.
Item was unpublished or removed
Méaduithe agus liúntais
I measc na méaduithe agus liúntais a d’fhéadfá a fháil:
- Méadú do Mhaireachtáil Aonair
- Liúntas do Dhaoine os cionn 80 bliain d’aois (Tá ráta níos airde pinsin iníoctha le pinsinéir atá 80 bliain d’aois nó níos sine. Déantar an íocaíocht seo go huathoibríoch - ní gá iarratas a dhéanamh uirthi)
- Item was unpublished or removed (Do chéile nó do pháirtí sibhialta de ghnáth. Déantar tástáil acmhainne air seo)
- Item was unpublished or removed (má chomhlíonann do leanbh coinníollacha ar leith. Déantar tástáil acmhainne air seo)
- a Item was unpublished or removed (déantar tástáil acmhainne air seo)
- Item was unpublished or removed
- Item was unpublished or removed
Conas is féidir leat ráta do Phinsin Stáit (Ranníocach) a mheas
Chun cabhrú leat an Ráta Pinsean (Ranníocach) a d’fhéadfá a fháil, a réamh-mheas, is féidir leat cóip do do Ráiteas Ranníocaíochta a lorg ar MyWelfare.ie.
Is achoimre é do Ráiteas Ranníocaíochta ar do thaifid árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (ÁSPC) in Éirinn.
Chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar MyWelfare.ie, beidh cuntas Item was unpublished or removed
Item was unpublished or removed
Ag roghnú cathain iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Ranníocach)
Má rugadh tú ar nó tar éis an 1 Eanáir 1958, is féidir leat dáta idir 66 agus 70 bliain d’aois a roghnú chun aon teidlíocht don Phinsean Stáit (Ranníocach) a d’fhéadfadh a bheith agat a rochtain.
Níl aon athruithe ar na critéir cháilithe íosta do Phinsean Stáit (Ranníocach) ach má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh níos déanaí ná 66 bliain d’aois, is féidir leat do thaifead árachais shóisialaigh a fheabhsú ach ranníocaíochtaí lánrataí sa bhreis chun:
- na critéir cháilithe íosta ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a chomhlíonadh, mura ndéanann tú é seo ag 66 bliain d’aois, nó
- do ráta Phinsean Stáit (Ranníocach) a mhéadú ach iarratas a dhéanamh níos déanaí ná 66 bliain d’aois.
Ina theannta sin, má fhaigheann tú Pinsean Stáit (Ranníocach) tar éis 66 bliain d’aois a bhaint amach, déanfar do ráta íocaíochta a ríomh ach ráta íocaíochta achtúireach a úsáid, ag brath ar d’aois nuair a fhaigheann tú Pinsean Stáit (Ranníocach).
Ní gá duit an roinn a chuir ar an eolas go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ag dáta níos déanaí.
Nuair a dhéanann tú iarratas, cuirfidh tú ar an eolas muid maidir leis an dáta a dteastaíonn uait tosú ag fáil do Phinsean Stáit (Rannaíocach). Tosaíonn do theidlíocht ar an dáta éilimh atá roghnaithe agat. Más dáta é an dáta éilimh a roghnaigh tú atá san am atá caite, níor cheart go mbeadh an dáta a chuir tú isteach níos mó ná sé mhí sula bhfaighimid d’fhoirm iarratais. Ní dhéanfar aon íocaíocht ar feadh tréimhsí roimhe seo. Bainfidh an roinn úsáid as do thaifead árachais shóisialaigh (ÁSPC) suas go dtí an dáta éilimh a roghnaigh tú, chun cinneadh a dhéanamh maidir le do theidlíocht ar Phinsean Stáit (Ranníocach), agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an ráta a bhronnfar.
Iarratas a dhéanamh
Molaimid duit iarratas a dhéanamh ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) sé mhí sula dteastaíonn uait do phinsean a éileamh.
Is é an bealach is tapa agus is éasca iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit ná trí MyWelfare. Níl de dhíth ort ach cuntas fíoraithe MyGovID. Is féidir leat cuntas MyGovID fíoraithe a fháil má tá Cárta Seirbhísí Poiblí, uimhir fóin póca fhíoraithe agus seoladh ríomhphoist agat.
Item was unpublished or removed
De rogha ar sin, is féidir leat an fhoirm iarratais (SPC1) atá ag bun an leathanaigh seo a phriontáil agus a chomhlánú.
Is féidir leat an fhoirm seo a fháil freisin ó:
- Item was unpublished or removed
- oifig an phoist
Seol d’fhoirm chomhlánaithe agus doiciméid thacaíochta chuig:
State Pension (Contributory) Section
- Seoladh:
- State Pension (Contributory) Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 200400;
071 9157100
Ag déanamh éileamh ar phinsean AE
Item was unpublished or removed
Treoir do phinsinéirí idirnáisiúnta
Má bhí cónaí ort thar lear, agus má d’oibrigh tú ansin, d’fhéadfaí go mbeadh tú in ann éileamh a dhéanamh ar phinsean ón tír áirithe sin.
Conas éileamh a dhéanamh ar phinsean AE ó thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus cónaí a bheith ort in Éirinn
Má tá cónaí ort in Éirinn agus ba mhaith leat éileamh a dhéanamh ar phinsean AE ó thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tá tuilleadh eolais faoi iarratas a chur isteach ar fáil ar an leathanach Item was unpublished or removed.
Conas pinsean príobháideach a aistriú go hÉirinn
Más eisimirceach Éireannach atá ag filleadh abhaile thú agus má tá pinsean príobháideach agat i dtír eile, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cead duit é a aistriú go hÉirinn má chomhlíonann tú coinníollacha ar leith.
Tá tuilleadh eolais faoi na coinníollacha seo agus faoi iarratas a chur isteach ar fáil ar an leathanach Item was unpublished or removed.
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.
- Treoirlínte Oibríochtúla: Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Treoirlínte Oibríochtúla:Saincheisteanna a bhaineann le híocaíocht
Aiseolas
Ba mhaith liom aiseolas a fhágáil ar an leathanach seo
Ba mhaith liom tuairisic a thabhairt ar bhac ar mo chearta AE