English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19



Céard é Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19

Is íocaíocht aonuaire, chnapshuime é Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19 d’fhostaithe:

  • a rinneadh iomarcach ón 13 Márta 2020, nó a dhéantar iomarcach roimh an 31 Eanáir 2025

agus

  • a chaill an deis seirbhís ináirithe a fhorbairt mar gheall ar leaganacha as foirne sealadacha mar gheall ar shrianta COVID-19 idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2022

Conas cáiliú

Chun cáiliú don scéim seo, ní mór go mbeifeá i dteideal íocaíocht iomarcaíochta faoi na rialacha reatha, rud a chiallaíonn:

  • tá 104 seachtain d’fhostaíocht leanúnach agat
  • tá d’fhostaíocht go hiomlán inárachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh
  • ní hann do do phost níos mó
  • tá tú níos sine ná 16 bhliain d’aois

Ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh freisin:

  • a bheith i dteideal íocaíocht iomarcaíochta idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2025

agus

  • a bheith leagan as go sealadach mar gheall ar shrianta COVID-19 i rith cuid den tréimhse nó don tréimhse ar fad idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2022

Conas an íocaíocht a ríomh

Braithfidh an méid a íocfar leat ar an méid ama a raibh tú leagtha as go sealadach mar gheall ar COVID-19 roimh an dáta ar tugadh fógra iomarcaíochta duit.

Tá ríomh na híocaíochta bunaithe ar na rialacha reatha maidir le hiomarcaíocht:

  • Ríomh an líon iomlán laethanta a raibh tú leagtha as go sealadach mar gheall ar shrianta COVID-19 idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2022
  • Roinn an uimhir seo ar 365 chun teacht ar an tréimhse iomlán leagan as i mblianta
  • Méadaigh an uimhir seo faoi 2 chun an líon seachtainí dlite a ríomh
  • Méadaigh an líon seachtainí dlite faoi do ghnáth-olltuarastal seachtainiúil chun méid na híocaíochta measta dlite a ríomh

Cuirtear uasmhéid de €600 i bhfeidhm i ndáil le do ghnáth-olltuarastal seachtainiúil.

Níl seachtain bónais san áireamh sa scéim seo.

Sampla 1: Ríomh na híocaíochta measta trí úsáid a bhaint as uasluachanna

Tá Saoirse ag obair mar freastalaí beáir sinsearach i dteach tábhairne. Cinneadh í a leagan as don tréimhse cháilitheach iomlán ón 13 Márta 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022. Ansin tugadh fógra iomarcaíochta di ón bpost seo roimh an 31 Eanáir 2025.

  • Tréimhse iomlán leagan as mar gheall ar COVID-19 = 690 lá (an 13 Márta 2020 - an 31 Eanáir 2022)
  • Tréimhse iomlán leagan as i mblianta = 1.89 (690 lá roinnte ar 365)
  • Líon seachtainí dlite = 3.78 (1.89 bliain méadaithe faoi 2)
  • Gnáth-olltuarastal seachtainiúil = €800. Is é €600 an t-uasmhéid le haghaidh na seachtaine
  • Íocaíocht mheasta dlite = €2,268 (€600 méadaithe faoi 3.78)

Sampla 2: Ríomh measta íocaíochta trí úsáid a bhaint as tréimhsí éagsúla leagan as

Tá Máirtín ag obair mar fháilteoir in óstán. Cinneadh é a leagan as ón 13 Márta 2020 - an 31 Lúnasa 2020 (172 lá). D’fhill sé ar an obair i ndiaidh na tréimhse leagan as i mí Mheán Fómhair 2020. Cinneadh é a leagan as arís ón 1 Eanáir 2021 - an 31 Márta 2021 (90 lá). Ansin tugadh fógra iomarcaíochta dó óna phost roimh an 31 Eanáir 2025.

  • Tréimhse iomlán leagan as mar gheall ar COVID-19 = 262 lá (172 móide 90 lá)
  • Tréimhse iomlán leagan as i mblianta = 0.72 (262 lá roinnte ar 365)
  • Líon seachtainí dlite = 1.44 (0.72 bliain méadaithe faoi 2)
  • Gnáth-olltuarastal seachtainiúil = €450
  • Íocaíocht dlite mheasta = €648 (€450 méadaithe faoi 1.44)

Déan iarratas

Ba cheart do d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo ar do shon ar dtús.

Is féidir le fostóirí agus le hionadaithe fostóirí iarratas a dhéanamh ar líne ag Comhpháirtithe Leasa..

Chun an tseirbhís seo a rochtain, beidh Fo-dheimhniú DSP atá á eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim ag teastáil ó fhostóirí. Féach ar fhaisnéis maidir le conas iarratas a dhéanamh ar Fho-dheimhniú DSP..

Má theipeann ar d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo ar do shon, you ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta..


Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim

Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fostaíochta agus ioncaim.


Sonraí Teagmhála

Má tá aon cheist agat, úsáid na sonraí teagmhála thíos (rogha 4). Má tá r-phost á sheoladh agat, soláthair an oiread eolais agus is féidir leat ionas gur féidir linn cabhrú leat.

Redundancy and Insolvency Payments Unit

Seoladh:
Redundancy and Insolvency Payments Unit, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

redundancypayments@welfare.ie

insolvencypayments@welfare.ie

Teileafón:
0818 111112
Achoimre:
If contacting this unit by phone, please choose option 4.

Forbhreathnú iomarcaíochta agus dócmhainneachta