Scéim Choimisiún Magdalen
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Eanáir 2025
- Cad í scéim Choimisiún Magdalen
- Conas cáiliú
- Cur i bhfeidhm na Scéime maidir le 14 institiúid thadhlacha
- Rátaí íocaíochta
- Déan iarratas
Cad í scéim Choimisiún Magdalen
Bunaíodh Scéim Choimisiún Magdalen faoi mholtaí Tuarascáil Choimisiún Magdalen an Uas. Breitheamh John Quirke 2013. Mhol an tuarascáil go gcuirfí scéim ex gratia i bhfeidhm láithreach ina mbeadh meascán de chnapshuim agus d'íocaíochtaí seachtainiúla airgid.
Conas cáiliú
Tá sonraí faoi na coinníollacha cáilithe le fáil ón An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLO).
Cur i bhfeidhm na Scéime maidir le 14 institiúid thadhlacha
Ag eascairt as moladh a rinne an tOmbudsman, chinn an rialtas go bhféadfadh mná a bhí ag obair i neachtlanna na 12 institiúid ‘Magdalen’ ach a bhí ina gcónaí i gceann de na 14 institiúid thadhlacha cur isteach ar an scéim freisin. D’fhonn an cinneadh seo a chur i bhfeidhm, foilsíodh aguisín le téarmaí na scéime ex gratia 2013 in 2018.
Rátaí íocaíochta
Chinn an rialtas i mí na Samhna 2013 gur cheart don Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) na híocaíochtaí seachtainiúla a dhéanamh leis na mná ábhartha.
Tá an ráta íocaíochta bunaithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh atá á bhfáil agat faoi láthair. Cinntíonn sé seo:
- má tá tú faoi 66 bliana d'aois, gheobhaidh tú íocaíocht €120 in aghaidh na seachtaine
- má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine, gheobhaidh tú íocaíocht atá comhionann le huasráta Phinsin Stáit Ranníocach. Mhéadaigh an ráta seo go €289.30 ó 2 Eanáir 2025 ar aon dul leis an méadú ar an bPinsean Stáit Ranníocach
Má raibh d’íocaíocht cnapshuime níos mó ná €50,000, féadfaidh tú fuílleach na cnapshuime a fháil mar íocaíocht sheachtainiúil ón RCS freisin
Déan iarratas
Priontáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais a bhaineann leat:
Más rud é go raibh tú i gceann de na 12 Institiúid Magdalen faoi Scéim 2013, féach anseo:
Más rud é go raibh tú i gceann de na hInstitiúidí Tadhlacha atá clúdaithe ag an Aguisín, féach anseo:
Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig:
Magdalen Commission Scheme
- Seoladh:
- Restorative Justice Scheme, Department of Children, Equality, Disability, Integration & Youth (DCEDIY), Block 1, Miesian Plaza, 50 -58 Lower Baggot Street, Dublin 2, D02 XW14
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
087 1433235;
087 1656460