English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Fóirdheontais Pá


Scéim Fóirdheontais Pá


Cad atá i gceist leis an Scéim Fóirdheontais Pá

Spreagann an Scéim Fóirdheontais Pá (SFP) fostóirí chun fostaithe faoi mhíchumas a fhostú. Cuireann sé tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhostóirí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú trí fhóirdheontas a sholáthar.

Caithfidh an obair a thairgtear a bheith ar feadh 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar a laghad agus tá an fóirdheontas ar fáil suas go 39 uair sa tseachtain. Tá an ráta fóirdheontais idir €6.30 agus €9.45 in aghaidh na huaire, ag brath ar líon na n-oibrithe atá fostaithe faoin scéim.

Má tá cumas teoranta oibre ag fostaí faoi mhíchumas mar gheall ar a míchumas nó a riocht sláinte, féadfaidh fostóir an fóirdheontas pá a fháil chun cabhrú leis an bhfostóir sin íoc as na costais a bhaineann le tascanna nó ról an phoist a oiriúnú go suntasach.

Tá na coinníollacha fostaíochta céanna ag fostaí faoi mhíchumas ar an scéim is atá ag fostaithe eile.


Fostóirí incháilithe

Le bheith incháilithe don Scéim Fóirdheontais Pá, ní mór na nithe seo a leanas a bheith fíor maidir leis an bhfostóir:

  • ní oibríonn siad san earnáil phoiblí
  • tá siad cáin-chomhlíontach

Tá an Scéim Fóirdheontais Pá ar fáil d’fhostóirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas ar feadh 15 go 39 uair sa tseachtain.

Is féidir le fostóir níos mó ná 39 uair an chloig oibre in aghaidh na seachtaine a thairiscint. Ní féidir an Scéim Fóirdheontais Pá a éileamh ach ar feadh suas le 39 uair an chloig, áfach.

Tríú páirtithe

Níl an Scéim Fóirdheontais Pá ar fáil ach don chuideachta nó don eagraíocht a fhostaíonn an duine go díreach chun post a dhéanamh. Ní féidir le tríú páirtithe nó gníomhairí ar bith eile é a úsáid, mar ghníomhaireachtaí fostaíochta nó conraitheoirí, thar ceann an fhostóra nó an fhostaí.


Fostaithe incháilithe

Tá fostaithe incháilithe don Scéim Fóirdheontais Pá más fíor na nithe seo a leanas:

  • tá siad 18 mbliana d’aois agus níos sine, suas go haois an phinsin
  • tá míchumas nó riocht sláinte orthu a laghdaíonn a gcumas oibre agus, mar thoradh air sin, ní mór don fhostóir tascanna nó ról an phoist a oiriúnú go suntasach
  • tá conradh fostaíochta 6 mhí ar a laghad acu
  • oibríonn siad 15 uair sa tseachtain ar a laghad san fhostaíocht sin
  • is fostaí nua nó reatha iad ina bhfostaíocht reatha ar feadh níos lú ná 12 mhí nó tá siad ag dul i mbun oibre nó ag filleadh ar an obair ar Shochar Cumais Pháirtigh má tá míchumas nó riocht sláinte tagtha orthu le 12 mhí anuas

Ní gá íocaíocht mhíchumais a bheith á fáil ag an bhfostaí chun cáiliú don Scéim Fóirdheontais Pá.

Mar sin féin, má tá ceann amháin de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á fáil ag an bhfostaí, níl aon mheasúnú leighis breise ag teastáil:

Is féidir le daoine iarratas a dhéanamh chun bogadh ó Shochar BreoiteachtaPinsean Easláine go Sochar Cumais Pháirtigh chun dul i mbun fostaíochta. Ní féidir leo cáiliú don Scéim Fóirdheontais Pá ach amháin má tá míchumas nó riocht sláinte tagtha orthu le 12 mhí anuas agus go bhfuil siad ag filleadh ar an obair ar Shochar Cumais Pháirtigh. Níl aon mheasúnú leighis breise ag teastáil.

Mura bhfaigheann an fostaí ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh liostaithe, ní mór a míchumas nó a riocht sláinte a dheimhniú i dtuarascáil speisialtóra le déanaí nó i litir dochtúra. Ní mór do dhochtúir nó do speisialtóir an fhostaí an Tuairisc Rúnda Leighis agus ar Chumas Feidhmiúil a chomhlánú freisin.

Is gá go mbeadh na coinníollacha fostaíochta céanna ag duine faoi mhíchumas atá fostaithe tríd an Scéim Fóirdheontais Pá is atá ag fostaithe eile. Áirítear leo sin:

  • ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)
  • asbhaintí cánacha
  • saoire bhliantúil,
  • agus teidlíochtaí saoire eile

Caithfidh an fostóir an fostaí a íoc ag an ráta atá ann faoi láthair don phost. Caithfidh sé seo a bheith cothrom leis an íosphá reachtúil ar a laghad. Ba chóir na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta sin a bheith leagtha amach i gconradh an fhostaí.


Ráta fóirdheontais

Tá an ráta fóirdheontais bunaithe ar an líon fostaithe a fhostaíonn an fostóir tríd an Scéim Fóirdheontais Pá.

Snáithe 1:

Is é an fóirdheontas bunphá a íoctar le fostóirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas ná €6.30 in aghaidh na huaire.

Snáithe 2:

Féadfaidh fostóir méadú uathoibríoch a fháil ar an ráta íocaíochta fóirdheontais má fhostaíonn siad níos mó fostaithe ar an Scéim Fóirdheontais Pá. Íoctar deontais Shnáithe 2 mar seo a leanas:

Líon na bhfostaithe Méadú faoin gcéad Ráta fóirdheontais in aghaidh na huaire (2025)
3 go 6 fhostaí faoi mhíchumas Méadú 10% €6.93
7 go 11 fhostaí faoi mhíchumas Méadú 20% €7.56
12 go 16 fhostaí faoi mhíchumas Méadú 30% €8.19
17 go 22 fostaí faoi mhíchumas Méadú 40% €8.82
23 + fostaí faoi mhíchumas Méadú 50% €9.45

Snáithe 3:

Féadfaidh fostóir a fhostaíonn 25 fostaí nó níos mó ar an Scéim Fóirdheontais Pá deontas de €30,000 a fháil i gcomhair an chostais a bhaineann le hOifigeach Cúnaimh Fostaíochta (OCF) a fhostú.

Tá cuideachta teoranta do 5 OCF.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim Fóirdheontais Pá:

  • líonann an fostóir foirm iarratais an fhostóra (féach thíos) agus sainordú bainc RAA (féach thíos)
  • líonann an fostaí foirm iarratais an fhostaí (féach thíos) agus buaileann siad le hOifigeach Seirbhísí Fostaíochta ón Roinn chun clárú ar an gcóras SFP mar dhuine faoi mhíchumas
  • aontaíonn an fostóir agus an fostaí go bhfuil cumas teoranta ag an bhfostaí a gcuid oibre a dhéanamh mar gheall ar a míchumas nó a riocht sláinte agus, mar thoradh air sin, nach mór cúraimí nó ról an phoist a oiriúnú go suntasach
  • ní mór imréiteach cánach a bheith ag an bhfostóir – ba chóir don fhostóir uimhir rochtana imréitigh cánach agus asphrionta de thoradh an iarratais ar imréiteach cánach leictreonach a sholáthar mar chruthúnas air seo. Ní féidir an fóirdheontas a íoc gan deimhniú imréitigh cánach cothrom le dáta.
  • ní mór don fhostóir conradh sínithe fostaíochta a sholáthar chomh maith ina sonraítear na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear ollphá, cur síos ar an bpost (agus sonraíocht faoin bpearsa má tá sé ar fáil), saoire bhliantúil, saoire bhreoiteachta, agus teidlíochtaí saoire mháithreachais/atharthachta. Ní mór don chonradh fostaíochta a bheith ar feadh 6 mhí ar a laghad

Má cheadaítear iarratas, scríobhfaidh an Roinn chuig an bhfostóir agus chuig an bhfostaí araon chun na téarmaí ceadaithe a dhearbhú.


Foirmeacha Iarratais

Iarratas Fostóra - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS1ER ga)
2024.04.04
Amharc amharc
Iarratas Fostaí - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS1EE ga)
2024.04.04
Amharc amharc
Tuairisc ar Leibhéal Táirgiúlachta - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS 2 ga)
2024.04.04
Amharc amharc
Supplier Set-up Form (V05-2018)
2023.05.15
Amharc amharc
Tuairisc Rúnda Leighis agus ar Chumas Feidhmiúil - Scéim Fóirdheontas Pá (WSS DCMA ga)
2024.04.04
Amharc amharc
Iarratas ar Dheontas Snáithe III - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS 4 ga)
2024.04.04
Amharc amharc

Comhpháirtithe Leasa

Is é Comhpháirtithe Leasa seirbhís dhigiteach na Roinne do chomhpháirtithe gnó. Tá na seirbhísí SFP seo a leanas ar fáil ar Chomhpháirtithe Leasa:

  • Iarratais ar Fhóirdheontas Pá (IFP) a chur isteach le haghaidh maoinithe
  • athbhreithniú a dhéanamh ar IFPanna a cuireadh isteach agus ar íocaíochtaí gaolmhara
  • athbhreithniú ar éileamh scéime agus sonraí an rannpháirtí

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratais ar fhóirdheontas pá a chur isteach ar Chomhpháirtithe Leasa.


Teagmháil

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bhFoireann um Thacaíocht san Ionad Oibre i do cheantar áitiúil.


Treoirlínte Oibríochtúla

Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na Roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochtúla: Scéim Fóirdheontais Pá