English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim na gCártaí Leighis



Cad é an Scéim Cúraim Leighis

Más rud é go ngortaítear tú

  • san obair
  • nó agus tú i mbun thuras gan bhriseadh go dtí an obair, nó ar ais uaithi
  • nó sa chás go bhfaigheann tú galar ceirde forordaithe

agus tú faoi chlúdach árachais, féadfar an Scéim Cúram Leighis aon chostais nach bhfuil clúdaithe ag an FSS nó ag an Scéim Sochair Cóireála a aisíoc.


Incháilitheacht

Chun bheith i dteideal dó, ní mór duit:

  • a bheith gortaithe, mar gheall ar do chuid oibre

  • agus tú i mbun thuras gan bhriseadh go dtí an obair, nó ar ais uaithi

  • galar ceirde forordaithe a fháil mar gheall ar an gcineál oibre atá agat

agus

  • an roinn a chur ar an eolas laistigh de 6 seachtaine ón uair a gcuirtear tús leis an gcóireáil leighis
  • post a bheith agat lena n-íocann tú ranníocaíochtaí ÁSPC d’aicme A, B, D, J nó M;

Ní bhíonn sé follasach ar an toirt i gcónaí gur teagmhas oibre nó galar atá ann Más rud é go bhfuil tú gortaithe ach nach bhfuil tú éagumasaithe láithreach, ba chóir duit

  • d’fhostóir a chur ar an eolas faoi gan mhoill
  • iarratas a dhéanamh ar an Roinn seo ar dhearbhú gur tharla an díobháil / galar mar gheall ar do phost

Más rud é go bhfuil tú ag déanamh iarratas ar Shochar Díobhála Ceirde nó ar an Scéim Cúram Leighis, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar dhearbhú.

Níor chóir iarratais ar dhearbhuithe a dhéanamh ach amháin más rud é nach bhfuil tú ag cur isteach ar cheann de na Scéimeanna Sochar Díobhála, a laghad go ceann tamall fada.

Is féidir aisíoc a fháil leis na costais riachtanacha seo a leanas:

  • cuairteanna dochtúirí
  • oidis
  • fearais áirithe (géaga saorga, áiseanna éisteachta, srl.)
  • deisiúchán agus athsholáthar na bhfearas sin
  • cóireálacha fiaclóireachta agus optúla áirithe
  • cóireálacha áirithe atá forordaithe ag do dhochtúir (m.sh. ostéapatóra, snáthaidpholladóira nó círichleachta)
  • costais taistil áirithe (teoranta don iompar poiblí amháin, go hiondúil)

Íocaíochtaí

Déantar íocaíochtaí trí ríomhaistriú.

D'fhéadfá íocaíochtaí a fháil i dtráthchodanna le haghaidh cóireálacha leanúnacha, ach de ghnáth ní dhéanfar ach íocaíocht amháin. De ghnáth déantar íocaíocht leis an éilitheoir, ach is féidir é a íoc leis an FSS nó leis an bhfostóir freisin, más gá.


Déan Iarratas

Chun iarratas a dhéanamh air, líon an fhoirm thíos.

Foirm iarratais ar Chostas an Chúraim Leighis i dtaca le Tionóisc Cheirde nó Galar Ceirde (C1)
Eagrán: Bealtaine 2023
Amharc amharc

Caithfidh na hadmhálacha bunaidh a chur san áireamh leis an iarratas. Ní ghlacfar le cóipeanna.

Cuir na hiarratais chuig:

Medical Care Scheme Section

Seoladh:
Medical Care Scheme Section, Department of Social Protection, Áras Mhic Dhiarmada, Store Street, Dublin 1, D01 WY03.
Suíomh Gréasáin:
Teileafón:
0818 928400;
01 704 3300

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.

Treoirlínte Oibríochtúla: Occupational Injuries Benefit - Medical Care under the Occupational Injuries Scheme