Scéim na nÍocaíochtaí Dócmhainneachta
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 30 Samhain 2023
- An méid atá i gceist le hÍocaíocht Dócmhainneachta
- An méid atá i gceist le dócmhainneach go dleathach ar mhaithe le cuspóirí na Scéime
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
- Teagmháil
- Forbhreathnú iomarcaíochta agus dócmhainneachta
- Aiseolas
An méid atá i gceist le hÍocaíocht Dócmhainneachta
Cosnaíonn an Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta iarfhostaithe cuideachtaí a d’éirigh dócmhainneach go dleathach.
Is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh, trí ionadaí an fhostóra, cosúil leis an leachtaitheoir nó an glacadóir oifigiúil, go n-íocfar fiachais nár íocadh go fóill, an méid seo a leanas ina measc:
- Riaráistí pá agus pá breoiteachta
- Pá saoire nár íocadh
- Fógra íosta reachtúil nár íocadh
- Riaráistí áirithe ranníocaíochtaí pinsin
- Dámhachtainí éagsúla reachtúla a dhéanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO)
Tá roinnt teorainneacha agus coinníollacha i gceist
Tá teorainn 8 seachtaine i bhfeidhm ar an méid seo a leanas:
- riaráistí pá
- pá saoire
- fógra íosta.
Cuirtear uasteorainn €600 sa tseachtain ar an ollphá seachtainiúil.
Caithfidh go raibh an fiachas nár íocadh go fóill le híoc sna 18 mí roimh dháta na dócmhainneachta nó foirceanta na fostaíochta.
An méid atá i gceist le dócmhainneach go dleathach ar mhaithe le cuspóirí na Scéime
- tá an gnólacht imithe faoi leachtú agus ceapadh leachtaitheoir go foirmiúil
- tá an gnólacht faoi ghlacadóireacht agus ceapadh Glacadóir go foirmiúil
- tá an fostóir féimheach go dleathach, agus ceapadh Sannaí Oifigiúil go foirmiúil
- fuair an fostóir bás agus tá an t-eastát á riar faoin reachtaíocht ábhartha
- tá an fostóir dócmhainneach faoi reachtaíocht Bhallstát eile an AE
Conas cáiliú
Cumhdaíonn an scéim fostaithe atá faoi árachas do gach sochair faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh. Ciallaíonn seo, go ginearálta, fostaí a íocann ÁSPC aicme “A”.
Rátaí íocaíochta
I bhformhór na gcásanna, úsáidtear an t-ollphá seachtainiúil, faoi réir teorainn €600, leis an méid is féidir a íoc faoin scéim a ríomh.
Is í an íocaíocht uasta do riaráistí pá nó pá saoire nó fógra íosta €4,800.
Iarratas a dhéanamh
Déan teagmháil, le do thoil, leis an leachtaitheoir, an glacadóir nó le hionadaí an fhostóra chun iarratas a dhéanamh.
Caithfidh ionadaí an fhostóra, an leachtaitheoir nó an glacadóir iarratais ar fhiachais atá iníoctha faoin Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta a dhéanamh agus seolfaidh siad ar aghaidh í trí úsáid a bhaint as seirbhís na Scéimeanna Íocaíochtaí Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta arWelfare Partners.
Chun teacht ar an tseirbhís seo, teastóidh Fodheimhniú ó ionadaí an fhostóra, an leachtaitheoir nó an glacadóir ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) a eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir teacht ar eolas breise ar conas cur isteach ar Fhodheimhniú an RCS anseo.
Is féidir teacht ar eolas breise d’ionadaithe fostóra ar conas an tseirbhís seo a úsáid agus a rochtain ar Welfare Partners anseo.
Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fhostaíochta agus ioncaim.
Teagmháil
Redundancy and Insolvency Payments Unit
- Seoladh:
- Redundancy and Insolvency Payments Unit, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361.
- Suíomh Gréasáin:
- Teileafón:
-
0818 111112
- Achoimre:
- If contacting this unit by phone, please choose option 4.