English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Shóisialta na Tuaithe



Cad atá i gceist leis An Scéim Shóisialta Tuaithe

Leis an Scéim Shóisialta Tuaithe tugtar deis d'fheirmeoirí agus iascairí ar ioncam íseal nach bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a bhaint amach, ioncam breise a thuilleamh.

Chun cáiliú don scéim, caithfidh íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith á fáil agat. Cuireann rannpháirtithe na scéime seirbhísí atá chun leas an phobail tuaithe ar fáil ina chomaoin sin.

Oibríonn rannpháirtithe ar feadh 19.5 uair in aghaidh na seachtaine. Tá na huaireanta seo bunaithe ar sceideal a oireann don iascaire nó don fheirmeoir. Tá sé seo amhlaidh lena chinntiú nach gcuireann rannpháirtíocht sa scéim isteach ar do ghníomhaíochtaí feirmeoireachta nó iascaireachta.

Má ghlactar tú ar an scéim, tairgfear conradh duit ón dáta a thosaíonn tú ar an scéim go dtí an 31 Márta ina dhiaidh sin. Ag deireadh an chonartha tosaigh seo, tá seans go nglacfar tú ar an scéim ar feadh tréimhse bhreise, má leanann tú ag comhlíonadh coinníollacha uile na scéime.


Conas a dhéantar Iarratas

Déantar an scéim seo a riar ar leibhéal áitiúil agus mar sin, ba cheart duit dul i dteagmháil le do chomhlacht cur chun feidhme áitiúil chun tuilleadh eolais nó foirm iarratais a fháil.


Conas cáiliú

Le bheith rannpháirteach sa scéim caithfidh tú a bheith 25 bliain d’aois nó níos sine agus go mbeadh sé seo á fháil agat i láthair na huaire:

  • Cúnamh Feirme

  • má tá tú i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go gníomhach, d'fhéadfá bheith cáilithe le haghaidh na scéime má tá ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á fháil agat:
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Socrú Idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Míchumais
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
  • Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (faoi 66 bliain d'aois) mar chuid de Phinsean Stáit (Neamhranníocach) do chéile, comhchónaitheora nó páirtnéara sibhialta

Féadfaidh tú do chárta leighis a choimeád fad is atá páirt á glacadh agat sa Scéim Shóisialta Tuaithe.

Critéir maidir le bheith i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go gníomhach

Critéir maidir le feirmeoirí

Caithfidh tú a chruthú go bhfuil tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach. Chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú cóip de d' iarratas donScéim Íocaíochta Bunúsaí don bhliain reatha, a áiríonn uimhir thréada bhailí. Má tá tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach, ach nach ndearna tú iarratas ar Scéim Íocaíochta Bunúsaí, ba cheart duit dul i dteagmháil le do Chomhlacht Forbartha Áitiúil chun comhairle a iarraidh.

Critéir maidir le leanbh nó siblín feirmeora

Sa chás gur leanbh/deartháir nó deirfiúr le húinéir tréaduimhreach atá ionat agus go bhfuil ar do chumas deimhniú go bhfuil tú i do chónaí agus/nó ag obair ar an bhfeirm agus ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh cháilithe, tá seans go bhfuil tú intofa chun páirt a ghlacadh sa scéim mar gheall ar thréaduimhir do thuismitheora, do dhearthár nó do dheirféar.

Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir feirmeora

Má tá tú incháilithe, ach muna dteastaíonn uait páirt a ghlacadh sa scéim, is féidir le do chéile cleithiúnach , pháirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir an áit infhaighte a ghlacadh.

Mar mhalairt air sin, má ta ceann de na híocaíochtaí cáilithe leasa shóisialaigh á fháil ag do chéile, pháirtnéir sibhialta nó chomhchónaitheoir, agus má tá sé/sí i mbun feirmeoireachta go gníomhach, is féidir leis/léi do thréaduimhir a úsáid chun cáiliú le haghaidh na scéime.

Is féidir le do chéile, pháirtnéir sibhialta nó chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh sa scéim má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil agat lena bhfuil méadú do dhuine fásta cáilithe á íoc i leith do chéile.

Critéir maidir le hiascaire nó le mná

Chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa scéim, caithfidh iascaire nó mná ceann de na catagóirí seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Iascaire féinfhostaithe nó mná ar bhád iascaireachta atá iontráilte i gClár na mBád Iascaireachta
  • Iascaire féinfhostaithe nó mná ar eisíodh a mbád le ceadúnas iascaireachta pota
  • Iascaire féinfhostaithe nó mná a eisíodh le ceadúnas iascaireachta tráchtála bradáin ó Iascach Intíre Éireann
  • Iascaire féinfhostaithe nó mná a eisíodh le ceadúnas sliogiasc a dhreideáil ó Iascach Intíre Éireann
  • Sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe
  • Sealbhóir ceadúnais d'iascaireacht sliogéisc eisithe ag comharchumann cláraithe

Critéir maidir le céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir iascaire nó mná

Is féidir le do chéile, pháirtnéir sibhialta nó chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh sa scéim má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil agat lena bhfuil méadú do dhuine fásta cáilithe á íoc i leith do chéile.


Rátaí íocaíochta

Braitheann na rátaí íocaíochta do rannpháirtithe nua atá ar an scéim ar d' íocaíocht leasa shóisialaigh cháilithe.

Is í an íosíocaíocht sheachtainiúil ná €271.50.

Íocaíocht cháilithe Ráta íocaíochta
Liúntas Cuardaitheora Poist nó Cúnamh Feirme Íosíocaíocht sheachtainiúil de €244 agus €27.50 sa bhreis.
Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora Íosíocaíocht sheachtainiúil de €244 agus €27.50 sa bhreis.
Liúntas Míchumais Íosíocaíocht sheachtainiúil de €244 agus €27.50 sa bhreis.
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) Leanann tú ag fáil do phinsean le híosíocaíocht de €271.50.
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach) Leanann tú le ag fáil do phinsean agus €27.50 sa bhreis. (Is í an íosíocaíocht chomhcheangailte ná €271.50.
Duine Fásta Cáilithe ar Phinsean Stáit (Neamhranníocach) Leanfaidh do chéile leis an méadú i leith duine fásta cáilithe a fháil. Is ionann do ráta ar an scéim agus an difríocht idir an méadú ar d’íocaíocht i leith duine fásta cáilithe agus €271.50.

Ranníocaíochtaí Árachais Shóisialta (ÁSPC)

Íoctar ranníocaíocht ÁSPC Aicme A ar son gach rannpháirtí den scéim. Níl tú faoi dhliteanas an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a íoc ar d’íocaíocht.

Cáin

Tá tú faoi dhliteanas cáin a íoc i leith d’ioncaim, ach is dócha nach n-íocfaidh tú aon cháin nó fíorbheagán cánach.

Athruithe ar do chuid chúinsí

Beidh feidhm ag na rialacha céanna a bhaineann le de bhuníocaíocht leasa shóisialaigh le d’íocaíocht faoin Scéim Shóisialta Tuaithe. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar measúnú ar ioncam do chleithiúnaí mar mhaoin má fhaigheann sé/sí post agus is féidir go dtiocfadh laghdú ar do chuid íocaíochta.

D’fhonn aon ró-íocaíochtaí féideartha a sheachaint, má thagann aon athrú ar do chúinsí, ba cheart duit an comhlacht áitiúil a chuireann an Scéim Shóisialta Tuaithe i bhfeidhm a chur ar an eolas.


Treoirlínte Oibríochtúla

Cuirtear síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann foireann na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochtúla: Scéim Shóisialta Tuaithe.