Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2023
- An méid atá i gceist leis an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
- Tá deontais ar fáil do chuideachtaí príobháideacha
- Teagmháil
An méid atá i gceist leis an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
Cuireann an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas cistiú uasta €20,000 ar fáil d’fhostóirí na hearnála príobháidí chun oiliúint ar fheasacht ar mhíchumas a shocrú agus a íoc a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
Ba cheart don oiliúint eolas soiléir agus cruinn a sholáthar d’fhostóirí agus fostaithe faoi oibriú le daoine faoi mhíchumas.
Ba cheart go mbeadh an oiliúint dírithe ar thuiscint agus feasacht a sholáthar dóibh siúd a bhfuil páirt á glacadh acu ar na saincheisteanna a bhaineann le míchumas. Agus ba cheart go gcuirfeadh an oiliúint léargas ginearálta ar fáil, chomh maith, ar an reachtaíocht ábhartha in aghaidh idirdhealú agus comhdheiseanna.
Ba cheart go gcuirfeadh sé eolas ar leith ar fáil ar an méid seo a leanas, chomh maith:
- míchumas agus cumas a dhíríonn ar shaincheisteanna luaineachta agus céadfacha
- cleachtaí feasachta aireachtála a bhfuil mar aidhm acu deireadh a chur le scéalta gan bhunús a bhíonn i mbéal an phobail
- béasaíocht mhíchumais chun an friotal agus an t-iompar cuí a shoiléiriú
Ba cheart go n-áireofaí leis an oiliúint eolas ar dhéileáil le saincheisteanna meabhairshláinte san ionad oibre.
Tá deontais ar fáil do chuideachtaí príobháideacha
An chéad bhliain a dhéanann cuideachta iarratas | 90% de chostais incháilithe oiliúna a mhéid le €20,000 |
An dara bliain agus blianta ina dhiaidh sin a dhéanann cuideachta iarratas | 80% de chostais incháilithe oiliúna a mhéid le €20,000 in aon bhliain féilire amháin |
Áirítear le costais incháilithe:
- táillí a íocadh do chláir nó cúrsaí oiliúna seachtracha ar fheasacht ar mhíchumas
- táillí ar oiliúint intí ar fheasacht ar mhíchumas a sholáthraíonn oiliúnóirí seachtracha
- táillí ar chláir oiliúna feasachta ar mhíchumas foghlama oscailte, ríomhairebhunaithe nó gréasánbhunaithe
I measc na gcostas eile a chuimsítear sa scéim, tá ábhair foghlama a bhfuil baint shoiléir acu leis an gclár oiliúna ábhartha, a mhéid le €650. Áirítear leis seo:
- lámhleabhair
- leabhair
- DVDanna
Teagmháil
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bhFoireann um Thacaíocht san Ionad Oibre i do cheantar áitiúil.