Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Seirbhísí atá ar fáil do Chuardaitheoirí Poist ar MyWelfare.ie


Teastóidh cuntas fíoraithe MyGovID uait [internal-link 27013 | chun na seirbhísí sin a rochtain. Teastóidh Cárta Seirbhísí Poiblí uait agus a bheith **cláraithe le SAFE* chun go mbeidh cuntas fíoraithe MyGovID agat.

Déan iarratas ar Íocaíocht do Chuardaitheoir Poist

Is féidir le custaiméirí a bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID acu [internal-link 27013 | éileamh a dhéanamh ar líne le haghaidh íocaíocht cuardaitheora poist.

Má tá tú dífhostaithe, d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh Sochar Cuardaitheora PoistLiúntas Cuardaitheora Poist.

D’fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist mura gcáilíonn tú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist.

Faisnéis maidir le hÉilimh agus Sochair

Is féidir le cuardaitheoirí poist a bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID acu a n-éileamh a dhúnadh ar líne.

D’fhéadfá a bheith incháilithe fós le haghaidh scéimeanna agus seirbhísí áirithe.

Cuir foirm Oibre agus Scileanna isteach

Tugann an Fhoirm Oibre agus Scileanna deis don roinn seo sonraí a fháil maidir le d’oideachas, cáilíochtaí, stair oibre agus sainroghanna oibre.

Cuidíonn sé sin leis an roinn tacaíocht a thabhairt duit chun post a fháil.

Ní féidir leat foirm Oibre agus Scileanna a chur isteach ach amháin má d’iarr an roinn seo ort sin a dhéanamh. Tabharfar fógra duit trí [internal-link 27008 | do chuntas MyWelfare.

Cuir Iarratas Saoire Cuardaitheora Poist Isteach

Is féidir le cuardaitheoirí poist a [internal-link 27013] bhfuil cuntas MyGovID acu ] an roinn seo a chur ar an eolas faoi aon saoire atá ag teacht aníos agat.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar uasmhéid saoire coicíse i ngach bliain fhéilire.

Caithfidh tú fógra 10 lá ar a laghad a thabhairt agus ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach suas le 21 lá roimh ré.

Ráiteas Íocaíochta

Is féidir le cuardaitheoirí poist a [internal-link 27013] bhfuil cuntas MyGovID acu ] ráiteas íocaíochta a iarraidh. Seo taifead den tsuim a d’íoc an roinn seo leat ar feadh tréimhse ama.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat