Shochar Máithreachais
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Céard é Sochar Máithreachais
- Conas cáiliú
- Deimhniú más fostaí thú
- Deimhniú má tá tú féinfhostaithe
- An ráta íocaíochta
- Breitheanna Réamhaibí
- Marbh-Bhreitheanna agus Breitheanna Anabaí
- Má tá do leanbh san ospidéal
- Má tá tinneas tromchúiseach ort
- Déan iarratas
- Treoirlínte Oibríochtúla
Céard é Sochar Máithreachais
Má tá tú incháilithe chun Sochar Máithreachais ráta iomlán a fháil, gheobhaidh tú €289 sa tseachtain le haghaidh 26 seachtain (156 lá). Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat cheana féin, b’fhéidir go bhfaighfeá Sochar Máithreachais leathráta.
Is íocaíocht é an Sochar Máithreachais do dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe atá:
- ar shaoire mháithreachais ón obair
- clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC)
Ní mór tús a chur le saoire mháithreachais roimh an dáta a bhfuil tú ag súil le leanbh.
- ní mór duit tús a chur le do shaoire ar a aghaidh coicís roimh dheireadh na seachtaine a bhfuil tú ag súil le leanbh
- ní féidir leat tús a chur le do shaoire níos túisce ná 16 sheachtain roimh dheireadh na seachtaine a bhfuil tú ag súil le leanbh
- ní mór duit tús a chur le do shaoire mháithreachais ar a laghad ar an Luan roimh an tseachtain a bhfuil tú ag súil le leanbh. Mar shampla, má tá tú ag súil le leanbh ar an gCéadaoin, an 13 Deireadh Fómhair 2021, is é an dáta is déanaí ar féidir leat tús a chur le do shaoire mháithreachais, Dé Luain, an 4 Deireadh Fómhair 2021
- má thagann deireadh le do chonradh fostaíochta laistigh de 16 sheachtain ó dheireadh na seachtaine ina bhfuil tú ag súil le leanbh, íocfar Sochar Máithreachais leat ón lá i ndiaidh do lá oibre deiridh
Nuair a thagann deireadh le tréimhse do Shochair Mháithreachais íoctha, tá cead agat 16 sheachtain de shaoire mháithreachais neamhíoctha a ghlacadh. Ní íocfar tú i rith na tréimhse sin, ach gheobhaidh tú creidmheas árachais shóisialaigh (ÁSPC) le haghaidh gach seachtain de shaoire neamhíoctha a ghlacann tú. Más mian leat creidmheas Sochair Mháithreachais a éileamh cliceáil anseo.
Conas cáiliú
Ranníocaíochtaí árachas shóisialaigh (ÁSPC)
- d’fhonn cáiliú le haghaidh saoire mháithreachais ní mór go mbeadh 39 seachtain ar a laghad ÁSPC íoctha agat sa 12 mhí roimh chéad lá do shaoire mháithreachais nó
- ar a laghad 39 seachtain de ÁSPC íoctha ó thosaigh tú ag obair ar dtús agus ar a laghad 39 seachtain de ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe sa Bhliain Chánach Ábhartha nó i rith na bliana i ndiaidh na Bliana Cánach Reatha nó
- ar a laghad 26 seachtain de ÁSPC íoctha sa Bhliain Chánach Ábhartha agus ar a laghad 26 seachtain de ÁSPC íoctha sa Bhliain Chánach roimh an mBliain Chánach Ábhartha
Tabhair faoi deara: Is féidir ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha ag Aicmí A, E agus H a chomhaireamh.
Má bhí tú i mbun féinfhostaíocht inárachais sular chuir tú tús le fostaíocht árachais mar fhostaí agus má tá ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S íoctha agat b’fhéidir go mbeadh tú cáilithe do Shochar Máithreachais.
Má tá tú i do bhall d'Óglaigh na hÉireann agus má íocann tú ÁSPC ag Aicme H, tá tú árachaithe i gcomhair Sochar Máithreachais, ach níl sé iníoctha agus tú i mbun seirbhíse.
Deimhniú más fostaí thú
Ní mór do d'fhostóir do shaoire mháithreachais a dheimhniú.
Iarr ar do dhochtúir deimhniú a thabhairt duit ar a ndeimhnítear cathain a bhfuil tú ag súil le do leanbh. Tabhair an deimhniú seo do d’fhostóir. Comhlánóidh d’fhostóir MB2: Deimhniú Fostóra um Shochar Máithreachais agus tabharfaidh sé/sí an fhoirm duit. Nuair a dhéanann tú iarratas ar Shochar Breoiteachta, cuir an deimhniú MB2 ó d’fhostóir ar fáil.
Deimhniú má tá tú féinfhostaithe
Ní mór do do dhochtúir do shaoire mháithreachais a dheimhniú.
Iarr ar do dhochtúir MB3: Iarr ar do dhochtúir MB3: Deimhniú Leighis do Shochar Máithreachais a chomhlánú agus é a thabhairt duit. Nuair a dhéanann tú iarratas ar Shochar Nuair a dhéanann tú iarratas ar Shochar Breoiteachta, cuir an fhoirm MB3 ó do dhochtúir ar fáil.
An ráta íocaíochta
Tá an Sochar Máithreachais cothrom le €289 sa tseachtain le haghaidh 26 seachtain, nó 156 lá.
Má íocann tú cáin, beidh ort cáin a íoc ar Shochar Máithreachais. Ní gá duit an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) nó árachas sóisialta a íoc (ÁSPC).
Íocaíochtaí méadaithe
Má tá cleithiúnaithe agat, b’fhéidir go mbeidh tú in ann ráta níos airde de Shochar Máithreachais a fháil. Nuair a dhéanann tú iarratas, cuirtear ráta do Shochair Mháithreachais (seachas méaduithe le haghaidh cleithiúnaithe) i gcomparáid le ráta an tSochair Bhreoiteachta (lena n-áirítear méaduithe le haghaidh cleithiúnaithe) a d’íocfaí leat dá mbeifeá as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht. Íoctar an ráta is airde den dá ráta leat.
Íoctar Sochar Máithreachais go díreach i do chuntas reatha nó cuntas taisce bainc nó cumainn fhoirgníochta. Ní féidir é a íoc i gcuntas morgáiste.
Féadfaidh d’fhostóir leanúint le híocaíocht iomlán a thabhairt duit fad is atá tú ar shaoire mháithreachais. B’fhéidir go gciallódh sé seo go mbeadh ort do Shochar Máithreachais a íoc leo, agus is féidir leat an rogha sin a dhéanamh.
Breitheanna Réamhaibí
Sa chás go bhfuil breith réamhaibí i gceist, tá Sochar Máithreachais iníoctha le haghaidh tréimhse bhreise ag deireadh an 26 seachtain. Cuirfear tús leis an tréimhse bhreise ag deireadh na tréimhse caighdeánaí 26 seachtain de shaoire mháithreachais le pá.
Is í an tréimhse bhreise a bheidh le cur leis an líon seachtainí ó dháta breithe iarbhír an linbh suas le coicís roimh an dáta tinneas clainne a bhfuil súil leis, an 37ú seachtain den toircheas, agus ag an bpointe sin, chuirfí tú arís de ghnáth leis an teidlíocht reatha de 26 seachtain saoire agus sochair.
Má bheirtear do leanbh go réamhaibí (sula raibh sé beartaithe agat tús a chur le do shaoire mháithreachais), ba cheart duit scéala a chur chuig an Rannóg tSochair Máithreachais agus deimhniú i scríbhinn ó do dhochtúir maidir le d’uimhir PPS a sholáthar, mar aon leis an dáta ar rugadh do leanbh agus an dáta bunaidh a raibh tú ag súil leis an leanbh
Marbh-Bhreitheanna agus Breitheanna Anabaí
Bíonn sé deacair déileáil le caillteanas linbh agus am dúshlánach a bhíonn ann do thuismitheoirí agus do theaghlaigh. Má bhíonn marbh-bhreith nó breith anabaí agat aon uair i ndiaidh an 23ú seachtain de do thoircheas (is é sin, ó thús an 24ú seachtain) nó má tá meáchan breithe do linbh cothrom le 400 gram ar a laghad, tá tú i dteideal 26 seachtain de shaoire mháithreachais má tá tú clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC).
Chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais i ndiaidh marbh-bhreithe nó breith anabaí, ba cheart duit litir ó do dhochtúir i dteannta leis an foirm iarratas ar Shochar Máithreachais a sheoladh chuig an Rannóg tSochair Máithreachais sa roinn.
Ba cheart don dochtúir na sonraí seo a leanas a lua sa litir:
- an dáta breithe a bhfuiltear ag súil leis
- dáta iarbhír na breithe nó na breithe anabaí
- líon seachtainí an toirchis
Má tá do leanbh san ospidéal
Beidh tú trína chéile má tá do leanbh san ospidéal. Má chabhraíonn sé leat, is féidir leat an 12 sheachtain deiridh de do shaoire mháithreachais agus Sochar Máithreachais a chur ar atráth. Má tá tú cáilithe, beidh tú in ann do Shochar Máithreachais a chur ar atráth le haghaidh suas le 6 mhí.
Chun cáiliú ní mór duit na coinníollacha seo a chomhlíonadh:
- fuair tú Sochar Máithreachais le haghaidh 14 sheachtain ar a laghad
- ghlac tú ceithre sheachtain de shaoire mháithreachais ar a laghad i ndiaidh bhreith do linbh
Más mian leat do Shochar Máithreachais a chur ar atráth, scríobh nóta chuig:
Maternity Benefit Section
- Seoladh:
- Maternity Benefit Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Buncrana, Donegal, Co. Donegal, F93 CH79
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 690690;
01 4715898
Más mian leat filleadh ar d’íocaíocht Sochair Mháithreachais a fháil nuair atá do leanbh scaoilte abhaile ón ospidéal, scríobh nóta chuig an Rannóg Sochair Mháithreachais.
Cuir sonraí maidir leis an méid seo a leanas ar fáil:
- litir nó deimhniú ag deimhniú go bhfuil do leanbh scaoilte abhaile ón ospidéal
- litir nó deimhniú ó d’fhostóir ina sonraítear go bhfuil tú i dteideal tús a chur arís le do shaoire mháithreachais a bhí curtha ar atráth
Má tá tinneas tromchúiseach ort
Is féidir leis a bheith an-deacair má tá tinneas tromchúiseach ort. Má chabhraíonn sé leat, ó 20 Samhain 2024, is féidir leat cuid do shaoire mháithreachais agus Sochar Máithreachais iomlán nó chuid di a chur ar atráth. Má cháilíonn tú, beidh tú in ann do Shochar Máithreachais a chur ar athló ar feadh suas le 5 agus 52 mhí.
Chun cáiliú ní mór duit na coinníollacha seo a chomhlíonadh:
- riocht tromchúiseach sláinte a bheith ort atá i mbaol mór do do bheatha agus do shláinte sa chás go dteastaíonn idirghabháil leighis uait ar feadh tréimhse ama chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sláinte, is féidir riosca do do mheabhairshláinte a bheith san áireamh leis seo má theastaíonn cóireáil ospidéil d’othair chónaitheacha uait,
Chun do shaoire a chur ar atráth, déan teagmháil linn, ag tabhairt an oiread fógra agus is féidir, ag cur in iúl dúinn gur mian leat do shochar máithreachais a chur ar atráth.
Cuir an méid seo a leanas san áireamh le do thoil:
- Litir ó dhochtúir atá cláraithe sa Rannán Speisialtóirí den Clár de Dhochtúirí Leighis ina ndeimhnítear na nithe seo a leanas:
(i) go bhfuil riocht tromchúiseach sláinte ort atá ina bhagairt don bheatha agus don tsláinte, agus
(ii) gurb iad an Lia-chleachtóir atá ag cur cóireáil ort don riocht tromchúiseach sláinte atá ina bhagairt don bheatha agus don tsláinte, agus
(iii) go dteastaíonn idirghabháil leighis uait ar feadh tréimhse ama, agus
(iv) más riocht meabhairshláinte é do riocht tromchúiseach sláinte, agus mar sin má theastaíonn cóireáil ospidéil d’othair chónaitheacha uait.
agus
- Litir ó d’fhostóir ag tabhairt le fios
(i) go bhfuil tú i dteideal saoire mháithreachais a chur ar atráth de dheasca an riosca tromchúiseach do do bheatha agus do do shláinte, agus
(ii) an dáta ar a dtosóidh an tsaoire mháithreachais ar athló, agus
(iii) an dáta a chuirfear tús le do shaoire mháithreachais arís.
Má tá tú féinfhostaithe, ní mór an dáta ónar mian leat do shaoire a chur ar atráth agus an dáta ar mian leat saoire mháithreachais a atosú a chur san áireamh sa litir a chuir do speisialtóir leighis ar fáil.
Is féidir leat a do Shochar Máithreachais a chur ar atráth dá uair, ach caithfidh an dara tréimhse a tharlú díreach tar éis an chéad tréimhse, nuair a atosaíonn tú do Shaoire Mháithreachais, ní bheidh tú in ann é a chur ar atráth arís. Chun leas a bhaint as an dara tréimhse, ní mór duit chur in iúl dúinn roimh ré agus litir nuashonraithe a sholáthar ó do speisialtóir leighis agus ó d’fhostóir leis na sonraí céanna atá leagtha amach thuas.
Ní féidir leat do shochar máithreachais a chur ar atráth níos faide ná 52 seachtain ón chéad tréimhse.
Ní íocfar Sochar Máithreachais le linn thréimhse inar cuireadh ar atráth, cuirfear tús le haon íocaíocht a bhfuil tú i dteideal nuair a thosaíonn tú ar do Shaoire Mháithreachais arís.
Más mian leat do Shochar Máithreachais a chur ar atráth, scríobh nóta chuig:
Maternity Benefit Section
- Seoladh:
- Maternity Benefit Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Buncrana, Donegal, Co. Donegal, F93 CH79
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 690690;
01 4715898
Déan iarratas
Iarratas MyWelfare
Is é an bealach is tapa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais trí MyWelfare.ie. Ní mór go mbeadh verified MyGovID agat chun an tseirbhís seo a úsáid.
Buntáiste mór amháin a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar líne é go mbronntar sochar go huathoibríoch má fhaightear iarratas ar líne atá cáilithe; ní thógann sé ach cúpla soicind an próiseas a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, is féidir an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil le d’éileamh a rianú trí úsáid a bhaint as [external-link https://services.mywelfare.ie/ga/ | MyWelfare.ie. ]
Más fostaí tú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais ar a laghad sé seachtaine sula bhfuil sé beartaithe agat saoire mháithreachais a ghlacadh. Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh 12 sheachtain ar a laghad sula bhfuil sé beartaithe agat saoire mháithreachais a ghlacadh.
Chomh maith leis sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais tríd an bhfoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo a úsáid nó is féidir iarratas ar fhoirm a dhéanamh anseo .
Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta chuig:
Maternity Benefit Section
- Seoladh:
- Maternity Benefit Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Buncrana, Donegal, Co. Donegal, F93 CH79
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 690690;
01 4715898
Má theastaíonn tuilleadh eolais maidir le ceanglais árachais shóisialaigh (ÁSPC) le haghaidh Sochar Máithreachais uait, tabhair cuairt ar MyWelfare.ie/Maternity.