English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Sochair a Éileamh thar Lear



Faisnéis

Má fhágann tú Éire chun dul chun cónaithe nó chun oibre i dtír eile, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal sochair slándála sóisialaí a fháil sa tír eile sin.

Má théann tú chun cónaithe nó chun oibre i dtír atá clúdaithe ag Rialacháin AE, ciallaíonn sé sin, chun críche sochar/seirbhísí slándála sóisialaí, go bhfuil tú i dteideal go gcaithfear leat ar an mbealach céanna le náisiúnaigh sa bhallstát de AE/tír LEE a dtéann tú chun cónaithe nó chun oibre inti.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú féin agus do theaghlach i dteideal iarratas a dhéanamh ar aon sochair nó cúnaimh atá ar fáil sa tír a bhfuil cónaí ort inti.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíochtaí árachasbhunaithe, ba cheart aon ranníocaíochtaí a dhéantar i mballstáit de AE/tíortha LEE a chur san áireamh.


Taifead ranníocaíochta árachais shóisialta

Más gá duit sochair a éileamh fad is atá tú i do chónaí thar lear iarrfar ort faisnéis a sholáthar faoi do thaifead ranníocaíochta árachais shóisialta Éireannaigh.

Is féidir leat foirm U1 a úsáid nuair atá sochair dhífhostaíochta á n-éileamh thar lear.

Is doiciméad iniompartha é U1 ar a bhfuil sonraí maidir le do thaifead árachais shóisialta Éireannaigh le fáil.

Is féidir an U1 a eisiúint chuig an gcustaiméir nó is féidir leis an mballstát ábhartha de AE an doiciméad seo a lorg thar ceann an chustaiméara. Tabharfaidh an roinn tús áite d’iarratais ó bhallstáit eile de AE le haghaidh do thaifid árachais shóisialta ionas nach gcailleann tú amach ar aon sochair atá dlite duit nuair atá tú thar lear.

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn ó thír in AE/LEE, ba cheart duit foirm U1 a thabhairt ar ais leat de bhrí go mbeidh sonraí na ranníocaíochtaí árachais a d’íoc tú sa tír sin le fáil air.

Ní féidir ach le hInstitiúidí sa bhallstát ábhartha de AE iarratais ar S041/E104 (sochair sláinte) a dhéanamh.


Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat do thaifead árachais shóisialta Éireannaigh a lorg, comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol trí ríomhphost chuig EUGeneralQueries@welfare.ienó tríd an bpost chuig an seoladh thíos

International Records Section

Seoladh:
International Records Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Ardaravan, Buncrana, Co. Donegal, F93 CH79.
Ríomhphost:

EUGeneralQueries@welfare.ie

Teileafón:
0818 690690;
01 4715898
Foirm Iarratais ar Thaifid Árachais Shóisialaigh Éireannacha (U1)
Leagan: Meán Fómhair 2021
Amharc amharc

B’fhéidir go dtógfadh sé roinnt mhaith ama d’iarratas a phróiseáil de bhrí go mb’fhéidir go mbeadh ar an roinn teagmháil a dhéanamh le d’fhostóirí(í) le déanaí ionas gur féidir na foirmeacha a eisiúint.


Treoirlínte Oibríochtúla