Sochar Breoiteachta
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2025
- Cad é Sochar Breoiteachta
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta
- Dún d'éileamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
- Treoir físeáin ar iarratas ar líne
IMPORTANT
Ní mór duit Deimhniú Éagumais chun Oibre a fháil ó do dhochtúir chun cáiliú le haghaidh Sochair Breoiteachta
Cad é Sochar Breoiteachta
Is scéim í Sochar Breoiteachta chun tacú leat mura féidir leat obair a dhéanamh sa ghearrthréimhse mar gheall go bhfuil tú tinn. Ní mór do thinneas a bheith deimhnithe ag dochtúir.
Níl Sochar Breoiteachta nasctha le polasaí d’fhostóra ar phá le haghaidh saoire bhreoiteachta.
Cé chomh minic a íoctar é
Íoctar Sochar Breoiteachta go seachtainiúil, d'fhéadfaí é a íoc ón Luan go Satharn ag brath ar an uair a cláraíodh an t-éileamh agus ar an gcéad lá a thosaigh do thinneas.
Cathain éileamh a dhéanamh
Ní mór duit Sochar Breoiteachta a éileamh laistigh de 6 seachtaine i ndiaidh duit éirí tinn. Baineann sé seo leat má íocann nó mura n-íocann d'fhostóir thú agus tú ar shaoire bhreoiteachta ón obair. Ní mór duit Sochar Breoiteachta a éileamh ón gcéad lá a d'éirigh tú tinn. Ní mór duit chomh maith a bheith deimhnithe ag dochtúir ón gcéad lá a d'éirigh tú tinn.
Tacaíocht ghearrthéarmach
Mura bhfreastalaíonn d’ioncam ar do chuid riachtanas agus tú ag fanacht le cloisteáil faoi d’éileamh ar Shochar Breoiteachta, d’fhéadfá a bheith in ann Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach a fháil.
Is íocaíocht sheachtainiúil í seo do dhaoine nach bhfuil a ndóthain ioncaim acu chun freastal ar a gcuid bunriachtanais agus riachtanais a bpáirtí nó a leanaí.
https://www.gov.ie/en/service/ddf6e3-illness-benefit/
Sochar Breoiteachta agus an tAcht um Shaoire Bhreoiteachta 2022
Leis an Acht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 foráiltear do scéim Saoire Breoiteachta Reachtúil le haghaidh gach fostaí a bhfuil ar a laghad 13 seachtaine caite acu lena bhfostóir reatha.
Ó 1 Eanáir 2024, is é líon na laethanta maidir le Saoire Bhreoiteachta Reachtúil ná 5. Ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh d’fhostóir tú de réir na scéime Saoire Breoiteachta Reachtúla as aon chás tinnis, suas le 5 lá ar a mhéad, a mbíonn tú sceidealaithe le bheith ag obair de ghnáth i mbliain féilire. Más tá do chéad chás tinnis sa bhliain níos lú ná 5 lá, cuirfear do laethanta saoire breoiteachta reachtúla atá fágtha i bhfeidhm i dtaca le haon chás(anna) tinnis ina dhiaidh sin, suas le 5 lá ar a mhéad i mbliain féilire.
Conas cáiliú
Chun cáiliú don Sochar Breoiteachta, ní mór duit coinníollacha a chomhlíonadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- Aois
- Ranníocaíochtaí Árachais Shóisialta (ÁSPC)
Aois
Ní mór duit a bheith faoin aois inphinsin. Is é seo 66 faoi láthair.
Sochar Breoiteachta agus Pinsean Solúbtha Stáit
Ón 1 Eanáir 2024, beidh an Pinsean Stáit (Ranníocach) níos solúbtha.
Má rugadh thú ar nó tar éis 1 Eanáir 1958, beidh tú in ann do phinsean a tharraingt anuas ag aois ar bith idir 66 agus 70 bliain d’aois.
Má roghnaíonn tú do phinsean a tharraingt anuas ag dáta níos déanaí ná 66 bliana d’aois, tabharfaidh sé an deis duit leanúint ar aghaidh ag obair chun ranníocaíochtaí ÁSPC a dhéanamh. D’fhéadfadh sé seo do ráta pearsanta íocaíochta a mhéadú nó cabhrú leat na coinníollacha ranníocaíochta cáilitheacha don Phinsean Stáit (Ranníocach) a chomhlíonadh.
Má shocraíonn tú gan do Phinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt anuas ag 66 bliana d’aois agus má chomhlíonann tú coinníollacha na scéime Sochar Breoiteachta, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a fháil/iarratas a dhéanamh air suas go dtí 70 bliain d’aois. Ní bhfaighidh tú ranníocaíochtaí creidiúnaithe fad is atá tú ar Shochar Breoiteachta tar éis 66 bliana d’aois. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar do theidlíochtaí don Phinsean Stáit (Ranníocach). Tar éis 66 bliana d’aois, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta trí úsáid a bhaint as iarratas páipéir (IB1) ar féidir a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh nó trí ghlaoch a chur ar 0818 928 400 nó 01 7043300
Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat cheana féin, má rugadh tú tar éis 1 Eanáir 1958 agus tú ag druidim le 66 bliain d'aois, gheobhaidh tú litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag cur do roghanna in iúl duit.
Ranníocaíochtaí Árachais Shóisialta (ÁSPC)
Ní mór 104 ranníocaíocht árachais shóisialta (ÁSPC) d’aicme A, E, H nó P ar a laghad a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair ar dtús.
Ní mór duit Coinníoll 1 nó Coinníoll 2 thíos a chomhlíonadh freisin:
Coinníoll 1
Ní mór duit 39 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha nó curtha chun sochair agat sa bhliain chánach ábhartha, agus ní mór 13 díobh a bheith ina ranníocaíochtaí íoctha.
Mura bhfuil 13 ranníocaíocht íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha, is féidir 13 ranníocaíocht íoctha i gceann de na blianta cánach seo a leanas a úsáid ina ionad sin:
- ceachtar den dá bhliain chánach roimh an mbliain chánach ábhartha
- an bhliain chánach iomlán dheireanach (roimh an mbliain a dtosaíonn d’éileamh ar Shochar Breoiteachta)
- an bhliain chánach reatha
NÓ
Coinníoll 2
Ní mór duit 26 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha, agus 26 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha.
Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán is deireanaí roimh an mbliain ina dtosaíonn d’éileamh ar Shochar Breoiteachta.
Sampla 1: Má dhéanann tú éileamh in 2023, is é 2021 an bhliain chánach ábhartha.
Sampla 2: Má dhéanann tú éileamh in 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.
Ceanglais eile
Ní mór duit freisin:
- dul chuig do dhochtúir. Is féidir le do dhochtúir Deimhniú Éagumais chun Oibre a chur isteach go leictreonach díreach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí
- déan iarratas ar Shochar Breoiteachta. Cuir iarratas ar Shochar Breoiteachta isteach ar líne tríd MyWelfare nó seol Foirm IB1 sa phost (iarratas ar Shochar Breoiteachta agus ar Shochar Díobhála) chuig an roinn. Is féidir leat an fhoirm a fháil ó do dhochtúir
- cuir isteach an dáta ar éirigh tú tinn den chéad uair ar d'iarratas
- ní féidir leat a bheith ag fáil pá saoire ó d'fhostóir
Rátaí íocaíochta
Íoctar na rátaí Sochair Breoiteachta ag ceithre ráta dhifriúla. Úsáideann an roinn do mheán-thuilleamh seachtainiúil sa bhliain chánach ábhartha chun an ráta a íocfar leat a áireamh.
Is iad seo a leanas na rátaí:
Meántuilleamh seachtainiúil | Do ráta pearsanta | Breis d'aosach cleithiúnach | Ráta iomlán (má tá cleithiúnaí aosaithe agat) | |
€300 nó níos mó | €244.00 | €162.00 | €406.00 | |
€220 - €299.99 | €191.10 | €104.90 | €296.00 | |
€150 - €219.99 | €157.30 | €104.90 | €262.20 | |
níos lú ná €150 | €109.50 | €104.90 | €214.40 |
Má tá aosach nó leanaí cleithiúnacha agat agus má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat d’fhéadfá a bheith i dteideal méadú ar d’íocaíocht.
Ríomhann an roinn do mheántuilleamh seachtainiúil trí do thuilleamh iomlán (roimh cháin agus roinnt asbhaintí eile) sa bhliain chánach ábhartha a roinnt ar líon na seachtainí a d’oibrigh tú.
Sampla de mheántuilleamh seachtainiúil
Sampla 1 | Sampla 2 | |
Tuilleamh curtha san áireamh sa bhliain chánach ábhartha | €16,800 | €232.36 |
Líon seachtainí oibre | 35 | 1 |
Meántuilleamh seachtainiúil | €480 (€16,800 roinnte ar 35) | €232.36 (€232.36 roinnte ar 1) |
Sochar Breoiteachta agus cáin
Is íocaíocht inchánach é Sochar Breoiteachta.
Íocann an roinn Sochar Breoiteachta gan cáin a asbhaint.
Cuireann an roinn méid an tSochair Breoiteachta a íocadh leat in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Ciallaíonn sé seo go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin cheart a asbhaint más gá duit a íoc. Ní gá duit aon rud a dhéanamh chun an cháin cheart a íoc.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- ní ghearrtar cáin ar mhéaduithe a íoctar d’aon leanaí cleithiúnacha
- ní ghearrtar árachas sóisialta (ÁSPC) agus Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ar íocaíochtaí Sochar Breoiteachta
Sochair níos fadtéarmaí
Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh níos mó ná 6 mhí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh, ar Liúntas Míchumais nó ar Phinsean Easláine.
An chéad trí lá den bhreoiteacht
Ní bhfaighidh tú Sochar Breoiteachta don chéad 3 lá de neamhláithreacht ón obair. Laethanta feithimh a thugtar orthu seo. Ní áirítear an Domhnach mar lá feithimh.
Modhanna íocaíochta
Is féidir leat cinneadh a dhéanamh go n-íocfar do Shochar Breoiteachta isteach iontu seo a leanas:
- do bhanc
- do chumann foirgníochta
- do chomhar creidmheasa
- do chuntas oifig an phoist
- le seic (i gcúinsí áirithe amháin)
Is féidir é a íoc freisin:
- go díreach chuig d’fhostóir
D'fhéadfaí an Sochar Breoiteachta a íoc díreach le d'fhostóir. Chun é seo a dhéanamh, beidh sonraí íocaíochta d'fhostóir ag teastáil uait chun an t-iarratas a líonadh.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta
Ní mór duit scrúdú dochtúra a bheith agat.
Seans go mbeidh ort íoc as an scrúdú seo, ach tá an Deimhniú Éagumais chun Oibre saor in aisce.
Is féidir le do dhochtúir do Dheimhniú Éagumais chun Oibre a chur i gcrích go leictreonach. Mura bhfuil do dheimhniú curtha i gcrích go leictreonach, ní mór duit cóip páipéir a chur isteach le d'iarratas ar Shochar Breoiteachta.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta ar líne tríd MyWelfare. Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat foirm iarratais IB1 a iarraidh ar do dhochtúir.
Déan iarratas ar líne
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe nó bunúsach agat is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar MyWelfare.ie.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat foirm iarratais IB1 a iarraidh ar do dhochtúir ginearálta. De rogha air sin, is féidir leat foirm éilimh IB1 a iarraidh trí ghlaoch a chur ar an uimhir teagmhála Sochair Breoiteachta +353 1 704 3300 nó 0818 928 400 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig illnessbenefit@welfare.ie agus d'ainm iomlán agus do sheoladh a sholáthar.
Cuir “Maidir le hIarratas” isteach i líne ábhair an ríomhphoist le do thoil.
Ba chóir gach deimhniú agus foirm chomhlánaithe a sheoladh chuig:
Illness Benefit Section
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 928400;
01 7043300
Dún d'éileamh
Caithfidh tú an roinn a chur ar an eolas nuair atá tú in ann dul ar ais ag obair. Má tá cuntas MyGovId fíoraithe agat, is féidir leat d'éileamh a dhúnadh ag MyWelfare tríd an rogha 'Bainistigh m'éileamh' ar do chárta éilimh a roghnú.
Mura bhfuil cuntas MyGovId fíoraithe agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn trí ríomhphost a sheoladh chucu nó glaoch a chur orthu agus úsáid a bhaint as na sonraí thíos.
Ní mór do dhochtúir do Dheimhniú Éagumais chun Oibre deireanach a mharcáil mar chríochnaitheach sula bhfilleann tú ar an obair. Mura féidir le dochtúir an deimhniú a mharcáil, ba chóir duit é a chur in iúl don roinn mar sin féin.
Illness Benefit - Close My Claim
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 7043300;
0818 928400
Dún d'éileamh go luath
Má theastaíonn uait d'éileamh a dhúnadh níos luaithe ná an dáta atá ar do Dheimhniú Éagumais chun Oibre agus má tá cuntas MyGovId fíoraithe agat, is féidir leat d'éileamh a dhúnadh ag MyWelfare tríd an rogha 'Bainistigh m'éileamh' ar do chárta éilimh a roghnú.
Mura bhfuil cuntas MyGovId fíoraithe agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn trí ríomhphost a sheoladh chucu nó glaoch a chur orthu agus úsáid a bhaint as na sonraí thíos.
Illness Benefit - Close My Claim
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 7043300;
0818 928400
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar phróisis agus ar nósanna imeachta a bhíonn á leanúint ag foireann na roinne agus iad ag déanamh a gcuid oibre.
Treoir físeáin ar iarratas ar líne
Faigh treoir maidir le conas d'iarratas Sochair Breoiteachta a chur i gcrích ar líne le MyWelfare.