Sochar Breoiteachta d’asláithreacht mar gheall ar COVID-19
- Foilsithe: 11 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Fógra tábhachtach
- An méid a bhí i gceist le Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- D’éileamh a dhúnadh
- Teagmháil
Tabhair faoi deara, le do thoil
Níl an ráta Breisithe de Shochar Breoiteachta ar fáil a thuilleadh. Ar mhaithe le heolas é an leathanach seo amháin.
Fógra tábhachtach
Tháinig deireadh leis an ráta breisithe de Shochar Breoiteachta Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair 2022.
Má fuair tú diagnóis COVID-19 nó má mhol do DG duit féinaonrú a dhéanamh agus má tá deimhniúchán leighis agat ó do DG, is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill ar Shochar Breoiteachta. Má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal ráta caighdeánach d’íocaíocht Sochair Breoiteachta a fháil.
Má bhí Sochar Breoiteachta Breisithe á fháil agat ar feadh tréimhse roimh agus i ndiaidh an 30 Meán Fómhair 2022, b’fhéidir gur laghdaíodh nó gur stopadh d’íocaíocht ón 1 Deireadh Fómhair 2022 bunaithe ar do stair ranníocaíochta.
Má diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 ort roimhe an 1 Deireadh Fómhair, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal an ráta Sochar Breoiteachta Breisithe a fháil go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Íocfar rátaí caighdeánacha Sochair Breoiteachta i ndiaidh an dáta seo bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC.
An méid a bhí i gceist le Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19
Má bhí tú ag oibriú, agus má mhol dochtúir duit féinaonrú a dhéanamh nó srian a chur ar do ghluaiseachtaí, ar aon dul le treoir sláinte poiblí, mar gheall go bhféadfadh gur foinse d’ionfhabhtú COVID-19 (an Coróinvíreas) thú agus go bhfuil comharthaí ort, d’fhéadfá cur isteach ar íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe €350 sa tseachtain.
D’fhéadfadh gach fostaí incháilithe agus duine féinfhostaithe (seachas fostaithe san earnáil phoiblí), neamhnáisiúnaigh agus daoine san áireamh a chónaíonn i Soláthar Díreach, an íocaíocht seo a fháil.
Conas cáiliú
Leis an íocaíocht seo a fháil, caithfidh go raibh tú as láthair ón obair agus caithfidh nach raibh d’áit chónaithe (tá féinaonrú á dhéanamh agat) nó áis leighis á fágáil agat roimh an 30 Meán Fómhair 2022.
Caithfidh go raibh féinaonrú á dhéanamh agat nó go raibh do ghluaiseachtaí á srianadh agat i ndiaidh gur mhol dochtúir amhlaidh a dhéanamh duit, ar aon dul leis an treoir sláinte poiblí, mar gheall go bhfuil comharthaí ort agus go bhféadfá bheith i d’fhoinse d’ionfhabhtú COVID-19 nó gur diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 ort.
D’fhéadfaí foirm éilimh ar Shochar Breoiteachta Breisithe a sheoladh ar aghaidh ar líne nó sa phost.
Caithfidh tú fianaise liachta a fháil ó do DG i bhfoirm Dheimhniú Éagumais chun Oibre gabháil le haon éileamh ar Shochar Breoiteachta, agus theastaigh sé go ndéanfaí an ráta Breisithe a íoc.
Má tá tú fostaithe, caithfidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:
- caithfidh go raibh tú níos óige ná aois an phinsin ar an lá a éilítear an sochar
- caithfidh gur íoc thú 1 ranníocaíocht árachais shóisialaigh cháilitheach, ar a laghad, sna 4 seachtaine díreach sular éiligh tú an íocaíocht
- caithfidh conradh fostaíochta a bheith agat
Bhí an ráta Breisithe de Shochar Breoiteachta ar fáil do dhaoine atá féinfhostaithe. I gcás iad siúd a bhí féinfhostaithe, bhí orthu na coinníollacha a leanas a shásamh:
- caithfidh go raibh tú níos óige ná aois an phinsin ar an lá a éilítear an sochar
- caithfidh gur oibrigh tú díreach sula ndearna tú iarratas ar an íocaíocht bhreisithe agus caithfidh go bhfuil ioncam inríofa agat sa bhliain ranníocaíochta reatha
Má bhaineann tú toradh dearfach tástála amach i leith COVID-19, nó má tá tú breoite ar chúis eile agus ní féidir leat oibriú, agus má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal ráta caighdeánach den íocaíocht Sochair Breoiteachta a fháil. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta caighdeánach. Teastaíonn Deimhniú Éagumais chun Oibre uaidh seo agus go seoltar foirm iarratais (IB1) ar aghaidh.
Má tá clutharú á dhéanamh agat ar chúiseanna sláinte, níl tú incháilithe chun an ráta breisithe de Shochar Breoiteachta a fháil. B’fhéidir go gcáileoidh tú don Sochar Breoiteachta caighdeánach agus bainfidh na gnáthrialacha go léir leis.
Ráta íocaíochta
Ba é an ráta pearsanta don íocaíocht seo €350 sa tseachtain, i gcomparáid leis an ngnáthráta Sochair Breoiteachta €208. Cuireadh stop leis an ráta €350 an 30 Meán Fómhair 2022. Beidh rátaí caighdeánacha Sochair Breoiteachta i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.
Tabhair faoi deara, le do thoil: íoctar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bhonn laethúil i rith 6 lá, gan an Domhnach a áireamh.
Íocadh Sochar Breoiteachta Breisithe ar feadh fad uasta 7 lá nuair a bhí féinaonrú á dhéanamh ag duine mar gheall go bhféadfadh go raibh an galar á scaipeadh ag an duine, agus ar feadh 10 seachtaine, ar a fhaide, má diagnóisíodh go raibh COVID-19 (an Coróinvíreas) ar dhuine. Má deimhníodh duine ar feadh tréimhse níos giorra ná 10 seachtaine, d’íocfaí iad ar feadh fhad a ndeimhnithe. Má deimhníodh thú roimh an 30 Meán Fómhair 2022, gur laghdaíodh nó stopadh d’íocaíocht ón 1 Deireadh Fómhair 2022. Bhraith seo ar cé acu ar cháiligh nó nár cháiligh tú do Shochar Breoiteachta caighdeánach.
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar an ráta Breisithe de Shochar Breoiteachta, theastaigh cuntas bunúsach MyGovID uait.
Chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta caighdeánach, caithfidh tú iarraidh ar dhochtúir scrúdú a dhéanamh ort.
B’fhéidir go mbeidh ort íoc as an scrúdú seo, ach is féidir leat an 'Deimhniú Éagumais chun Oibre’ a fháil saor in aisce mar gheall go n-íocann an roinn as.
Cuirfidh do dhochtúir an méid seo a leanas ar fáil duit:
- foirm éilimh ar Shochar Breoiteachta (IB1)
- Deimhniú Éagumais chun Oibre
De rogha air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as an rogha Sochar Breoiteachta ar MyWelfare.ie:
Cáipéisíocht tacaíochta
Is féidir leis an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an bhfianaise liachta nó an cháipéisíocht tacaíochta a sheolann tú ar aghaidh mar chuid de d’iarratas:
- Deimhniú Éagumais chun Oibre ó do dhochtúir a thugann le fios go bhfuil comharthaí COVID-19 ort nó gur dóchúil gur foinse ionfhabhtaithe COVID-19 thú agus go bhfuil féinaonrú á dhéanamh agat.
D’éileamh a dhúnadh
Tá ort an roinn a chur ar an eolas nuair atá tú inniúil chun filleadh ar an obair.
Teastaíonn ó do dhochtúir do Dheimhniú Éagumais chun Oibre deireanach a mharcáil mar an deimhniú deiridh sula bhfillfidh tú ar an obair.
Mura féidir leat an deimhniú a fháil marcáilte, ba cheart duit an Roinn a chur ar an eolas ag:
Illness Benefit - Close My Claim
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 7043300;
0818 928400
D’éileamh a dhúnadh go luath
Má theastaíonn uait d’éileamh a dhúnadh níos luaithe ná mar a raibh coinne leis, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn ar ríomhphost nó ar an nguthán trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos.
Illness Benefit - Close My Claim
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 7043300;
0818 928400
Teagmháil
Illness Benefit Section
- Seoladh:
- Illness Benefit Section, Social Welfare Services, PO Box 1650, Dublin 1
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 928400;
01 7043300