English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Sochar Cúramóra



Céard é an Sochar Cúramóra

Is íocaíocht é an Sochar Cúramóra atá ar fáil do dhaoine atá faoi árachas a bhféadfadh go mbeadh orthu an obair a fhágáil nó a gcuid uaireanta a laghdú chun aire a thabhairt do dhuine nó do dhaoine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth orthu.

Is féidir é a íoc ar feadh tréimhse 2 bhliain (104 seachtaine) do gach duine a fhaigheann cúram agus is féidir é a éileamh thar thréimhsí ar leith ar feadh 2 bhliain san iomlán (104 seachtaine).


Conas cáiliú

D'fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra más rud é go dtagann tú fúthu seo a leanas:

  • tá tú 16 bliana d'aois nó os cionn
  • tá tú nó beidh tú ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi agus nach bhfuil cónaí air/uirthi in ospidéal, ionad téarnaimh nó ionad cúraim eile dá leithéid
  • tá tú fostaithe ar feadh 8 seachtaine ar a laghad sa tréimhse roimhe ar feadh 26 seachtaine ar feadh 16 uair an chloig gach seachtain nó ar feadh 32 uair an chloig gach coicís ar a laghad (ní gá duit an coinníoll seo a chomhlíonadh má raibh Sochar Cúramóra á fháil agat sna 26 seachtaine roimhe sin)
  • ní ghlacann tú páirt san fhostaíocht, féinfhostaíocht, obair dheonach, nó cúrsaí oiliúna nó oideachais atá níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain
  • tuilleann tú €350 nó níos lú ná sin gach seachtain i ndiaidh cánach
  • comhlíonann tú na [external-link https://www.gov.ie/en/service/455c16-carers-benefit/#social-insurance-prsi-contribution-conditions | coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh (ÁSPC)
  • níl tú i do chónaí in ospidéal, ionad téarnaimh ná institiúid eile dá leithéid

D'fhéadfá a bheith in ann Sochar Cúramóra a fháil má thugann tú aire do leanbh a cháilíonn do Liúntas Cúraim Baile (LCB). Ní gá gur tusa an duine a fhaigheann an liúntas don leanbh le bheith ina chúramóir acu.

Coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh (ÁSPC)

Má tá Sochar Cúramóra á éileamh agat den chéad uair, caithfear 156 ranníocaíocht ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair ar dtús. Ní mór duit freisin:

  • 39 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach iomchuí, nó
  • 39 ranníocaíocht ÁSPC íoctha sa 12 mhí a bheith agat díreach sula dtosaíonn d'éileamh ar Liúntas Cúramóra, nó
  • 26 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach iomchuí agus 26 ranníocaíocht ÁSPC íoctha sa bhliain chánach iomchuí roimhe sin

Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán roimh an mbliain chánach dheireanach a thagann roimh an mbliain ina dtosaíonn d’éileamh ar Shochar Cúramóra. Mar shampla, má dhéanann tú éileamh in 2023, is é 2021 an bhliain chánach ábhartha.

Ní áirítear ach ranníocaíochtaí in Aicme A, B, C, D, H agus E le haghaidh Sochar Cúramóra. Ní áirítear ranníocaíochtaí in Aicme S (ranníocaíochtaí féinfhostaithe) le haghaidh Sochar Cúramóra.

Ní gá duit coinníollacha na ranníocaíochtaí a shásamh ach an chéad uair a bhronntar Sochar Cúramóra ort.

Cé chomh fada agus is féidir leat Sochar Cúramóra a fháil

Is féidir leat Sochar Cúramóra a fháil ar feadh 104 seachtaine (2 bhliain) san iomlán, do gach duine dá dtugann tú aire.

Is féidir leat d'íocaíocht a éileamh i dtréimhse shingil nó i dtréimhsí ar leith ar feadh suas le 104 seachtaine. Má éilíonn tú Sochar Cúramóra ar feadh tréimhse níos lú ná 6 seachtaine i ndiaidh a chéile i dtréimhse ar bith, beidh ort fanacht ar feadh 6 seachtaine bhreise sula mbeidh tú in ann Sochar Cúramóra a éileamh don duine céanna arís.

Má tá tú ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin, féadfaidh tú íocaíocht a fháil ar feadh 104 seachtaine do gach duine dá dtugann tú aire. Is é an toradh a d'fhéadfadh a bheith air sin ná go mbeadh na tréimhsí cúraim ar siúl ag an am céanna.

Má tá tú imithe, ní mór duit cúram agus aire lánaimseartha oiriúnach a eagrú don duine dá dtugann tú aire.


Rátaí íocaíochta

Is ionann Sochar Cúramóra agus €261 in aghaidh na seachtaine d’fhaighteoir cúraim amháin.

D’fhéadfadh go bhfaighidh duine atá ag tabhairt aire do bheirt nó níos mó ráta níos airde de €391.50 in aghaidh na seachtaine.

Má tá leanbh nó leanaí agat, féadfaidh tú a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Méadú do Leanbh Cáilithe.


Iarratas a Dhéanamh

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cúramóra 6 seachtaine ar a laghad sula mbeartaíonn tú an obair a fhágáil.

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an t-iarratas CARB1 thíos agus cuir tuairisc liachta dochtúra san áireamh. Caithfidh an fhoirm a bheith sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dó/di.

Ní gá tuairisc liachta a bheith agat má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a fhaigheann Liúntas Cúraim Baile (LCB).

Seol d'fhoirm iarratais, leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, ar ais chuig:

Carer's Benefit Section

Seoladh:
Carer's Benefit Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

Carersbenefit@welfare.ie

Teileafón:
0818 927770;
043 3340000

Foirmeacha iarratais

Foirm Iarratais: Sochar Cúramóra (CARB1)
Eagrán: Samhain 2021
Amharc amharc
Application Form: Carer’s Benefit for additional person(s) (CARB2)
Edition: May 2018
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochta

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.