Sochar Linbh
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2025
- Cad is Sochar Linbh ann
- Conas a cháilítear lena aghaidh
- Rátaí íocaíochta
- Rátaí íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibriúcháin
Cad is Sochar Linbh ann
Íocaíocht mhíosúil €140 is ea Sochar Linbh chun tacú le tuismitheoirí agus caomhnóirí. Íoctar é i leith gach linbh:
- atá ina c(h)ónaí leat de ghnáth agus a bhfuil tacaíocht iomlán á tabhairt agat dó/di
- tá sé/sí faoi bhun 16 bliana d’aois, nó faoi bhun 19 mbliana d’aois, má tá sé/sí in oideachas lánaimseartha, in oiliúint lánaimseartha nó má tá sé/sí faoi mhíchumas agus nach féidir leis/léi tacú leis/léi féin
Ní íoctar Sochar Linbh thar ceann leanaí atá 19 nó níos sine, fiú má fhanann siad san oideachas nó san oiliúint.
Conas a cháilítear lena aghaidh
Chun cáiliú le haghaidh Sochar Linbh, ní mór duit an Coinníoll Gnáthchónaithe a shásamh. Baineann sé seo le gach iarratasóir beag beann ar náisiúntacht.
Íoctar Sochar Linbh de ghnáth le máthair nó leasmháthair an linbh. Mura bhfuil an leanbh ina c(h)ónaí lena m(h)áthair nó lena leasmháthair, ach tá sé/sí ina c(h)ónaí lena (h)athair nó lena leasathair, is féidir go n-íoctar an Sochar Linbh leis/léi.
Mura bhfuil an leanbh ina c(h)ónaí lena t(h)uismitheoirí ná á c(h)othabháil ag a t(h)uismitheoirí, d’fhéadfadh an duine atá ag tabhairt aire don leanbh an Sochar Linbh a fháil.
Rátaí íocaíochta
Rátaí íocaíochta
Líon Leanaí | Íocaíocht Shochair Leanaí míosúil |
Leanbh amháin | €140 |
Cúpla | €210 le haghaidh gach linbh (an ráta singil do leanbh amháin faoi 1½) |
Ilbhreitheanna Eile | €280 i leith gach linbh (dhá oiread an ráta le haghaidh leanbh amháin) |
Deontas Leanbh Nuabheirthe de €280 sa bhreis ar an gcéad mhí den Sochar Linbh (€) do leanaí a rugadh ar an 1 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin.
Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt de gach mí. Is gnách go bhfaigheann tú do chéad íocaíocht an mhí tar éis bhreith do linbh.
Cuir iarratas isteach
- Má rugadh do leanbh in Éirinn agus mura bhfuil Sochar Linbh á éileamh agat cheana féin i leith aon leanaí eile, seolfaidh Rannóg an tSochair Linbh foirm éilimh chugat go huathoibríoch lena chomhlánú nuair a chláraíonn tú breith do linbh. Áirítear san fhoirm seo freisin faisnéis maidir le conas éileamh a dhéanamh i leith do linbh nua ar líne.
- Má tá Sochar Linbh á fháil agat cheana, cuirtear do leanbh úr le d'éileamh Sochair Linbh nuair a chláraíonn tú a b(h)reith agus cuirtear tús leis an íocaíocht go huathoibríoch ón mí tar éis a b(h)reithe.
- Murar rugadh do leanbh in Éirinn, nó mura bhfuil a b(h)reith cláraithe laistigh den tréimhse ama riachtanach (3 mhí), ní mór duit Foirm an tSochair Linbh (CB1) a chomhlánú agus í a sheoladh chuig Rannóg an tSochair Linbh.
- Ní mór foirm iarratais CB2 a chomhlánú freisin i leith gach leanbh atá 16,17 nó 18 mbliana d’aois.
Iarratas MyWelfare
Chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh trí MyWelfare.ie. Ní mór MyGovID fíoraithe a bheith agat chun an tseirbhís seo a úsáid agus caithfidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bheith agat freisin. Tabharfar uimhir PSP don leanbh freisin.
Tabhair faoi dheara nach féidir leat éileamh a dhéanamh ar líne ach amháin má thugann an Roinn cuireadh duit é amhlaidh a dhéanamh
Child Benefit Section
- Seoladh:
- Child Benefit Section, Department of Social Protection, St Oliver Plunkett Road, Letterkenny, Co. Donegal, F92 T449
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 300600;
074 9164496
Treoirlínte Oibriúcháin
Déantar cur síos sna treoirlínte oibriúcháin ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne iad agus iad i mbun a gcuid oibre.