English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Sochar Míthreorach



An méid atá i gceist le Sochar Míthreorach

Íoctar Sochar Míthreorach má chailleann tú cumas áirithe fisiciúil nó meabhrach mar thoradh ar rud éigin a tharlaíonn duit mar gheall ar d’obair, nó fad a bhíonn tú ag taisteal go dtí nó ón obair.

Íoctar an sochar seo mar chnapshuim nó pinsean rialta, ag brath ar an míchumas faoina bhfuil tú, a mhéid atá sé agus an fad ama a mheastar a mhairfidh an gortú nó an bhreoiteacht.


Conas cáiliú

Chun cáiliú don sochar seo, caithfidh gur oibrigh tú agus gur íoc tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) ag aicme A, B, D, J nó M agus gur chaill tú cumas fisiciúil nó meabhrach mar gheall ar:

  • timpiste a tharla ag an obair
  • timpiste chomaitéireachta ar bhealach díreach idir do theach agus ionad oibre
  • galar liostaithe a tholgadh ag an obair

Rátaí íocaíochta

Braitheann d’íocaíocht ar a mheasa atá do mhíchumas, agus déanfar measúnú leighis air. Má mheastar, de réir an mheasúnaithe, go bhfuil míchumas níos lú ná 20% ort ó do ghnáthchumas, is gnách gur cnapshuim a bheidh i gceist le Sochar Míthreorach.

Athraíonn méid na cnapshuime ag brath ar mhéid an mhíchumais agus cé chomh fada a bhfuil súil leis go mbeidh tú faoi mhíchumas. I gcás measúnuithe atá níos mó ná 20%, íocfaimid pinsean leat.

Má tá tú 100% faoi mhíchumas, is ionann do phinsean pearsanta agus €275 in aghaidh na seachtaine. Le haghaidh cásanna míchumais idir 20-90%, seo a leanas do phinsean pearsanta:

Leibhéal an mhíchumais Íocaíocht sheachtainiúil
100% €275.00
90% €247.50
80% €220.00
70% €192.50
60% €165.00
50% €137.50
40% €110.00
30% €82.50
20% €55.00

Ní dhéanfar íocaíocht i gcás gortuithe nó galair ón 1 Eanáir 2012 ar aghaidh ach nuair is ionann an leibhéal míchumais agus 15%, ar a laghad. Roimhe sin, d’fhéadfaí íocaíocht a dhéanamh nuair mhéadaigh an leibhéal míchumais ó 1% go 100%.

Má tá Pinsean Míchumais á fháil agat agus mura féidir leat obair a dhéanamh go buan mar thoradh ar do ghortú nó galar a bhaineann leis an obair, is féidir leat Forlíonadh Éagumais a éileamh.

Má tá Pinsean Míchumais á fháil agat agus má tá míchumas chomh trom sin ort mar thoradh ar do ghortú nó galar a bhaineann leis an obair go dteastaíonn duine éigin eile uait gach lá sa bhaile chun freastal ar do riachtanais phearsanta, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntais Síorfhreastail a fháil. Íoctar an liúntas leis an duine faoi mhíchumas agus is ionann é agus €261 sa tseachtain.

Má tá aire á tabhairt ag duine ar leith duit, is féidir leo cáiliú don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí.

Íocfar thú ón gceathrú lá de do mhíchumas, a fhad agus nach n-éilíonn tú Sochar Díobhála. Mura ndéanann tú éileamh in am, d'fhéadfá cuid den sochar a chailleadh.


Iarratas a Dhéanamh

Mura féidir leat oibriú i ndiaidh na timpiste nó an ghalair, ba cheart duit Sochar Díobhála a éileamh ar dtús.

Sula gcríochnaíonn íocaíochtaí Sochar Díobhála, ba cheart duit Sochar Míthreorach a éileamh mura féidir leat oibriú go fóill mar gheall ar thimpiste nó galar. Mura ndéanann tú éileamh laistigh de 3 mhí i ndiaidh go n-éagann d’éileamh ar Shochar Díobhála, d'fhéadfá roinnt den sochar a chailleadh.

Má bhí tú thíos le roinnt caillteanas cumais mar thoradh ar an timpiste nó mar gheall ar ghalar a thosaigh ag teacht ort, ach tá tú in ann oibriú go fóill, is féidir leat Sochar Míthreorach a éileamh go fóill. Ba cheart duit é seo a dhéanamh a luaithe agus is féidir agus laistigh de 3 mhí i ndiaidh dháta na timpiste nó an ghalair a thosaigh ag teacht ort.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh, nó bailigh ceann ón na hionaid áitiúla seo a leanas:

Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe, atá ag bun an leathanaigh seo, ar ais chuig:

Disablement Benefit Section

Seoladh:
Disablement Benefit Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

WorkRelatedDisablementBenefit@welfare.ie

Teileafón:
0818 927770;
043 3340000
Foirm iarratais: Sochar Míthreorach agus/nó Forlíonadh Éagumais faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde (OB21)
Eagrán: Meán Fómhair 2021
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochtúla: Sochar Díobhálacha Ceirde - Sochar Míthreorach