Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist
- Foilsithe: 19 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
- Cad is Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist ann
- An bhfuilim incháilithe do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist?
- Conas cáiliú
- Tréimhse na hÍocaíochta
- Rátaí íocaíochta
- Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile
- Dul i mbun oibre
- Conas Iarratas a Dhéanamh
Tabhair faoi deara
Beidh iarratais ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist ar oscailt ón 31 Márta 2025.
Cad is Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist ann
Is íocaíocht é Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist do dhaoine a bhfuil a gcéad lá dífhostaíochta ar an 31 Márta 2025 nó ina dhiaidh sin agus a bhfuil go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu. Ciallaíonn sé seo go raibh do lá deireanach a raibh tú fostaithe ar an Aoine 28 Márta 2025 nó ina dhiaidh sin.
Ciallaíonn Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist go mbeidh an tacaíocht ioncaim a fhéadfaidh tú a fháil má éiríonn tú dífhostaithe nasctha go díreach le do thuilleamh roimhe seo. Íocfar é seo suas go huasmhéid íocaíochta.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist laistigh de 6 seachtaine tar éis duit do phost a chailleadh nó d'fhéadfadh sé seo tionchar a imirt ar do theidlíocht.
An bhfuilim incháilithe do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist?
Tagann an íocaíocht nua Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist in ionad an tSochair Cuardaitheora Poist má tá tú dífhostaithe go hiomlán agus má bhí do lá deireanach a raibh tú fostaithe ar an Aoine 28 Márta 2025 nó ina dhiaidh sin.
Má bhí do lá fostaíochta deiridh roimh an Aoine 28 Márta 2025, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist.
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat nuair a thosaíonn an Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist nua, fanfaidh tú ar an íocaíocht Sochar Cuardaitheora Poist go dtí go bhfilleann tú ar fhostaíocht.
Más oibrí páirtaimseartha, ócáideach, gearr-ama nó séasúrach thú, más comhraiceoir dóiteáin ar áirithíocht thú nó má tá d’fhostaíocht bunaithe ar an scoilbhliain nó an bhliain acadúil, is é Sochar Cuardaitheora Poist an scéim oiriúnach duit.
Má tá tú féinfhostaithe agus má chailleann tú d’fhostaíocht, d’fhéadfá a bheith i dteideal Item was unpublished or removed
Conas cáiliú
Chun cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa, ní mór duit:
- a bheith dífhostaithe go hiomlán ar an 31 Márta 2025 nó ina dhiaidh sin (ciallaíonn sé seo go raibh do lá deireanach a raibh tú fostaithe ar an Aoine 28 Márta 2025 nó ina dhiaidh sin)
- a bheith faoi bhun 66 bliain d’aois nó
- faoi bhun 70 bliain d'aois má rugadh thú tar éis an 1 Eanáir 1958 agus má shocraíonn tú gan do Phinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt anuas
- a bheith in ann oibriú agus a bheith ar fáil d’obair lánaimseartha
- a bheith ag lorg oibre
- go mbeidh dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ag aicme A, H nó P
Má fhaigheann tú Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist beidh ort dul i dteagmháil le Item was unpublished or removed a dhéanfaidh:
- cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le fostóirí atá ag iarraidh daoine a fhostú
- tacaíochtaí agus seirbhísí a thairiscint duit chun cabhrú leat tabhairt faoi uasoiliúint nó athoiliúint
- tacú leat le CV a ullmhú nó le hoiliúint agallaimh
Faigh tuilleadh eolais faoin réimse tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta atá ar fáil ag d’ionad Intreo nó d’oifig Bhrainse áitiúil.
Íocaíochtaí iomarcaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist
Má fhaigheann tú íocaíocht iomarcaíochta, ní chuireann sé sin isteach ar d’incháilitheacht do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist.
ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)
Ní mór duit trí choinníoll ÁSPC a shásamh ionas gur féidir leat cáiliú do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist .
Coinníoll 1:
Ní mór duit 104 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat ag Aicme A, H nó P.
Coinníoll 2:
Ní mór go mbeadh a laghad 4 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ag Aicme A nó H íoctha agat sna 10 seachtaine roimh d’iarratas a dhéanamh.
Coinníoll 3:
Ní mór go mbeadh a laghad 26 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ag Aicme A nó H íoctha agat sna 52 seachtain roimh do chéad lá dífhostaíochta.
Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí agat le haghaidh Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist, d’fhéadfá a bheith i dteideal na scéime Item was unpublished or removed de réir tástála acmhainne.
Tréimhse na hÍocaíochta
Tá Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist iníoctha ar feadh suas le 26 nó 39 seachtaine ar a mhéad ag brath ar do ranníocaíochtaí ÁSPC:
Ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme A nó H) | Tréimhse Uasta na hÍocaíochta |
5+ bliana (260+ ranníocaíocht) | Suas le 39 seachtaine |
2-5 bliana (104-259 ranníocaíocht) | Suas go 26 seachtaine |
D’fhéadfadh an t-am a chaitear ar íocaíocht Cuardaitheora Poist roimhe seo a bronnadh tar éis an 31 Márta 2025 dul i bhfeidhm ar an bhfad is féidir leat a éileamh. D’fhéadfadh Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) nó Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith san áireamh anseo.
Rátaí íocaíochta
Beidh do ráta íocaíochta nasctha go díreach le do thuilleamh roimhe sin faoi réir uasráta nó íosráta.
Ríomhfaimid do mheántuilleamh seachtainiúil comhlán don 12 mhí roimh na 8 seachtaine sular chaill tú d’fhostaíocht. Gheobhaimid an fhaisnéis seo go díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Mar shampla, má chaill tú d’fhostaíocht Dé Luain 7 Aibreán 2025. Breathnóimid siar 8 seachtaine go dtí an 10 Feabhra 2025. Ríomhfar do mheántuilleamh seachtainiúil idir an 10 Feabhra 2024 agus an 10 Feabhra 2025.
Íocfar do ráta mar seo a leanas ag brath ar do mheántuilleamh seachtainiúil agus ranníocaíochtaí ÁSPC:
Ranníocaíochtaí ÁSPC | Ráta Íocaíochta | Uasmhéid na hÍocaíochta Seachtainiúla | Tréimhse |
5+ bliana | 60% den olltuilleamh | Suas go dtí €450 | An chéad 13 seachtaine |
55% den olltuilleamh | Suas go dtí €375 | Tar éis 13 seachtaine | |
50% den olltuilleamh | Suas go dtí €300 | 13 seachtaine deiridh | |
2–5 bliain | 50% den olltuilleamh | Suas go dtí €300 | 26 seachtaine |
Íosráta | Méid seasta | €125 |
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Cuardaitheora Poist de réir tástála acmhainne má cheapann tú go bhféadfadh sé a bheith níos tairbhí duit ó thaobh airgeadais de. Item was unpublished or removed
Modh íocaíochta
Íoctar Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist ón tseachtain iomlán oibre, ag tosú ar an Luan, tar éis duit do phost a chailleadh.
Beidh d’íocaíocht ar fáil le bailiú gach Céadaoin ó d’oifig phoist ainmnithe.
Cánachas ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist
D’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas as Cáin Ioncaim ar gach ceann de d’íocaíochtaí Sochair Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist. Íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist leat gan cáin a asbhaint.
Cuirfimid na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin méid seachtainiúil inchánach de Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist atá le cur san áireamh chun críocha cáin ioncaim. Ciallaíonn sé seo nach gá duit aon rud a dhéanamh chun an cháin cheart a íoc. Tá eolas maidir le cánachas ar íocaíochtaí cosanta sóisialta ar fáil ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar an leathanach Poist agus Pinsin.
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile
Tá coinníollacha éagsúla i gceist má bhí íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil agat nuair a chaill tú d’fhostaíocht, mar shampla, Item was unpublished or removednó Item was unpublished or removed
Fostaíocht a chailleadh agus Sochar Breoiteachta á fháil agat
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a luaithe nuair is féidir leat dul i mbun fostaíochta. Ní mór duit trí phríomhchoinníoll ranníocaíochta ÁSPC a shásamh.
Coinníoll 1:
Ní mór 104 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ar a laghad a bheith agat ag Aicme A, H nó P.
Ní mór 1 ranníocaíocht fostaíochta ÁSPC ar a laghad a íocadh in Aicme A nó H a íoc díreach roimh thús an éilimh ar Shochar Breoiteachta.
Coinníoll 2:
Ní mór 4 chreidmheas nó ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad a bheith agat in Aicme A nó H sna 10 seachtaine sula ndéanann tú iarratas ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist.
Coinníoll 3:
Bíodh 26 ranníocaíocht fostaíochta ÁSPC ar a laghad agat íoctha ag Aicme A nó H sna 52 seachtain roimhe sin sula gcaillfidh tú d’fhostaíocht
nó
Ar a laghad 26 ranníocaíocht fostaíochta ÁSPC íoctha ag Aicme A nó H sna 52 seachtain roimhe sin roimh thús d’éileamh ar Item was unpublished or removed.
Fostaíocht a chailleadh agus Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó Sochar Cúramóra á fháil agat
Má tá aon cheann de na híocaíochtaí thuas á bhfáil agat, ní mór duit an dá phríomhchoinníoll ranníocaíochta ÁSPC a shásamh.
Chun cáiliú, ní mór duit na ranníocaíochtaí ÁSPC seo a leanas a bheith agat:
Coinníoll 1:
Ní mór 104 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ar a laghad a bheith agat ag Aicme A, H nó P.
Coinníoll 2:
Ní mór duit ar a laghad 26 ranníocaíocht fostaíochta ÁSPC a bheith íoctha agat nó curtha chun sochair ag Aicme A nó H sna 52 sheachtain roimhe sin sula gcaillfidh tú d’fhostaíocht.
nó
Ní mór 26 ranníocaíocht fostaíochta ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat in Aicme A nó H sna 52 seachtain roimhe sin roimh d’éileamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó ar Shochar Cúramóra.
Tabhair faoi deara: Ní bhaineann an coinníoll ginearálta go gcaithfidh tú 4 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC a bheith íoctha agat sna 10 seachtaine roimh d’iarratas ar Shochar Pá Cuardaitheora Poist a dhéanamh.
Mura bhfuil na ranníocaíochtaí agat atá riachtanach do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist, d’fhéadfá a bheith i dteideal na scéime Item was unpublished or removed de réir tástála acmhainne.
Conas a ríomhfar do ráta íocaíochta do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist má bhí Sochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó Sochar Cúramóra á fháil agat díreach roimh d’éileamh
Beidh do ráta bunaithe ar d’olltuilleamh is airde ó na nithe seo a leanas:
Meántuilleamh comhlán sa bhliain roimhe dar críoch 8 seachtaine sular chaill tú d’fhostaíocht
nó
Meántuilleamh comhlán sa bhliain roimhe sin roimh d’éileamh ar Shochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó ar Shochar Cúramóra
nó
más rud é le linn thréimhse d’éilimh ar Shochar Breoiteachta, ar Shochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó Sochar Cúramóra, gur féidir leat fianaise a sholáthar go raibh méadú ar do mheántuilleamh comhlán.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Cuardaitheora Poist de réir tástála acmhainne má cheapann tú go bhféadfadh sé a bheith níos tairbhí duit ó thaobh airgeadais de. Item was unpublished or removed
Sochar agus Scor Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist
Níl tú incháilithe do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist má tá tú ar scor. Ní mór duit a bheith ar fáil le haghaidh obair lánaimseartha agus obair a lorg chun cáiliú. Má tá tú ar scor, d'fhéadfá a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar Item was unpublished or removed
Má fhaigheann tú Pinsean Baintrí/Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus má chailleann tú d’fhostaíocht
Is féidir leat do Phinsean Baintrí/Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, Item was unpublished or removed a choinneáil, agus má tá tú i dteideal ráta níos airde ar Shochar Pá-Choibhneasa íocfar an difríocht ar d’íocaíocht Sochar Pá-Choibhneasa.
Dul i mbun oibre
Má thosaíonn tú ag obair arís, beidh ort d'éileamh ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a dhúnadh. D’fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist má ghlacann tú le hobair pháirtaimseartha ar feadh suas le 3 lá. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Sochar Cuardaitheora Poist.
Sosanna i d’éileamh ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist agus athcháiliú
Is féidir leat d'éileamh ar Shochar Pá - Choibhneasa Cuardaitheora Poist a bhriseadh ar feadh suas le 13 seachtaine agus d'íocaíocht a atosú nuair a d’éirigh tú as. Mar shampla, má théann tú i mbun fostaíochta.
Má tá do bhriseadh níos faide ná 13 seachtaine, dúnfar d'éileamh, agus beidh ort na coinníollacha cáilitheacha do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a shásamh arís. Déanfar do ráta íocaíochta a athríomh bunaithe ar do thuilleamh is déanaí.
D'fhéadfadh an t-am a chaitear ar d'íocaíocht Chuardaitheora Poist roimhe seo dul i bhfeidhm ar fhad d'éilimh nua ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist. Ag brath ar do chúinsí d’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) nó íocaíocht Liúntais Cuardaitheora Poist roimhe seo a bronnadh tar éis an 31 Márta 2025.
Mar shampla, má íocadh Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist leat laistigh den 12 mhí roimhe sin ó d’éileamh nua, déanfar aon am a chaitear ar an scéim sa bhliain féilire reatha agus roimhe sin a chomhaireamh ar d’éileamh nua ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist.
Neamhláithreacht ón Stát lena n-áirítear laethanta saoire, sochraidí thar lear, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú saoire nó sula dtéann tú ar saoire. Tá sonraí iomlána maidir le Item was unpublished or removed
Conas Iarratas a Dhéanamh
Tabhair faoi deara
Beidh iarratais ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist ar oscailt ón 31 Márta 2025.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine tar éis duit do phost a chailleadh nó d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar do theidlíocht.
D’Aitheantas do Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a Fhíorú
Chun Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a fháil, ní mór d’aitheantas a fhíorú go Leibhéal 2 SAFE. Baineann sé seo le hiarratais ar líne agus páipéir araon. Is éard atá i gceist le fíorú d’aitheantas a dheimhniú go leibhéal sásúil.
- má tá tú fíoraithe cheana féin ag Leibhéal 2 SAFE: Is féidir leat seirbhísí ar líne a úsáid trí do chuntas fíoraithe MyGovID.
- mura bhfuil sé fíoraithe go fóill, is é an bealach is tapúla agus is áisiúla le fíorú ná tríd an aip MyGovID
- is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun do chlárú Leibhéal 2 SAFE a chomhlánú
Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh rochtain agat ar gach seirbhís ar líne MyGovID, lena n-áirítear iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí cuardaitheora poist.
Déan iarratas ar líne
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar MyWelfare.ie.
Má tá cuntas MyGovID bunúsach agus Cárta Seirbhísí Poiblí agat, is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.ie.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist trí dhul chuig d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse áitiúil freisin.
Achomhairc
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina leith. Ba chóir duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá ón gcinneadh, agus féadfaidh tú éisteacht ó bhéal a iarraidh.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun d’achomharc a dhéanamh ná ar líne ar MyWelfare.ie. Níl ach cuntas MyGovID fíoraithe ag teastáil uait. Is féidir leat cuntas MyGovID fíoraithe a fháil má tá Cárta Seirbhísí Poiblí, uimhir fóin póca fhíoraithe agus seoladh ríomhphoist agat.
Déanfaidh oifigeach achomhairc, a bhfuil a c(h)inneadh críochnaitheach, cinneadh ar do chás ansin. Is féidir roinnt cásanna a chinneadh gan éisteacht ó bhéal.
Má thagann eolas nua chun solais nó má thagann athrú ar do chúinsí, is féidir leat iarratas a dhéanamh arís ar Shochar Pá-choibhneasa Cuardaitheora Poist.
Is féidir teacht ar bhreis eolais faoi conas achomharc a dhéanamh anseo.