Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Foilsithe: 23 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2025
- Céard atá i gceist le Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a chur isteach
- Treoirlínte Oibriúcháin
Céard atá i gceist le Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
Is íocaíocht sheachtainiúil €244 é Sochar Sláinte agus Sábháilteachta do mhná fostaithe atá:
- ag iompar clainne nó beathú cíche
- saoire sláinte agus sábháilteachta faighte acu ag a bhfostóir
- clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC/PRSI)
Tugtar saoire sláinte agus sábháilteachta duit mura féidir le d’fhostóir:
- an riosca do do shláinte a bhaint agus tú ag iompar clainne nó ag beathú cíche
- dualgais eile atá ‘saor ó riosca’ a thabhairt duit
Le linn saoire sláinte agus sábháilteachta, meastar go bhfuil tú fós fostaithe. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, go leanann saoire bhliantúil ar aghaidh ag carnadh agat. Ach níl tú i dteideal íocaíocht a fháil do laethanta saoire poiblí agus tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta. Má tá tú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe, is féidir go bhfaighfidh tú Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ar leathráta.
Conas cáiliú
Má chomhlíonann tú na ceanglais riachtanacha go léir chun go gcuirfí san áireamh tú i gcúinsí contúirteacha, d’fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta. Tá trí chúinse ann a chomhlíonann an cur síos seo:
Cás a hAon
- comhlíonann tú na ceanglais maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC).
- más fostaí torrach tú agus tá tú faoi rioscaí áirithe san ionad oibre nó má tá tú i mbun obair oíche
Cás a Dó
- is fostaí tú a thug leanbh ar an saol le 14 seachtaine anuas
- tá baint agat le hobair oíche
Cás a Trí
- tú ag cothú cíche (suas go dtí 26 seachtaine tar éis duit leanbh a bheith agat) agus faoi rioscaí áirithe san ionad oibre (is féidir leat sonraí faoi na rioscaí atá i gceist a fháil ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta)
- bronnadh saoire sláinte agus sábháilteachta ort
De réir an dlí, sainmhínítear obair oíche mar obair idir 11i.n. lá ar bith agus 6r.n. an lá dar gcionn, nuair:
- oibríonn an fostaí trí huaire an chloig ar a laghad i rith na hoíche, de ghnáth
- is san oíche a bhíonn ar a laghad 25 faoin gcéad d’obair an fhostaí gach mí
Is féidir leat sonraí a fháil ar na rioscaí a bhaineann le hobair oíche ón An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta. Má tá deacracht agat iarraidh ar d’fhostóirí síniú ar Shaoire Sláinte agus Sábháilteachta, is féidir leat dul i dteagmháil leis an An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Rátaí íocaíochta
Is é an ráta caighdeánach ná €244.00 in aghaidh na seachtaine. Braitheann an ráta seachtainiúil a d’fhéadfá a fháil, áfach, ar an méid a thuilleann tú sa bhliain chánach ábhartha.
Chun go gcáileofá le haghaidh an ráta chaighdeánaigh, ní mór go mbeadh do thuilleamh €300 ar a laghad in aghaidh na seachtaine. Má thuilleann tú níos lú ná seo, gheobhaidh tú ráta laghdaithe agus méadú comhréireach do ráta do dhaoine fásta cáilithe:
Meántuilleamh Seachtainiúil | Ráta Pearsanta | Méadú do Dhaoine Fásta Cáilithe |
€300.00 nó níos mó | €244.00 | €162.00 |
€220.00 agus níos lú ná €299.99 | €191.10 | €104.90 |
€150.00 agus níos lú ná €219.99 | €157.30 | €104.90 |
€32.00 agus níos lú ná €149.99 | €109.50 | €104.90 |
Nuair a théann tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta, íocann d'fhostóir do ghnáthphá ar feadh na gcéad trí seachtaine (21 lá). Íocann an Roinn do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta ina dhiaidh sin.
Níl do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta iníoctha a thuilleadh in dhá chás, sa chás go bhfuil cás amháin nó níos mó i gceist:
Tá deireadh tagtha le do thréimhse incháilithe
- má tá tú i dteideal Sochar Máithreachais
- Tá 4 seachtaine caite ó leanbh a bheith agat
- Tá 26 seachtaine caite ó leanbh a bheith agat, má tá tú ag beathú cíche
Athraíonn d’imthosca san ionad oibre
- níl tú i mbaol a thuilleadh
- tá d’fhostóir tar éis an riosca a bhaint nó obair eile a thabhairt duit
- go bhfuil conradh ar théarma seasta agat agus go gcríochnaíonn an conradh sin
Íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta díreach isteach i do chuntas reatha nó do chuntas taisce i do bhanc nó do chumann foirgníochta. Ní féidir é a híoc isteach i gcuntas morgáiste.
Cánacha
Má íocann tú cáin, beidh ort cáin a íoc ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta. Ní bheidh ort an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) nó árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc.
Iarratas a chur isteach
Déan iarratas ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta chomh luath agus a dheonaíonn d’fhostóir saoire sláinte agus sábháilteachta duit.
Nuair a bheidh sí críochnaithe, seol an fhoirm thíos chuig:
Health and Safety Benefit Section
- Seoladh:
- Health and Safety Benefit Section, Department of Social Protection, Buncrana, Co. Donegal, F93 CH79
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 690690;
01 4715898
(d’fhéadfadh go n-athraíonn rátaí a ghearrtar ar Íosghlao)
Treoirlínte Oibriúcháin
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.