English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Sochar Uchtaíoch



Cad is Sochar Uchtaíoch ann

Is é Sochar Uchtaíoch €€289 sa tseachtain ar feadh 24 seachtain.

Is íocaíocht í le duine fostaithe nó féinfhostaithe a uchtaíonn leanbh agus atá:

  • ar shaoire uchtaíoch ón obair
  • clúdaithe ag árachas sóisialach (ÁSPC)

Íocfar Sochar Uchtaíoch leat ar feadh 24 seachtaine ón dáta a d'uchtaigh tú do leanbh. Ní bhfaighidh tú Sochar Uchtaíoch ar feadh na 24 seachtaine iomlána mura dtosaíonn do shaoire uchtála ar dháta na huchtála.

Má thosaíonn tú do shaoire uchtaíoch tar éis dháta na huchtála, caillfidh tú cuid de do Shochar Uchtaíoch.

Caithfidh tú a rá le d'fhostóir go bhfuil sé i gceist agat saoire uchtaíoch a ghlacadh ceithre seachtaine ar a laghad roimh ré.


Conas cáiliú

Chun cáiliú do Shochar Uchtaíoch, ní mór duit ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a íoc ar Aicme A, E, H nó S (féinfhostaithe).

Más ball d'Óglaigh na hÉireann thú agus má íocann tú ÁSPC aicme H, tá árachas le haghaidh Sochar Uchtaíoch agat, ach níl sé iníoctha fad a bhíonn tú i mbun seirbhíse.

Ní mór deimhniú a bheith agat freisin ó do ghníomhaireacht chláraithe uchtála nó Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) a dhearbhaíonn an uchtáil.

Saoire a dheimhniú

Chun do shaoire a dheimhniú, faigh deimhniú socrúcháin ó do ghníomhaireacht chláraithe uchtála nó Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach).

Má tá uchtáil á déanamh agat ó áiteanna lasmuigh d'Éirinn, seachas an deimhniú socrúcháin, teastaíonn cóip de do Dhearbhú Oiriúnachta uait ón Údarás Uchtála na hÉireann.


Rátaí Íocaíochta

Is é Sochar Uchtaíoch €€289 sa tseachtain ar feadh 24 seachtain.

Íoctar Sochar Uchtaíoch go díreach isteach i do chuntas reatha nó cuntas taisce i do bhanc nó cumann foirgníochta. Ní féidir é a íoc isteach i gcuntas morgáiste.

Is féidir le d'fhostóir leanúint le thú a íoc go hiomlán nuair a bhíonn tú ar saoire uchtaíoch. D'fhéadfadh go n-éileodh siad go n-íocfaí do Shochar Uchtaíoch leo, agus is féidir leat a roghnú chun seo a dhéanamh.

íocaíochtaí méadaitheacha

Má tá cleithiúnaithe agat, b'fhéidir go mbeidh tú in ann ráta níos airde de Shochar Uchtaíoch a fháil. Nuair a dhéanann tú iarratas, cuirtear do ráta Sochair Uchtaíoch (gan méaduithe do chleithiúnaithe a áireamh) i gcomparáid leis an ráta Sochar Breoiteachta (lena n-áirítear méaduithe do chleithiúnaithe) a d'íocfaí leat dá mbeifeá as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht. Íoctar an ráta is airde den dá ráta leat.

Cánacha

Má íocann tú cáin, beidh ort cáin a íoc ar Shochar Uchtaíoch. Ní bheidh ort an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ná árachas sóisialach (ÁSPC) a íoc.


Déan iarratas

Más fostaí thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Uchtaíoch sé seachtaine ar a laghad sula mbeartaíonn tú dul ar saoire uchtaíoch.

Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar a laghad 12 sheachtain sula mbeartaíonn tú dul ar saoire.

I gcásanna áirithe, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh tar éis duit do leanbh a uchtáil. Ach mura ndéanann tú iarratas laistigh de shé mhí ón dáta a uchtaíonn tú do leanbh, b'fhéidir go gcaillfidh tú do Shochar Uchtaíoch.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo agus seol chuig:

Adoptive Benefit Section

Seoladh:
Adoptive Benefit Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Buncrana, Donegal, Co. Donegal, F93 CH79
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

AdoptiveBenefit@welfare.ie

Teileafón:
0818 690690;
01 4715898
Foirm iarratais: Shochar Uchtaíoch (AB1)
Eagrán: Deireadh Fómhair 2020
Amharc amharc
Iarratas ar chreidmheasanna um shaoire uchtaíoch
Iarratas ar chreidmheasanna um shaoire uchtaíoch le comhlánú ag d’fhostóir nuair a fhillfidh tú ar an obair.
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.