English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Tréimhsí CúramBaile



Cad is Scéim na dTréimhsí CúramBaile ann

Le Scéim na dTréimhsí CúramBaile tá sé níos éasca duit mar chúramóir baile cáiliú le haghaidh ráta níos airde den Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann tú 66 bliana d’aois.

Is féidir tréimhsí ama nuair a bhí tú ag tabhairt aire do dhuine a chur san áireamh i do thaifead árachais shóisialaigh.

Is féidir creidmheas Cúram Baile a bhronnadh i leith gach seachtain nach raibh tú fostaithe lena linn, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, nó ag síniú ar shlí eile le haghaidh creidmheasanna de réir mar a bhí cúram lánaimseartha á sholáthar agat do:

  • leanbh nó leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois,
  • duine fásta a raibh leibhéal méadaithe cúraim ag teastáil uaidh nó uaithi

Tabhair faoi deara: Ní bheidh Tréimhsí CúramBaile i bhfeidhm ach amháin sa chás go raibh cónaí ort féin agus ar an duine a raibh tú ag tabhairt aire dó/di, i Stát na hÉireann. Ní mór go raibh tú idir 16 bliana d’aois agus aois an phinsin ag an am a chuir tú an cúram ar fáil, chun cáiliú do chreidmheas Cúram Baile.

Ní féidir Tréimhsí CúramBaile a úsáid ach amháin faoin Item was unpublished or removed maidir le ríomh an phinsin.


Conas cáiliú

Is féidir le duine a rugadh tar éis an 31 Lúnasa 1946 agus a thug aire do dhuine lánaimseartha, iarratas a dhéanamh ar Thréimhse CúramBhaile.

Chun cáiliú, ní mór duit:

Is féidir tréimhse CúramBaile a bhronnadh do gach seachtain nach bhfuil clúdaithe cheana féin ag ranníocaíocht árachais shóisialaigh íoctha nó creidiúnaithe, sa chás go raibh cúram lánaimseartha á chur ar fáil agat do:

  • leanbh nó leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois,
  • duine fásta a raibh leibhéal méadaithe cúraim ag teastáil uaidh nó uaithi.

Rátaí íocaíochta

Níl aon íocaíochtaí díreacha ann do thréimhsí a chaitear mar chúramóir baile. Cuirfear tréimhsí cúraim bhaile san áireamh le linn ríomh do Phinsin Stáit (Ranníocach), a bhféadfadh ráta níos airde Pinsin a bheith mar thoradh air.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Is é an bealach is tapúla agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar thréimhse Chúramóir baile ar líne ná ag MyWelfare.ie. Ní mór duit cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun MyWelfare.ie a úsáid.

Is féidir foirm iarratais a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh linn:

Pension Caring Supports

Seoladh:
Department of Social Protection, McCarter’s Road, Buncrana, Co. Donegal, F93 CH79
Ríomhphost:

pensioncaringsupports@welfare.ie

Teileafón:
01 471 5898;
0818 690 690
Achoimre:
If you are calling from outside of Ireland please call +353 1 471 5898

Treoirlínte Oibríochtúla

Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na Roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.