English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Tréimhsí Ranníocaíochta Cúramóirí Fadtéarmacha



Cad iad na Tréimhsí Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha

Déanann Tréimhsí Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha an próiseas níos éasca do chúramóir chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann an duine aois an phinsin. Is féidir aon tréimhse ina bhfuil tú cláraithe mar dhuine a chuireann cúram ar fáil do dhuine éagumasaithe a áireamh i do thaifead árachais shóisialaigh pá choibhneasa (ÁSPC).

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha a úsáid don Phinsean Stáit (Ranníocach) ach amháin nuair a bheidh íosmhéid 1040 seachtain (20 bliain) cúraim tugtha agat.


Conas cáiliú

Má chuir tú cúram ar fáil do dhuine go lánaimseartha, is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh na ranníocaíochtaí seo. Is féidir Ranníocaíocht Cúramóra Fadtéarmach a dhámhachtain ort ar do thaifead ÁSPC do gach seachtain a chuir tú cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine éagumasaithe. Is féidir na tréimhsí seo a úsáid do Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair atá íosmhéid 1040 seachtain (20 bliain) déanta agat.

Chun cáiliú, ní mór duit:

  • bheith i do chónaí sa Stát go buan le linn na tréimhse cúraim (ach amháin nuair is oibrí AE nó oibrí ar phostú thú). Tá tuilleadh eolais ar oibrí AE nó ar oibrí ar phostú ar fáil anseo
  • bheith idir 16 bliana d’aois nó níos sine agus faoi aois an phinsin ag an am a chuir tú cúram ar fáil
  • bheith dífhostaithe, féinfhostaithe, ag déanamh obair dheonach, oiliúna nó aon chúrsaí oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain
  • nach raibh íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil á fháil agat le linn na tréimhse cúraim, ach amháin Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúraim BaileDeontas Tacaíochta Cúramóra
  • a bheith ina c(h)ónaí leis an té a bhfuil siad ag tabhairt aire dóibh agus cúram agus aire lánaimseartha a chur ar fáil dóibh (i gcásanna agus staideanna áirithe, d’fhéadfá cáiliú mura bhfuil tú i do chónaí leis an duine dá dtugtar aire ach má chuireann tú cúram agus aire lánaimseartha ar fáil dóibh)

Caithfidh an té atá faoi chúram a bheith faoi mhíchumas inar gá dóibh:

  • maoirseacht leanúnach chun contúirt dóibh féin a sheachaint nó,
  • maoirseacht leanúnach agus cúnamh rialta i rith an lae maidir lena ngnáthfheidhmeanna coirp

agus

  • go bhfuil cineál agus fairsinge a míchumas deimhnithe ag liachleachtóir sa tslí orduithe.

Rátaí íocaíochta

Níl íocaíochtaí díreacha ar bith do thréimhsí nuair a bhíonn Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha á bhfáil agat. Nuair a bheidh íosmhéid de 1040 seachtain (20 bliain) de Ranníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmach sroichte agat, cuirfear san áireamh iad sna ríomhanna do do Phinsean Stáit (Ranníocach).


Conas iarratas a chur isteach

Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha ná ar líne ag MyWelfare.ie. Ní mór cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun MyWelfare.ie a úsáid.

Nuair atá íosmhéid de 1040 seachtain (20 bliain) déanta agat, cuirfear na tréimhsí seo san áireamh i ríomhanna do Phinsean Stáit (Ranníocach).

Is féidir foirm iarratais a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh linn:

Pension Caring Supports

Seoladh:
Department of Social Protection, McCarter’s Road, Buncrana, Co. Donegal, F93 CH79
Ríomhphost:

pensioncaringsupports@welfare.ie

Teileafón:
01 471 5898;
0818 690 690
Achoimre:
If you are calling from outside of Ireland please call +353 1 471 5898