Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a Fháil
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Fógra tábhachtach do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
- Cad is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ann
- Rialacha
- Déan iarratas ar Uimhir PSP ar líne ag MyWelfare.ie
- Iarratas a chur isteach d’Uimhir PSP thar ceann linbh
- Iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn
- Téigh i dteagmháil
Fógra tábhachtach do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
Má tá tú tar éis teacht go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach de chuid an Aontais Eorpaigh le déanaí, níor cheart duit iarratas ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a dhéanamh ar líne. Ina áit sin, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar cheann d'oifigí de chuid ár roinne. Tá socruithe faoi leith déanta ag an roinn chun déileáil le d'iarratas ar Uimhir PSP agus chun cuidiú leat le haon riachtanas maidir le tacaíocht ioncaim.
Cad is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ann
Cabhraíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) leat teacht ar shochair leasa shóisialaigh, ar sheirbhísí poiblí agus ar eolas in Éirinn.
Tá 7 n-uimhir i ngach aon Uimhir PSP mar aon le litir amháin nó dhá litir i ndiaidh na n-uimhreacha sin.
Is féidir leat teacht ar liosta de na gníomhaireachtaí Stáit a úsáideann Uimhreacha PSP anseo.
Rialacha
Chun Uimhir PSP a fháil, ní mór duit fianaise ar an méid seo a leanas a sholáthar:
- d'aitheantas
- an chúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait
- do sheoladh
Fianaise ar d'aitheantas:
Más saoránach Éireannach a rugadh i bPoblacht na hÉireann thú, beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- do theastas breithe
- AGUS aitheantas fótagrafach, amhail do phas nó do cheadúnas tiomána
Más saoránach Éireannach trí eadóirsiú nó trí Chlárúchán Breitheanna Coigríche thú, beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- do phas reatha nó Teastas Eadóirsithe NÓ do theastas um Chlárúchán Breitheanna Coigríche
- AGUS do cheadúnas tiomána Éireannach nó de chuid na Ríochta Aontaithe nó ceadúnas tiománaí faoi oiliúint Éireannach
Más saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart Éireann tú nó más saoránach na Ríochta Aontaithe tú, beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- do phas reatha NÓ do theastas breithe ar a bhfuil sloinne breithe do mháthar
- AGUS do cheadúnas tiomána reatha
Más saoránach AE/LEE tú (seachas saoránach Éireannach agus na Ríochta Aontaithe), beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- do phas reatha nó cárta aitheantais náisiúnta
Más saoránach Neamh-AE/LEE tú, beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- do phas reatha
Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise ar d'aitheantas:
- teastas baiste
- cártaí aitheantais fostaíochta nó litreacha pearsanta
- doiciméid atá imithe in éag (maidir le saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh na Ríochta Aontaithe, d'fhéadfaí glacadh le pasanna a chuaigh in éag laistigh de 12 mhí anuas)
Fianaise ar an gcúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait:
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Uimhir PSP chun tús a chur le fostaíocht in Éirinn, ní mór go mbeadh tairiscint sínithe fostaíochta agat ó d'fhostóir lena ndeimhnítear cathain a bhfuil tús le cur le do phost nó cathain ar cuireadh tús le do phost. Ba cheart go mbeadh an litir seo ar pháipéar ceannteidil na cuideachta agus ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála agus uimhir chláraithe an fhostóra/na cuideachta ar an litir. Níl Uimhir PSP uait má tá obair á cuardach agat nó ionas go mbeadh fostóir in ann fostaíocht a thairiscint duit.
Samplaí eile de na cúiseanna a bhféadfadh Uimhir PSP a bheith ag teastáil uait iad na samplaí seo a leanas:
- iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh
- rochtain a fháil ar sheirbhísí leighis
- iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nó ceadúnas tiomána a mhalartú
- rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí eile
- clárú chun cúrsa scoile nó cúrsa ollscoile a dhéanamh
Fianaise ar do sheoladh:
Chun Uimhir PSP a fháil, ní mór duit fianaise ar do sheoladh a sholáthar.
Ní mór go mbeadh d'ainm agus do sheoladh ar an doiciméad agus ní ghlacfar le doiciméad a bhfuil dáta níos mó ná 3 mhí ó shin air.
Is féidir leat aon cheann de na doiciméid seo a leanas a úsáid chun é seo a dhéanamh:
- bille fóntais teaghlaigh
- litir nó doiciméad oifigiúil
- ráiteas airgeadais
- léas réadmhaoine nó comhaontú tionóntachta
- dearbhú ar do sheoladh ag tríú páirtí cosúil le riarthóir nó bainisteoir óstáin nó brú, príomhoide scoile nó úinéir réadmhaoine*
- Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh mar aon le nóta ó shealbhóir an bhille lena ndeimhnítear go bhfuil cónaí ort ag seoladh an bhille inghlactha. D'fhéadfaí an nóta seo a scríobh ar an mbille féin.
Déan iarratas ar Uimhir PSP ar líne ag MyWelfare.ie
Tá seirbhís iarratais Uimhir PSP ar fáil ar líne ag mywelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d'aois nó níos sine.
Chun iarratas ar Uimhir PSP a dhéanamh ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas MyGovID agat, is féidir leat ceann a fháil anseo.
Beidh ort grianghraif nó cóipeanna de na nithe seo a leanas a uaslódáil:
- do dhoiciméad aitheantais
- fianaise ar an gcúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait agus
- fianaise ar do sheoladh
Ní mór duit a chinntiú go bhfuil na doiciméid go léir a uaslódálann tú soléite.
Má tá ceist ar bith agat maidir le d'iarratas ar Uimhir PSP, déan teagmháil le d'ionad leithdháilte Uimhreacha PSP áitiúil, le do thoil.
Iarratas a chur isteach d’Uimhir PSP thar ceann linbh
De ghnáth, tugtar Uimhir PSP do leanaí a bheirtear i bPoblacht na hÉireann nuair a chláraítear a mbreith leis an bPríomhoifig Chlárúcháin(PC). Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá iarratas ar Uimhir PSP a chur isteach maidir le leanbh a rugadh sa stát. Mar sin féin, mura chláraítear an bhreith laistigh de 3 mhí, caithfidh go ndéanfaidh tuismitheoir nó caomhnóir iarratas.
Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do leanbh a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann ach nár rugadh anseo iad. Ní mór go mbeidh Uimhir PSP ag duine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí le go gcláraítear an leanbh.
Ba chóir go ndéanfaidh an tuismitheoir nó an caomhnóir foirm iarratais REG1M(thíos) ar Uimhir PSP a chomhlánú ar son a linbh faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus fianaise de na nithe seo a leanas a sholáthar:
- a n-aitheantas féin
- aitheantas an linbh
- fianaise ar sheoladh
- an chúis a dteastaíonn Uimhir PSP
- an gaol idir an tuismitheoir nó caomhnóir agus an leanbh
Ba chóir duit an t-iarratas ar Uimhir PSP comhlánaithe thar ceann an linbh a chur chuig an Ionad Leithdháilte Uimhreacha PSP is gaire duit.
Tar éis duit an t-iarratas a chur isteach, agus nuair a bheidh gach rud in ord, déanfaidh an Roinn teagmháil leat maidir le conas Uimhir PSP an Linbh a fháil.
Meastar gur páistí iad daoine faoi 18 mbliana d’aois chun críocha leithdháileadh Uimhir PSP.
Iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn
Má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn agus má theastaíonn Uimhir PSP uait chun idirghníomhú le gníomhaireacht stáit in Éirinn amhail Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó le ranna rialtais eile, ní mór duit foirm iarratais le haghaidh Uimhir PSP (REG1) a chomhlánú agus an méid seo a leanas a sholáthar freisin:
- fianaise ar do sheoladh
- fianaise ar d'aitheantas
- fianaise ar an gcúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait
- Foirm Iarratais le haghaidh Uimhir PSP do Chlárú Eisceachtúil
- foirm thoilithe sínithe agatsa má tá an Uimhir PSP le heisiúint chuig ionadaí tríú páirtí, amhail aturnae nó cuntasóir, mar shampla
- ceistneoir
Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig CIS@welfare.ie nó sa phost chuig;
Department of Social Protection Leitrim
- Seoladh:
- Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick on Shannon, Leitrim, N41 KD81
Foirmeacha Iarratais
Téigh i dteagmháil
Má tá ceist ar bith agat maidir le d'iarratas ar Uimhir PSP, déan teagmháil le d'ionad leithdháilte Uimhreacha PSP áitiúil, le do thoil.