English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht



An méid atá san Íocaíocht Teaghlaigh Oibre

Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í Íocaíocht Teaghlaigh Oibre atá ar fáil d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu. Tugann sé tacaíocht bhreise airgeadais do theaghlaigh le leanaí agus braitheann na rátaí ar a n-ioncam agus a líon tí. Tugadh Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh ar an íocaíocht roimhe seo.


Conas cáiliú

Chun cáiliú d’Íocaíocht Teaghlaigh Oibre, caithfidh tú na riachtanais go léir seo a shásamh:

  • oibríonn tú i Stát na hÉireann agus íocann tú cáin agus árachas sóisialach (ÁSPC) anseo
  • oibríonn tú 38 uair an chloig nó níos mó gach coicís
  • is féidir leat uaireanta an chloig ó phoist éagsúla a chur le chéile le fad 38 uair an chloig gach coicís a dhéanamh
  • is féidir leat d’uaireanta an chloig seachtainiúla a shuimiú freisin leis na huaireanta an chloig a d’oibrigh do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir
  • ní féidir leat úsáid a bhaint as am a caitheadh i bhféinfhostaíocht nó i bhFostaíocht Pobail, Gateway, TÚS, JobBridge nó sa Scéim Shóisialta Tuaithe
  • is dóchúil go mairfidh do phost ar feadh ar a laghad 3 mhí
  • tá ar a laghad leanbh amháin agat a chónaíonn leat de ghnáth. Caithfidh do leanbh a bheith níos óige ná 18 mbliana d’aois nó idir 18 mbliana agus 22 bliain d’aois agus a bheith in oideachas lánaimseartha. Chun teacht ar eolas breise ar Leanaí Cleithiúnacha, cliceáil anseo, le do thoil.
  • tuilleann tú níos lú ná an méid a leagtar amach de réir do lín tí

Faoi rialacháin an AE, b’fhéidir go mbeidh tú in ann ÍTO a éileamh má tá do leanaí ag cónaí thar lear agus ag brath ort.

Ní féidir leat Íocaíocht Teaghlaigh Oibre a fháil má tá tú rannpháirteach i Scéim Fostaíochta Pobail nó i bhformhór na scéimeanna poist eile. B’fhéidir go gcáileoidh tú d’Íocaíocht Teaghlaigh Oibre má tá páirt á glacadh agat i dTionscnamh Poist nó sa Chlár Seirbhísí Pobail.


Ráta íocaíochta

Is ionann an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre a fhaigheann tú agus 60% den difríocht idir do mheánioncam seachtainiúil teaghlaigh agus an teorainn ioncaim a bhaineann le do theaghlach. Is é do mheánioncam teaghlaigh do thuilleamh iomlán lúide cáin, árachas sóisialach fostaí (ÁSPC), Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU), ranníocaíochtaí pinsin/aoisliúntais agus aon ioncam eile atá ag do theaghlach.

Íoctar Íocaíocht Teaghlaigh Oibre go díreach isteach i do chuntas reatha nó cuntas taisce ag do bhanc nó cumann foirgníochta. Ní féidir é a íoc isteach i gcuntas morgáiste. Íocfar aon Íocaíocht Teaghlaigh Oibre dá gcáilíonn tú ón gcéad Déardaoin i ndiaidh don rannóg d’fhoirm iarratais a fháil.

Déanfar athmheasúnú ort uair sa bhliain, áfach. Ní athrófar d’íocaíocht ar feadh bliana (52 seachtain) fiú má mhéadaítear nó má laghdaítear d’ioncam. Is féidir leat a iarraidh, áfach, go ndéanfar d’íocaíocht a athmheasúnú má bhaineann ceann amháin de na cásanna seo a leanas leat:

Cuirtear Íocaíocht Teaghlaigh Oibre san áireamh nuair a dhéantar measúnú ort do na teidlíochtaí seo:

  • forlíonadh cíosa nó morgáiste
  • tithíocht údaráis áitiúil

Teorainneacha ioncaim d'Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht ón 4 Eanáir 2024

Méid Teaghlaigh Teorainn Ioncaim Teaghlaigh Sheachtainiúil Teorainn Ioncaim Teaghlaigh Bhliantúil
Páiste amháin €645 €33,540
Beirt pháistí €746 €38,792
Triúr páistí €847 €44,044
Ceathrar páistí €938 €48,776
Cúigear páistí €1,064 €55,328
Seisear páistí €1,180 €61,360
Seachtar páistí €1,316 €68,432
Ochtar páistí €1,412 €73,424

Iarratas a dhéanamh

Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Teaghlaigh Oibre trí MyWelfare.ie. Is féidir le custaiméir a bhfuil cuntas bunúsach MyWelfare acu iarratas a sheoladh ach ní bhainfidh siad na tairbhí iomlána a bhaineann le cuntas cuntas deimhnithe MyGovId.

Glactar le hiarratais chéaduaire a sheoltar sa phost freisin. Seol iad chuig An Rannóg Éileamh Nua ar ÍTO leis an gcáipéisíocht tacaíochta ábhartha.

Foirm Iarratais: Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (WFP1)
Eagrán: Nollaig 2022
Amharc amharc

Duillíní Pá Samplach

Duillíní Pá Samplach


Teagmháil

Working Family Payment Section

Seoladh:
Working Family Payment Section, Department of Social Protection, St. Oliver Plunkett Road, Letterkenny, Co. Donegal, F92 T449
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

wfpnewclaims@welfare.ie

wfprenewals@welfare.ie

Teileafón:
0818 300600;
074 9164575
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.