Pleanáil Oiriúnaithe Earnála
- Foilsithe: 8 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Meitheamh 2024
Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, leagtar amach gníomhartha ar fud gach earnála den tsochaí lena gcinnteofar go gcomhlíonfaimid ár ngealltanais aeráide don bhliain 2030, rud a chuirfidh ar an mbóthar ceart sinn chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoin mbliain 2050.
Ar áireamh sa Phlean tá bearta oiriúnaithe aeráide chun a chinntiú go mbeidh an Stát in ann daoine a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide in Éirinn agus bearta chun teorainn a chur le haon damáiste a dhéanfar.
Leis na bearta sin, cuirtear leis an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe, agus seacht roinn rialtais i mbun 12 Phlean Oiriúnaithe Earnála a ullmhú:
- Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara
- Bithéagsúlacht
- An Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta
- Bonneagar Iompair
- Líonraí Leictreachais agus Gáis
- Líonraí Cumarsáide
- Bainistíocht Riosca Tuile
- Cáilíocht an Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce
- Sláinte
Sainaithnítear i ngach Plean na príomhrioscaí atá ann ar fud na hearnála agus an cur chuige atá á ghlacadh chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fhorbairt don todhchaí. Forbraíodh iad trí phróiseas pleanála oiriúnaithe sé chéim a chur i bhfeidhm, ar próiseas é atá tuairiscithe sna Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad.
Áirítear gníomhartha lena ndéantar na nithe seo a leanas leis na pleananna:
- an t-oiriúnú a phríomhshruthú isteach i bpríomhphleananna agus príomhbheartais earnála
- sainaithint a dhéanamh, agus tuiscint a ghnóthú, ar na príomhleochaileachtaí, na príomhrioscaí agus na príomhdheiseanna atá roimh earnálacha sonracha agus ar mhór-rioscaí a théann i bhfeidhm ar roinnt earnálacha difriúla
- a chinntiú go ndéantar pleanáil straitéiseach éigeandála a dhíonadh ó thaobh na haeráide de
- faisnéis a shainaithint agus a bhailiú faoi na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an oiriúnú laistigh d’earnálacha sonracha
- cur leis an acmhainn atá ann laistigh d’earnálacha chun déileáil leis an athrú aeráide
- sainaithint a dhéanamh ar na príomhbhearnaí taighde atá ann laistigh dá n-earnálacha agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin
- feabhas a chur ar chomhordú leis an earnáil rialtais áitiúil
- córais chuí faireacháin agus fíorúcháin a fhorbairt laistigh d’earnálacha