Comhairliúchán ar an dearadh ar an Oibleagáid Teasa Inathnuaite
- Foilsithe: 15 Lúnasa 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 15 Lúnasa 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 6 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
D’aontaigh an Rialtas le hOibleagáid ar an Earnáil Teasa a thabhairt isteach faoin mbliain 2024. Leis an Oibleagáid sin, tabharfar dreasacht do sholáthraithe breoslaí áirithe san earnáil teasa a chinntiú gurb inathnuaite atá céatadán den bhreosla a sholáthraíonn siad.
Agus úsáid á baint as an aiseolas ón gcomhairliúchán a sheolamar roimhe sin, rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cleachtadh scóipe chun scrúdú a dhéanamh ar struchtúir agus paraiméadair fhéideartha na hOibleagáide. De réir mar a fhéachaimid leis an Oibleagáid a fhorbairt tuilleadh, ba mhaith linn cluinstin ó pháirtithe leasmhara agus aiseolas a fháil ar na paraiméadair sin.
Tá an Roinn tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Níl sna seasaimh atá leagtha amach sa chomhairliúchán seo ach seasaimh bheartaithe amháin. Ní dhearnadh aon chinntí deiridh go fóill maidir leis an struchtúr a bheidh ar an Oibleagáid ná maidir leis an dóigh a riarfar í. Úsáidfear an t-aiseolas a gheofar mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo chun bonn eolais a chur go díreach faoi aon chinntí a dhéanfar le linn an phróisis fhoriomláin forbartha agus deartha.
D’fhorbraíomar suirbhé ar líne chun aiseolas a ghabháil, agus chuirfimis fáilte ar leith roimh thuairimí ó sholáthraithe teasa nó ó aon duine a bhfuil spéis aige/aici i dtionscal breosla inathnuaite na hÉireann.
Cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí go dtí 5.30pm Dé Luain an 9 Deireadh Fómhair 2023.
Dá mba mhaith leat an suirbhé comhairliúcháin a chomhlánú i bhformáid chruachóipe, nó trí Ghaeilge, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig RenewableHeatObligation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist ag:
An Rannán Beartais Teasa
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29 – 31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath,
D02 X285
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur go díreach faoin dearadh deiridh ar an Oibleagáid Teasa Inathnuaite.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaimid a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.