English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an Dréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht, Tuarascáil Chomhshaoil and Ráiteas Tionchair Natura

Consultation is closed

D'ullmhaíomar Dréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht agus Mianadóireacht Mianraí. Ba cheart an Ráiteas Beartais creat beartais soiléir agus inbhuanaithe a bhunú a thacaíonn lenár bpobail, ár gcomhshaol, ár n-aeráid agus ár n-earnáil taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta.

Rinneadh freisin Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnacht Chuí ar an Dréacht-Ráiteas Beartais seo.

Táimid ag lorg tuairimí ar an:

  • Dhréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht
  • Tuarascáil Chomhshaoil (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil)
  • Ráiteas Tionchair Natura (Measúnacht Chuí)

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó chách agus cuirfear san áireamh iad nuair atá an Ráiteas Beartais á chur i gcrích.

Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí 5:30 i.n. 15 Deireadh Fómhair 2021

Is féidir aighneachtaí a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: GSPD@decc.gov.ie

Sin nó is féidir aighneachtaí agus freagraí a chur sa phost chuig an seoladh seo a leanas, agus ‘Comhairliúchán ar thaiscéalaíocht mianraí agus mianadóireacht’ ar an gclúdach:

An Rannán um Pholasaí Geo-eolaíochta

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath, D02 X285

Éire

Mar gheall ar na socruithe oibre atá ann faoi láthair a bhaineann le COVID-19, mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar na doiciméid thíos agus má theastaíonn iniúchadh uait in oifigí DECC, scríobh chuig an seoladh poist nó seol ríomhphost chugainn ag úsáid na sonraí thuas.


Dhréacht-Ráiteas Beartais

Cuimsíonn an dréacht-Ráiteas Beartais seo raon ceisteanna a bhaineann leis an earnáil taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta ar nós ról na mianraí inár saol laethúil agus ár n-aistriú go hastaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha; rialú na hearnála, an chaoi a gcuireann an earnáil le beartais eile náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta a bhaint amach chomh maith le dréachtbheartas, príomhphrionsabail agus príomhthosaíochtaí a leagan amach don earnáil.

Féachtar freisin le creat beartais soiléir agus inbhuanaithe a leagan síos a thacaíonn lenár bpobail, ár gcomhshaol, ár n-aeráid agus ár n-earnáil taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta.

Áirítear sa dréacht-ráiteas beartais seo:

  • Forbhreathnú gairid ar thábhacht na mianraí
  • Comhthéacs beartais do thaiscéalaíocht mianraí agus mianadóireacht
  • An creat rialála lena rialaítear taiscéalaíocht mianraí agus mianadóireacht in Éirinn
  • Beartas agus prionsabail don taiscéalaíocht mianraí agus mianadóireacht in Éirinn agus san Aontas Eorpach
  • Aguisíní ina dtugtar níos mó sonraí faoi shainmhíniú dlí ar mhianraí, cúlra na taiscéalaíochta mianraí agus na mianadóireachta chomh maith le rannpháirtíocht idirnáisiúnta na hÉireann i bhfoinsiú inbhuanaithe agus freagrach mianraí agus mianadóireachta a spreagadh agus a mhaoirsiú go gníomhach
Dréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht
Amharc amharc

Measúnú Straitéiseach Comhshaoil

I gcomhréir le Threoir 2001/42 /CE an AE agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2004 (IR 435 de 2004), arna leasú, rinneadh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil ar an Dréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht. Tá a thorthaí leagtha amach i dTuarascáil Chomhshaoil.

SEA Environmental Report for the Policy Statement on Mineral Exploration and Mining
Amharc amharc

Measúnacht Chuí

I gcomhréir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, arna leasú, scagadh an Dréacht-Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht le haghaidh Measúnacht Chuí. Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura le haghaidh comhairliúcháin.

Natura Impact Statement for the Policy Statement for Mineral Exploration and Mining
Amharc amharc

Seisiúin Faisnéise agus Halla Baile

Reáchtáladh seisiúin fhíorúla an 20, 22 agus 25 Meán Fómhair 2021 chun faisnéis a sholáthar faoi na trí dhoiciméad seo agus conas aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán seo.

Reáchtáladh halla baile do pháirtithe leasmhara an 6 Deireadh Fómhair 2021. Thug an halla baile seo deis do pháirtithe leasmhara éagsúla a dtuairim a chur in iúl ar an dréachtráiteas beartais agus ar earnáil taiscéalaíochta agus mianadóireachta mianraí na hÉireann, tuairimí a mhalartú le páirtithe leasmhara eile agus plé oscailte a bheith acu ar an dréachtráiteas beartais agus ábhair ghaolmhara eile.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do phlé le páirtithe leasmhara ar bhealach atá soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht.

Beidh freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007–2018.

Ba cheart faisnéis rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a shainiú go soiléir san aighneacht, ach ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil freagra ar bith nó gach freagra ar an gcomhairliúchán faoi réir, ina n-iomláine, fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus go bhfoilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Trí fhreagra a chur chuig an gcomhairliúchán, toilíonn na freagróirí dá n-ainm a fhoilsiú ar líne leis an aighneacht. Tabhair le fios i do fhreagra, le do thoil, cé acu freagra i gcáil phearsanta nó freagra thar ceann eagraíochta atá á chur ar aghaidh agat. Folóidh an Roinn seoltaí pearsanta agus seoltaí ríomhphoist pearsanta roimh an bhfoilsiú. Ní dhéanfar atheagrú ar bith ar shonraí teagmhála ná ar ainmneacha in aighneachtaí ó eagraíocht. Tarraingímid aird ar ráiteas príobháideachais na Roinne: “Éilíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar fhreagróirí sonraí pearsanta faoi leith a chur ar fáil chun seirbhísí a sholáthar agus tabhairt faoi fheidhmeanna na Roinne. Féadtar do shonraí pearsanta a mhalartú le Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile i gcúinsí áirithe, i gcás inar dleathach. Tá na sonraí iomlána le fáil inár bhFógra Príobháideachais Sonraí.”