Comhairliúchán ar an Ráiteas Straitéise 2025-2028 ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
- Foilsithe: 13 Márta 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 13 Márta 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 11 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí faoin gcéad Ráiteas Straitéise eile ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Cúlra
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i mbun an Ráiteas Straitéise uaithi don tréimhse 2025-2028 a ullmhú de réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997. Tá obair ár Roinne bunaithe ar na réimsí téamacha seo a leanas: gníomhú ar son na haeráide agus comhshaol; ár n-acmhainní nádúrtha a chosaint; agus fuinneamh, lena n-áirítear slándáil, inbhuanaitheacht, iomaíochas agus inacmhainneacht.
Boinn eolais faoi fhorbairt an Ráitis Straitéise uainn a bheidh sna gealltanais a thugtar i gClár an Rialtais, sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i mbeartais ábhartha eile.
Mar chuid den phróiseas forbartha, tugtar cuireadh duit chun do thuairimí a chur in iúl, rud a d’fhéadfadh tuilleadh eolais a dhéanamh d’fhorbairt an chéad Ráitis Straitéise eile uainn. Is féidir an Ráiteas Straitéise reatha uainn, dar teideal 'Le Chéile 25', a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne mar eolas.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm Dé hAoine an 11 Aibreán 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig nó le casadh an phoist chuig:
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig SIU@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An tAonad Cur Chun Feidhme Straitéiseach
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Tom Johnson,
Bóthar Haddington,
Baile Átha Cliath 4
D04 K7X4
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an Ráiteas Straitéise.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Déanfaidh an Roinn breithniú cúramach ar gach barúil agus moladh a gheofar agus foilseoidh sí freagra ar an gcomhairliúchán. Mar gheall ar an líon barúlacha a bhfuiltear ag súil leo agus ar éagsúlacht na mbarúlacha sin, níl sé ar intinn ag an Roinn freagra a thabhairt ar aon aighneachtaí aonair. Mar sin féin, grúpálfaidh sí na freagraí le chéile agus tabharfaidh sí freagra foriomlán ar gach topaic comhairliúcháin.
Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú