Comhairliúchán ar an Treoir maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 15 Deireadh Fómhair 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 29 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Deireadh Fómhair 2024
Consultation is closed
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar na forálacha den Treoir nua maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais (Treoir (AE) 2024/1711) lena dtugtar roghanna do na Ballstáit agus tuairimí a lorg chun cabhrú le trasuí féideartha na bhforálacha roghnacha sin isteach i ndlí na hÉireann.
Cúlra
I mí an Mhárta 2023, chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair chun leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas Eorpach, ag eascairt as na praghsanna an-ard leictreachais a chonacthas ó dheireadh na bliana 2021. Rinneadh bearta leanúnacha ar leibhéal an Aontais ó thosaigh praghsanna ag méadú sa bhliain 2021, agus é mar aidhm leo na Ballstáit a chumasú a dtomhaltóirí leictreachais a chosaint ar chostais mhéadaitheacha agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit déanamh amhlaidh. I gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, léirigh dearadh an mhargaidh leictreachais san Eoraip go raibh roinnt easnamh agus iarmhairtí neamhthuartha ann a bhain leis an tionchar a bhí ag praghsanna arda luaineacha breoslaí iontaise ar mhargaí leictreachais gearrthéarmacha, rud a d’fhág nach raibh cosaint ag teaghlaigh agus gnóthais ar mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna agus ar na héifeachtaí a chonacthas mar gheall orthu ina mbillí leictreachais. Mar thoradh air sin, le linn na bliana 2023, chuaigh an Chomhairle Eorpach agus an Pharlaimint i mbun plé chun teacht ar fhoclaíocht deiridh an phacáiste reachtaigh atá ceaptha chun na heasnaimh sin a leigheas agus chun margadh leictreachais na hEorpa a dhéanamh slán i bhfad na haimsire.
Foilsíodh an Treoir, a d’eascair as an idirbheartaíocht sin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 26 Meitheamh 2024, agus tháinig sí i bhfeidhm dhá sheachtain ina dhiaidh sin. Is é aidhm na Treorach an tomhaltóir a chur i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan. Tríd is tríd, is féidir an Treoir a roinnt ina bearta atá ceaptha chun cosaint tomhaltóirí leictreachais a fheabhsú, ina bearta atá ceaptha chun tomhaltóirí leictreachais a chumhachtú a thuilleadh sa mhargadh, agus ina bearta lena n-éascaítear tuilleadh solúbthachta chun freastal ar an sciar méadaitheach d’fhuinneamh in-athnuaite san eangach.
Tá roinnt roghanna ar fáil do na Ballstáit faoin Treoir, ar forálacha iad lena dtugtar solúbthacht nó lánrogha do na Ballstáit agus iad ag cinneadh cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad eilimintí áirithe den Treoir chun feidhme agus conas a chuirfidh siad na heilimintí sin chun feidhme. Is maidir leis na roghanna sin atá an Roinn ag dul i gcomhairle. Tá sé de rún againn na moltaí a eascróidh as an gcomhairliúchán seo a chur san áireamh agus sinn ag déanamh breithniú ar thrasuí na Treorach seo isteach i ndlí na hÉireann.
Comhairliúchán
Is é atá sa doiciméad comhairliúcháin ná tábla trí cholún atá leagtha amach in Agusín I an doiciméid. Is é atá sa chéad cholún ná sliocht as an Treoir ina bhfuil an rogha lena mbaineann. Is é atá sa dara colún ná nóta faisnéise cúlra ar an bhforáil lena mbaineann, mar aon le ceist stiúrtha a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do gheallsealbhóirí nó do pháirtithe leasmhara agus freagra á chur le chéile acu. Tá an tríú colún folamh. Is féidir le geallsealbhóirí nó le páirtithe leasmhara an colún sin a úsáid chun freagra nó aiseolas a thabhairt ar an rogha lena mbaineann.
Cé go bhfuil an comhairliúchán seo dírithe ar na forálacha lena dtugtar roghanna do na Ballstáit, féadfaidh geallsealbhóirí tuairim a chur in iúl maidir leis an Treoir agus an trasuí i gcoitinne sa bhosca ag bun an doiciméid comhairliúcháin.
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig EMDconsultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Rannán um Beartas agus Rialáil Fuinnimh Miondíola
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Tom Johnson
Bóthar Haddington
D04K7X4
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm Dé Luain an 9 Nollaig 2024.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Thearcrochtain Fuinnimh.
- Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú