English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an Tuarascáil Chomhshaoil SEA don Bhille um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021

Consultation is closed

Tacóidh an Bille um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 le haistriú na hÉireann go dtí an neodracht charbóin agus cuideoidh sé linn geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide a bhaint amach faoi 2050. Cruthóidh sé creat ceangailteach ó thaobh dlí ina mbeidh spriocanna soiléire agus tiomantais shoiléire reachtúla leagtha síos, agus cinnteoidh sé go mbeidh na struchtúir agus na próisis riachtanacha leabaithe ar bhonn reachtúil d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonaimid ár gcuspóirí agus ár n-oibleagáidí aeráide náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta sa ghearrthéarma agus go fadtéarmach.

De réir Threoir 2001/42 /CE an AE agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2004 (IR 435 de 2004), arna leasú, rinneadh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA) ar an mBille agus tá a thorthaí leagtha amach i dTuarascáil Chomhshaoil.

Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a roinnt ar an mBille um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus ar an Tuarascáil Chomhshaoil a ghabhann leis thíos.

Is é an spriocdháta d’aighneachtaí 5.30in an 7 Iúil 2021.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig SEAClimateConsultation@decc.gov.ie nó sa phost chuig:

Comhairliúchán ar Thuarascáil Chomhshaoil an SEA don Bhille um um Ghníomhú agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021

An Rannán um Ghníomhú Aeráide

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2, D02 X285

Strategic Environmental Assessment: Climate Action and Low Carbon Development (Amendment) Bill 2021-Draft for Consultation
Amharc amharc

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do phlé le páirtithe leasmhara ar bhealach atá soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Bhille um Ghníomhaíocht Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a fhaightear don phróiseas comhairliúcháin seo a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe na míreanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó iad a fhoilsiú ar bhealach eile a chur in iúl go soiléir.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachta Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.