English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Chistí Tairbhe Pobail faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite

Consultation is closed

Cuid dhílis den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), a bhfuil mar aidhm léi tacaíocht a sholáthar do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn, is ea an ceanglas chun Ciste Tairbhe Pobail a bhunú atá le húsáid le leas an phobail atá i ngaireacht don tionscadal. Socraítear an ranníocaíocht sin ag €2 in aghaidh na meigeavatuaire (MWh).

Is é aidhm Chiste Tairbhe Pobail RESS a chinntiú go mbainfidh pobail áitiúla a óstálann tionscadail fuinnimh in-athnuaite tairbhe as aistriú fuinnimh na hÉireann. Féadfaidh pobail áitiúla agus gineadóirí araon tairbhe a bhaint as creat lena ndéantar caidreamh táirgiúil a spreagadh agus a éascú.

Aithníodh an gá le tuilleadh treorach maidir le Cistí Tairbhe Pobail a bhunú agus a oibriú, d’ainneoin na mbun-treoirlínte éigeantacha lena rialaítear oibriú na gcistí atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha a ghabhann le gach ceant ar leith faoi RESS. Dá réir sin, d’fhoilsigh an Roinn an chéad Lámhleabhar maidir le Prionsabail Dea-Chleachtais sa bhliain 2021, rud ina dtugtar tuilleadh treorach do gheallsealbhóirí na gCistí.

Ón uair sin i leith, tá na chéad tionscadail ar tacaíodh leo sa chéad cheant faoi RESS (RESS 1) i mbun oibre tráchtála, agus tá na chéad Chistí Tairbhe Pobail cláraithe agus tá siad tar éis tosú ar thionscadail áitiúla a chistiú ina limistéir áitiúla.

Leis an taithí a gnóthaíodh trí na chéad Chistí Tairbhe Pobail a bhunú, tugadh deis machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh, ar na nithe ar éirigh leo agus ar na dúshláin a bhí i gceist le Cistí Tairbhe Pobail a bhunú. Tá sé cuí, dá bhrí sin, comhairliúchán poiblí a sheoladh anois chun aiseolas a bhailiú ó na geallsealbhóirí uile d’fhonn Leabhar Rialacha nua um Chistí Tairbhe Pobail ina bhfuil treoir nuashonraithe a fhoilsiú agus Téarmaí agus Coinníollacha RESS 5 a mhodhnú ó Théarmaí agus Coinníollacha RESS 4.

D’fhorbraíomar roinnt tograí, agus aird á tabhairt ar cheachtanna a foghlaimíodh ón uair a chuaigh na chéad Chistí Tairbhe Pobail i mbun oibre i leith agus ar aiseolas roimhe a fuarthas ó gheallsealbhóirí difriúla. Is é aidhm an chomhairliúcháin aiseolas a fháil ó gheallsealbhóirí ar na gnéithe beartaithe sin de na Téarmaí agus Coinníollacha agus Leabhar Rialacha nua um Chistí Tairbhe Pobail a thabhairt isteach a fhéachann lena chinntiú go ndéanfar Cistí Tairbhe Pobail a sholáthar ar bhealach níos soiléire agus níos éifeachtaí faoi RESS.


Uasdátú 13 Feabhra 2025

Reáchtáil an Roinn imeacht eolais geallsealbhóirí maidir leis an gcomhairliúchán ar Chistí Tairbhe Pobail faoi RESS an 5 Feabhra 2025.

Leis an imeacht, a bhí á reáchtáil i bhformáid hibrideach ar líne agus i bpearsa ag ceannáras na Roinne i mBaile Átha Cliath, lorgaíodh ionchur ó gheallsealbhóirí maidir le gnéithe de Chistí Tairbhe Pobail faoi RESS atá beartaithe. Áiríodh leis cur i láthair ón Roinn agus seisiún 'ceist agus freagra'. Tá na sleamhnáin a cuireadh i láthair ar an lá, mar aon le achoimre ar an seisiún C&F san áireamh thíos.

Community Benefit Funds under RESS Stakeholder Event Presentation
Amharc amharc

Uasdátú an 7 Feabhra 2025

I bhfianaise thionchar Stoirm Éowyn ar limistéir a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de bharr thorthaí an chomhairliúcháin seo, tá an Roinn ag cur síneadh ama leis an dáta deiridh go dtí 5.30pm Dé hAoine an 7 Márta 2025.


Uasdatú an 15 Eanáir 2025

Óstálfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide imeacht rannpháirtíochta geallsealbhóirí i bhformáid hibrideach chun tacú leis an gcomhairliúchán. Is féidir freastal ar líne nó i bpearsa inár gceannáras, i dTeach Tom Johnson, Bóthar Haddington, D04 K7X4 Dé Céadaoin, an 5 Feabhra 2025. Eanáir 2025

Toisc go bhfuil líon teoranta áiteanna ar fáil, caithfidh an lucht freastail a bhfreastal a chlárú tríd na naisc thíos:

Clárú ar líne anseo

Clárú i bpearsa anseo

Má tá comharthóir ateangaire de dhíth ort, seol ríomhphost chugainn ag


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí faoi na modhnuithe beartaithe sna Cistí Tairbhe Pobail faoi RESS, rud lena n-áirítear athruithe féideartha sna Téarmaí agus Coinníollacha atá beartaithe do RESS 5 ó Théarmaí agus Coinníollacha RESS 4, mar aon le Leabhar Rialacha nua um Chistí Tairbhe Pobail a thabhairt isteach.

Óstálfaimid ceardlann do gheallsealbhóirí i bhformáid hibrideach – go pearsanta agus ar líne, le linn na tréimhse comhairliúcháin. Foilseofar sonraí an imeachta seo go luath in 2025. CBFConsultation@decc.gov.ie


Cúlra

Shocraigh an Rialtas sprioc go nginfí 80% dár leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030, lena n-áirítear sprioc shonrach go soláthrófaí toilleadh 9 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh agus toilleadh 8 GW d’fhuinneamh gréine. Ceann de phríomhshásraí an Rialtais chun na spriocanna sin a chomhlíonadh is ea an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), rud a bhfuil sraith ceantanna iomaíocha atáthar ag seoladh ón mbliain 2020 i leith mar shaintréith de.

Mar chuid de Théarmaí agus Coinníollacha RESS, ní mór do ghineadóirí Ciste Tairbhe Pobail a bhunú atá le húsáid le leas an phobail atá i ngaireacht don tionscadal. Is é aidhm Chiste Tairbhe Pobail RESS a chinntiú go mbainfidh pobail áitiúla a óstálann tionscadail fuinnimh in-athnuaite tairbhe as aistriú fuinnimh na hÉireann.


Conas aighneacht a dhéanamh

Tá an Páipéar Comhairliúcháin ar fáil lena n-íoslódáil thíos.

Community Benefit Funds under the Renewable Electricity Support Scheme - Consultation Document
Amharc amharc

Cuireadh síneadh ama ar an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí go dtí 5.30pm Dé hAoine, an 7 Márta 2025

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig CBFConsultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Comhairliúchán ar Chistí Tairbhe Pobail

An Rannán um Leictreachas In-athnuaite

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Teach Tom Johnson,

Bóthar Haddington,

Baile Átha Cliath 4

D04 K7X4


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh de Théarmaí agus Coinníollacha RESS 5 agus den Leabhar Rialacha um Chistí Tairbhe Pobail faoi RESS.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Déanfaidh an Roinn breithniú cúramach ar gach barúil agus moladh a gheofar agus foilseoidh sí freagra ar an gcomhairliúchán. Mar gheall ar an líon barúlacha a bhfuiltear ag súil leo agus ar éagsúlacht na mbarúlacha sin, níl sé ar intinn ag an Roinn freagra a thabhairt ar aon aighneachtaí aonair. Mar sin féin, grúpálfaidh sí na freagraí le chéile agus tabharfaidh sí freagra foriomlán ar gach topaic comhairliúcháin.

Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú