Comhairliúchán ar dhearadh agus cur chun feidhme an cheant faoin tríú Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ar Talamh (STLI 3).
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Deireadh Fómhair 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 16 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2024
Consultation is closed
Leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (STLI), tugtar tacaíocht do thionscadail leictreachais inathnuaite in Éirinn. Agus í dírithe go príomha ar chost-éifeachtúlacht, comhlíontar leis an scéim raon an-leathan cuspóirí beartais, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- slándáil fuinnimh agus inbhuanaitheacht fuinnimh na hÉireann a mhéadú agus cost-éifeachtúlacht an bheartais fuinnimh a chinntiú
- éagsúlacht teicneolaíochta a mhéadú tríd an meascán teicneolaíochta leictreachais inathnuaite a leathnú
- beartas uaillmhianach leictreachais inathnuaite a sholáthar suas go dtí an bhliain 2030
Tá giniúint leictreachais inathnuaite ar cheann amháin de na gnéithe is tábhachtaí dár ngníomhaíocht i réimse an tsuaite aeráide agus de 'réabhlóid foinsí fuinnimh inathnuaite' a sholáthar, mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais.
Beidh an ceant faoin tríú Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ar talamh, STLI 3, ina mhórchéim chun tosaigh i dtreo an uaillmhian atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 a bhaint amach – is é sin go dtiocfaidh suas le 80% d’fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite faoin mbliain 2030 agus go mbeidh ár dtoilleadh gaoithe ar talamh cothrom le suas le 8 GW – agus i dtreo an uaillmhian nuashonraithe faoi na hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála athbhreithnithe a bhaint amach – is é sin go mbeidh ár dtoilleadh gréine cothrom le suas le 5.5 GW. Le STLI, cinntítear go bhfuilimid ar an mbóthar ceart chun na spriocanna uaillmhianacha aeráide atá againn a bhaint amach agus réitítear an bealach le haghaidh margadh leictreachais inathnuaite atá cost-éifeachtúil agus rathúil a sholáthar. Tacóidh sé sin le fás an gheilleagair ghlais, cruthóidh sé deiseanna oibre inbhuanaithe agus, ar deireadh, rachaidh sé chun tairbhe don tomhaltóir de réir mar a éiríonn foinsí fuinnimh inathnuaite níos cost-éifeachtúla agus de réir mar a mhéadaíonn siad slándáil fuinnimh na hÉireann.
Gealltar i gClár an Rialtais ceantanna STLI a reáchtáil ag eatraimh mhinice ar feadh thréimhse feidhme na scéime. Ar an tslí sin, beidh Éire in ann leas a bhaint as an laghdú ar chostais teicneolaíochta agus seachnóidh sí ardchostais bhuana do thomhaltóirí.
Chuireamar na ceachtanna a foghlaimíodh ó STLI 2 san áireamh agus an dearadh ardleibhéil ar an tríú Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ar Talamh á fhorbairt againn. Tá sé beartaithe na Téarmaí agus Coinníollacha a forbraíodh do STLI 2 a bheachtú trí thacar teoranta sonrach athruithe a dhéanamh do STLI 3.
Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe ná aiseolas a fháil ó gheallsealbhóirí ar na gnéithe beartaithe sin de na Téarmaí agus Coinníollacha a d’fhéadfadh bac a chur ar thionscadail leictreachais inathnuaite a sholáthar ar bhealach éifeachtúil cost-éifeachtúil faoi STLI 3.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná an 16 Nollaig 2022
Tugadh fógra do na baill de Liosta Seachadta STLI faoin gcomhairliúchán seo. Chun go gcuirfear thú le Liosta Seachadta STLI ar mhaithe leis an eolas is deireanaí a fháil ar STLI, seol ríomhphost chuig ress@decc.gov.ie.
Ba cheart aighneachtaí maidir leis an gcomhairliúchán seo a sheoladh le ríomhphost chuig RESS3Consultation@decc.gov.ienó le casadh an phoist chuig:
An Comhairliúchán ar STLI 3
An Rannán um Leictreachas Inathnuaite
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, D02 X285
Teagmháil le Geallsealbhóirí
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, reáchtálfar ócáidí geallsealbhóirí chun na tograí a phlé ar shlí níos mine agus chun geallsealbhóirí a chumasú rannchuidiú leis an dearadh deiridh ar STLI 3.
Fógrófar dátaí do na hócáidí sin go luath agus foilseofar ar an suíomh Gréasáin seo iad. Eiseofar fógra chucu sin ar Liosta Seachadta STLI freisin.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár gCosaint Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.