English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar dhearadh agus cur i bhfeidhm an cheant don dara Scéim Tacaíochta Leictreachais In-Athnuaite ar an gcladach (RESS 2)

Consultation is closed

Cuireann an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-Athnuaite (RESS) tacaíocht ar fáil do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn. Dírítear go príomha ar chost-éifeachtúlacht agus cuireann an RESS réimse níos fairsinge cuspóirí beartais ar fáil, an méid seo a leanas ina measc:

  • Creat Cumasaithe a sholáthar do Rannpháirtíocht an Phobail trí chosáin agus tacaíochtaí a sholáthar do phobail chun páirt a ghlacadh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite
  • éagsúlacht teicneolaíochta a mhéadú tríd an meascán teicneolaíochta leictreachais in-athnuaite a leathnú
  • beartas uaillmhianach leictreachais in-athnuaite a sholáthar go dtí an bhliain 2030
  • slándáil fuinnimh, inbhuanaitheacht fuinnimh a mhéadú agus cost-éifeachtúlacht bheartas fuinnimh a chinntiú

Gné lárnach é leictreachas in-athnuaite dár ngníomh maidir le cur isteach ar an aeráid agus ‘réabhlóid athnuaiteán’ a sholáthar, faoi mar a leagtar amach i gClár an Rialtais. Céim mhór chun cinn a bheidh i gceantar RESS 2 chun an uaillmhian a bhaint amach a leagtar amach i gClár an Rialtais go mbeidh leictreachas in-athnuaite i gceist le 70% den leictreachas, ar a laghad, faoin mbliain 2030. Tacóidh sé, freisin, leis an uaillmhian mhéadaithe a bhaint amach a leagtar amach faoin mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus na beartais agus na bearta sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021. Cinntíonn Scéim RESS go bhfuil iarracht á déanamh againn ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach agus leagann sé an bhunchloch faoi mhargadh leictreachais in-athnuaite faoi rath agus cost-éifeachtúil. Tacóidh é seo leis an mborradh ar an ngeilleagar glas, cruthóidh sé deiseanna oibre inbhuanaithe agus, i ndeireadh na dála, rachaidh sé chun sochair an tomhaltóra de réir mar a éiríonn athnuaiteáin níos cost-éifeachtúla.

Geallann Clár an Rialtais ceantanna RESS a chur ar siúl go minic i rith shaolré na scéime. Ceadóidh seo d’Éirinn leas a bhaint as costais teicneolaíochta atá ag dul i laghad agus costais níos airde ‘a ghlasáil isteach’ i measc tomhaltóirí.

Is í aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar phríomhghnéithe na scéime agus dearadh deiridh RESS 2 a threorú. Is é 5.30i.n. ar an 20 Lúnasa 2021 an spriocdháta d’aighneachtaí.

Tá fógra tugtha againn do bhaill de Liosta Seoltaí RESS faoin gcomhairliúchán seo, más mian leat go gcuirfear san áireamh thú ar an liosta seo agus do spéis i gceantanna RESS a chlárú, déan teagmháil, le do thoil, le ress@decc.gov.ie. Beidh fógra á thabhairt againn freisin don ghrúpa seo nuair a bheidh scéim RESS2 tugtha chun críche.

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig RESS2Consultation@decc.gov.ie nó sa phost chuig:

Comhairliúchán RESS 2

An Rannán Beartais Leictreachais

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, D02 X285

Téarmaí agus Coinníollacha don Dara Iomaíocht faoin Scéim Tacaíochta do Leictreachas Inathnuaite Cáipéis Chomhairleoireachta
Amharc amharc
Dréacht ar Théarmaí agus Coinníollacha don Dara Iomaíocht faoin Scéim Tacaíochta do Leictreachas Inathnuaite
Amharc amharc

Nóta Tábhachtach ar Infheistíocht Saoránach

Creidimid go dtabharfar tacaíocht mhór do ghníomhú ar son na haeráide de réir mar a dhéanann saoránaigh infheistíocht phearsanta ina soláthar de bharr rannpháirtíocht mhéadaithe saoránach i dtionscadail leictreachais in-athnuaite. Leanaimid le himscrúdú a dhéanamh ar dheiseanna aghaidh a thabhairt ar na deiseanna infheistíochta seo agus forbairt bhreise a dhéanamh ar an bpacáiste iomlán rannpháirtíocht an phobail agus tairbhí ar aon dul le huaillmhianta aeráide na hÉireann chun astaíochtaí atá neodrach ó thaobh fuinnimh a bhaint amach faoi 2050 agus aghaidh a thabhairt ar Chomhaontú Glas na hEorpa.

Faoi mar ar gealladh dó i nDearadh Ardleibhéil RESS agus mar a leagtar béim bhreise air i gClár an Rialtais, tá sé ríthábhachtach go dtugtar an deis do phobail chun infheistiú i dtionscadal fuinnimh in-athnuaite. Ar an ábhar sin, beartaítear go mbeidh foirm d’infheistíocht saoránach/pobail san áireamh in RESS 2.

Leanaimid ag oibriú ar roghanna Infheistíochta Saoránach a fhorbairt. A luaithe a bheidh dóthain forbartha déanta orthu, foilseofar na sonraí agus osclófar comhairliúchán aonair lena chur ar chumas páirtithe leasmhara a dtuairim a nochtadh ar an scéim.

Foilseoidh EirGrid an t-amchlár tosaigh don cheant do chomórtas RESS 2 ina ról mar oibreoir an cheant an 22 Meitheamh 2021. D’fhéadfadh athrú teacht ar an amchlár seo ar feitheamh forbartha, comhairliúcháin agus cinnidh ar bhearta infheistíochta saoránach in RESS 2.


Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara

Cuirfear cruinniú eolais ar thionscadal RESS 2 ar siúl sna seachtainí amach romhainn. Fógrófar sonraí iomlána faoi dheireadh mhí an Mheithimh.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do phlé le páirtithe leasmhara ar bhealach atá soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den dara Scéim Tacaíochta Leictreachais In-Athnuaite ar an gcladach (RESS 2).

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a fhaightear don phróiseas comhairliúcháin seo a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe na míreanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó iad a fhoilsiú ar bhealach eile a chur in iúl go soiléir.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachta Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.